Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feire
/f′er′ə/
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: feirí, feiríochaí
1.
eangaí a ghearrtar timpeall sna cantaí ag tóin bairille, tobáin daibhche srl. le go dtuillfidh an tóin isteach iontu, agus go mbéarfaidh sí greim orthu. Amuigh le ciumhais a bhíos an feire, agus is geall le sclamh ar dhéanamh V é.
+
Nuair a bhí an bairille tite thóg sé feire air. Ní raibh a fhios agam go dtí sin go raibh stuaim ar bith ann
Deir tú le céard a bhí sé a iarraidh? Deil. Theastaigh uaidh feire a thógáil ar thobán. Is fada ón stuaim an stocaireacht, adeirim féin: a theacht ag iarraidh deil anseo. ’Ar ndóigh ní deil a thógfas duit é ar aon chor
TUILLEADH (5) ▼
Tá an tóin ag titim dhe mar tá an feire caite. Is deacair feire a chur i mbairille. Duine deaslámhach a dhéanfadh é. Tá ceird air sin
Ní bheinnse dhá mheandar ag cur feire ansin, dhá mbeadh an deis agam. Iarann feire a theastódh uaim. Bíonn sé ag cúipéara. Is leis a chuireas sé feirí i mbairillí agus i dtobáin (iarann feire — acra a bhíos ag cúipéara leis an bhfeire a thógáil)
Níl fear ar bith a chinnfeadh air ag tógáil feiríochaí. Ní bheadh sé ala an chloig ag tógáil na daibhche sin anois duit. ’Sé an trua gan an dabhach sin a thógáil. Is breá an ball é. Níl air ach go bhfuil na cantaí caite roinnt ag an tóin. Dhéanfadh feire nua é chomh maith agus a bhí sé ariamh
Tá feire na tóna caite sa tobán
Tá an fonsa feire tite den dabhach — an fonsa nó an buinne ag an tóin
2.
a.
ciumhais nó caiseal ar rud ar bith go háirid má bhíonn bruach ard amuigh air .i. clár bácúis, an caiseal iarainn nó an fráma a bhíos ar lampa léitheoireachta leis an scáth a leagan anuas air, ráille le droichidín srl.
+
Céard a bhris an feire ar chlár an bhácúis — bíonn caiseal thart ar chiumhais an chláir agus sórt claise thart leis taobh istigh i gcóngar croí an chláir. Cothrom a bhíos an feire sin. Bíonn sé ar clár pota freisin go hiondúil
Ná leag an clár sin ar a fheire nó titfidh sé agus brisfear é
TUILLEADH (4) ▼
Dhéanfainn ciseoig ach níl mé in ann an feire a chur uirthi — an caiseal timpeall; an fhidh
Tá an feire seo ag éirí den tyre (tyre rothair; bíonn sórt feire lena chiumhais)
Tá an feire lúbtha ar an lampa. Ní féidir a lúbadh ar ais an féidir? Caithfear an feire ar fad a thabhairt go dtí an baile mór lena dheasú
Sin sé anois an obair, feire an lampa sin a thabhairt isteach Gaillimh agus amach aríst slán. Ní mór dó sin aire an linbh. Tá rud fánach in ann a chur as cor. Bean a mbeadh cléibhín ime aici a thabharfadh léithe ceart é
+
Tá droichidín na cora i ndáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigean Dé a shrian mé trasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú — ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí in áiteachaí
Ní bheadh a fhios ag duine cén pointe a dtabharfadh feire an stage (ardán: platform uaidh agus a gcaithfí anuas i ndiaidh a mullaigh gach is a raibh thuas air. Dhá gcaití fhéin, dheamhan mórán deora a shilfí i ngeall orthu
TUILLEADH (1) ▼
Tá feire curtha timpeall an umar baistí sa séipéal aige — ráille beag
·
Cén fáth an feire seo sa litir? — an stríoc poillíní a bhíos trasna ar chuid de na litreachaí i riocht is go mba éascaíocht é lena n-oscal
Cén chiall an feire sin a bheith sa mbosca? An ansin a théas an claibín air? groove
b.
ciumhais a chuireas gabha i gcrú le go dtuillfidh na tairní go cóiriúil ann (an rásáil).
·
Shílfeá gur beag an feire atá sa gcrú sin chor ar bith. Na bac le aon ghabha nach gcuirfidh slacht ar an rásáil muis
Dhéanfainn fhéin crú! Dhéanfadh fear ar bith é, ach céard a chuirfeadh feire agus cocáil ann? Sin é an buille a mharaigh an mhuic
c.
an áit a dtéann uachtair bhróg i bhfostú sa mbonn.
+
Níl aon deasú i ndán don bhróig sin. Tá sí imithe ón bhfeire. 'Sé an trua é. Ba bhreá an t-uachtar a bhí uirthi
Sin é an buille! Níl a fhios agam an féidir aon chaoi a chur uirthi. Tá an feire caite (bróig). Bróga ar bith a mbeidh na feirí caite iontu, tá siad ó chaoi. Mura dtugtá ag gréasaí í. Bíonn sceana feirí agus deiseannaí aigesean …
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le bróga an tsaoil seo. Ní fiú trumpa gan teanga iad. Imeacht ó na feiríochaí a níos siad ar fad
d.
eangaí i ndroim péiste (eangáilte) nó feithidigh den tsórt sin.
·
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d’éirigh amach chugam as íochtar bog thíos i nGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirthi. Tháinig sí aníos ón ngaineamh rua. Ní fhaca mé a macasamhail ariamh cheana — eangaí timpeall a droma
Tá brat de phéistí na bhfeirí sin ann: na heagailteachaí — bíonn feirí san eangailt

Féach freisin

feire in iontrálacha eile (16)

+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirthi (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithi féin
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
 
D'ionsaigh sí uirthi (capall) síos an bóthar sna feire glinnte
 
fonsa
'Sé an fonsa béil atá imithe den bhairille (an ceann uachtair). Is fhearr sin fhéin ná an fonsa feire (an ceann ag an tóin in aice leis an bhfeire).
 
dearmad 1
Fuinneoig Ch. and G. a mheabhraigh dhom é. Meas tú ar chuimhnigh mé ariamh ar chloigeann an lampa a thabhairt liom go bhfaighinn feire dhó. D'fhága mé sa mbaile i ndearmad é
 
Fear deaslámhach thusa bail ó Dhia ort! Diabhal mé go mb'fhéidir go mbeifeá in ann caoi a chur ar an mbróig seo. Chinn sí orm féin. Tá sí caite isteach go feire
 
deis
An bhfuil aon deis agatsa le tobán a thógáil. Tá na cláir agam, agus tá an feire ceart sa tóin, ach níl mé in ann a thógáil ina dhiaidh sin
 
diaidh
Níor chónaigh sí ag dul i ndiaidh a tónach gur leag sí brúisc den chlaí. Amach léithe ansin agus as go brách léithe sna feire glinnte. Ní fhaca tusa siúl faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithi. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn tráthnóna
 
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé sna feire glinnteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba deargchontúirt iad an uair sin ar chaoi ar bith agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinniúchaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orthu
 
dubh- 5
Tá an bhróig seo dubhchaite. Níl an feire féin inti anois
 
Níor fhéad mé aon chaoi a chur uirthi théis mo dhíchill. Tá an feire uileag réidh. B'fhéidir dhá dtugtá ag gréasaí maith í go ndeasódh sé fós í, ach drochsheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
 
dóigh 1
An bhfeiceann tú an péire bróg a cheannaigh mé achar is lú ná dhá mhí ó shin. Is maith an dóigh iad sin. Tá siad rodta idir bhoinn agus uachtair. Breathnaigh uirthi sin, ar son Dé ort! An feire féin níl inti
 
dóigh 3
Ab iad a dhó a rinne tú (bróga). Tá siad réidh ón bhfeire amach ar aon chor