Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fearthainn
Fuaim: /f′arhəɴ′/, /f′arəɴ′/
ainmfhocal, ainm Briathartha
Báisteach agus ag báisteach, ag báistigh an focal is mó atá ar rain, raining ar fud na Gaillimhe anois. Ach tá fearthainn ann fós, go háirid ar an Achréidh. I gcuislí ann 'sé a chloisfeá ar fad, ach is iomaí áit a bhfuil an dá fhocal, thart ar Bhaile an Chláir cuirim i gcás, agus síos go Tuaim, cé gur fearthainn is mó atá taobh thoir agus ó dheas de Thuaim. Ag fearúint adeir siad le ag báisteach in áiteachaí sa gceantar sin .i. ag Cúl Árann in aice an Turlaigh Mhóir. I gConamara fhéin, níl fearthainn baol ar seargtha, go háirid i leagan sheasta.
1.
báisteach; báisteach agus gaoth léithe.
+
(Is minic) doicheall (duifean) mór ar bheagán fearthainn(e) (fc. doicheall)
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan, tiocfaidh gaoth mhór agus tiocfaidh fearthainn; Imeoidh an solas as na réalta, as an ngréin agus as an ngealaigh …" As dán diaga — Trí Scóir a bhí an Naomh Joseph)
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfidh tú amuigh é lá fearthainne ná feothain — lá báistí na gála (fc. feothan)
Is diabhlaí an uair í le fearthainn agus le fliuchán — gála agus báisteach
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon aghaidh ar an aimsir i mbliana mura bhfuil ag Dia
2.
ag báisteach, nó ag cur bháistí.
·
Tá sé ag fearthainn anois — ag báisteach agus gaoth léithe go hiondúil
Tá sé ag séideadh fearthainne as gaoth anoir aduaidh

Féach freisin

fearthainn in iontrálacha eile (23)

+
Gheobhaidh tú fearthainn agus fearadh gráin anois. Is furasta a aithinte ar an spéir é. Ní thaitníonn na léasáin sin chor ar bith liom
TUILLEADH (1) ▼
Níl áireamh ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearadh gráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
 
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin ar chuma ar bith, uair chomh coimhthíoch seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliana é, le farra is fearthainn. Tá an aimsir ina círéabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
 
Uair bhreá a thiocfas as an bhfearthainn agus as an bhfearadh gráin seo, agus ó thiocfas sé ar bhreáichte chor ar bith, gheobhaidh tú tamall di. Tá air (aige) uair bhreá a thabhairt uaidh go ceann fada anois. Cothromacan síne na haimsire, nár chuala tú ariamh é.
 
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
+
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan; tiocfaidh gaoth mhór agus fearthainn. Imeoidh an solas de na réalta, den ghréin agus den ghealaigh" — as dán diaga a thosaíos: "Trí scóir a bhí an Naomh Joseph"
TUILLEADH (5) ▼
Lá fearthainne agus feothain a bhí ann — lá doininne agus gála; bhí gála agus báisteach ann i gcuideacht
M'anam nach bhfuil sé chomh hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feothain. Tá na boinn le tine aige faoi seo cheapfainn
Fanadh fear istigh lá fearthainne agus feothain. Is iomaí lá thairis aige. Dheamhan maith san obair, má bhíonn duine as a shláinte
D'fhéadfá lá fearthainne agus feothain a thabhairt air. Ní ligfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as ifreann. Ba daor a cheannaigh mise an lá sin
Ar ndóigh ní lá fearthainne ná feothain é le go bhfanadh sé istigh ag buachailleacht na splaince inniu. Scáth an brádáinín báistí sin. Séard a dhéanfadh sé maith dhó! Is trua ghéar nach raibh sé suas le mo linnse (nuair a bhí mise in m'óige)
 
fuar 2
Is millteach an aimsir í le fearthainn agus fearadh gráin. Lá fuar deallraithe é an lá inniu aríst
+
"Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn" — "is minic faitíos mór ar bheagán fearthainn"; is minic a bhíos drogall nó scáth mór roimh rud eicínt agus nuair a theagas sé, ní bhíonn sé leath chomh dona is a ceapadh roimh ré, fearacht daoine a mbeadh faitíos orthu go ndéanfadh sé an-tuairt bháistí agus go millfeadh sí gach uile rud, agus gur beag an bhrí í ina dhiaidh sin ach a dteagann sí
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an t-an-drochghotha air, ach ní dhearna sé brí ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
Shíl muid nach mbeadh aon seamaide féir ag gabháil linn nach mbeadh ina aoileach nuair a thosaigh sé ag caitheamh corrbhraon. Bhí cion chúig choca mhóinéir istigh ar an iothlainn agus gan slám dó (de) buailte os cionn a chéile againn an áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a tharlú isteach sula dtosaíodh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach féacha míle buíochas le Dia, gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
Bhí chuile dhuine rite anall as Sasana ar an gcéad iarraidh. Síleadh an uair sin go marófaí iad as éadan. Ach ba ghearr aríst go raibh an choisíocht chéanna anonn acu, agus níor maraíodh mórán acu ó shin. Ní cheapaim go bhfuil duine ar bith as an ruta seo maraithe ná ar iarraidh. Dhá dhonacht dá raibh sé, ní raibh sé baol air chomh dona is a rinne daoine amach i dtosach. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn arsa tusa
B'fhurasta a gcur amach ainneoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rompu. Níl aird acu siúd ar thada ach a ngnaithe féin a dhéanamh. Shuigh an sagart óg thíos ar an tinteán théis an aifrinn mar a dhéanfadh fear den bhaile. Ní raibh call dúinn a leathoiread téisclim ná anró a chur orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh chaon tsórt a bheith ar deil ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar ndóigh ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mba ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirthi féin. 'Tá sé chomh maith aigesean agus atá sé againn féin,' adeir sí an trip deiridh. Sin í an cailín agat!
Bhí an-chaint ansin go mbeadh cogadh ann anuraidh, nuair a bhí na Poncáin ag iarraidh na gcaltaí ar de Valera. Diabhal aithne a bhí orthu timpeall anseo nach raibh siad landáilte sa gC. Ach faoi cheann seachtaine, níor fhan smid ar bith faoi. Diabhal an focal. Sin é an doicheall mór ar bheagán fearthainn. Ara bhí ealaín eicínt eile acu féin ann freisin le dallach dubh a chur ar na daoine. Sin í a gceird sin i gcónaí
Má b'fhíor go raibh chuile Éireannach i Sasana le tógáil agus le cur amach sa gcogadh den bhuíochas. Diabhal Éireannach ar bith a tógadh ar a shon sin mura raibh a chiontsiocair féin leis. Duine ar bith a bhí ag iarraidh fanacht as an arm b'fhurasta dhó a dhéanamh. Chonaic mise é. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn adeir siad. Ba é sin a fhearacht ag na hÉireannaigh i Sasana é. Bhí an tÉireannach in ann a rogha rud a dhéanamh i Sasana. Nach raibh na Sasanaigh ag creathadh ina gcraiceann rompu
Shíl mé go mbeadh sé ina ghleadhradh cheart. Bhí T. ag cur goití air fhéin, agus ag síneadh na lámha, agus níor thaise don fhear thall é: bhí sé ag caitheamh corrsmugairle tirim amach agus ag cur cor ina bhéal. Agus ar ndóigh bhí an chosmhuintir ann ansin, agus iad féin líofa chuig tosaí. 'Sé an faitíos is mó a bhí ormsa go mbrisfidís a raibh sa teach. Murach sin, níor mhiste liom dá mbeidís ag bualadh tuí shrathair ar a chéile go ceann seachtaine. Ach shuaimhnigh siad ar an toirt ina dhiaidh sin, théis an scanradh a bhí orm féin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn mar adúirt an ceann eile
Diabhal mé cupla bliain ó shin go gcuireadh an dream sin a bhíodh ag léamh na nuaíochtaí (páipéir) lán a gcruite d'fhaitíos ar na daoine. Bhí chuile shórt ar a ghainne agus ar a dhaoirse. Ní bheadh tada le fáil faoi cheann bliana. Dá seasadh an cogadh dhá bhliain, bheadh gorta ann, agus daoine ag fáil bháis. Ach tá sé ar srúill (siúl) cheithre bliana anois agus dheamhan duine a fuair bás le amhgar míle buíochas le Dia. Is minic an doicheall mór ar bheagán fearthainn ann freisin
 
Ba mhinic duifean mór ar bheagán fearthainn — ba mhinic doicheall mór ar bheagán fearthainn (seanfhocal, fc. doicheall. Deirtear duifean scaití i leaba doicheall, agus thiocfadh dhó gurb é is cirte freisin)
 
déan 1
Déanfaidh tú rud go deimhin. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn. Sin é a fhearacht agatsa é. Gaotaireacht uileag thú