Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochbhreathnaitheach
béim ar droch- nó ionann is comhroinnte le breath
+
Tá sé an-drochbhreathnaitheach — drochshnua air, nó é an-bhánghnéitheach
Duine drochbhreathnaitheach é. Is furasta a aithinte duit é
TUILLEADH (3) ▼
Tá chuile dhuine ariamh acu sin drochbhreathnaitheach. Ach is beag an stró orthu ina dhiaidh sin. Níl ansin ach an gné craicinn atá orthu
Fuair sé dubhruaig agus tá sé an-drochbhreathnaitheach ina dhiaidh, ach is beag an dochar dó
Níl sí baol air chomh drochbhreathnaitheach leis an deirfiúr. Bás ar sliobarna críochnaithe í an deirfiúr. Níl ann ach go bhfuil sí i ndiaidh a chéile

Féach freisin

drochbhreathnaitheach in iontrálacha eile (3)

 
dealg
Chonaic mise í sin nuair a bhí sí ina cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí chomh craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-drochbhreathnaitheach. Shílfeá scaití nach mbeadh deoir fhola ar bith inti
 
Tá díshláinte ag dul don fhear, agus shílfeá nach bhfuil tada le cois na sláinte ag na gasúir ach an oiread. Tá siad suaite drochbhreathnaitheach, agus sílim gur minic ag éagaoineadh freisin iad
 
Ní raibh duine ar an bhfeadhain acu sin nach in é an chaoi a raibh siad: drochdhreach orthu. Nach bhfeiceann tú an ceann acu atá ansin thoir ag T. Ch. chomh drochbhreathnaitheach, chomh caite agus atá sí. Ach thiocfadh di sin a bheith chomh crua leis an miotal ina dhiaidh sin. Bíonn dreamanna daoine mar sin ann