1.
eangaí a ghearrtar timpeall sna canndaí ag tóin bairille, tubáin daibhche etc. le go dtuillfidh an tóin isteach ionta, agus go mbéarfaidh sí greim orra. Amuigh le ciúis a bhíos an feire, agus is geall le sclamh ar dhéanamh V é..
+–
Nuair a bhí an bairille tuithe thóg sé feire air. Ní raibh a fhios agam go dtí sin go raibh stuaim ar bith ann
Deir tú le céard a bhí sé a iarraidh? Deil. Theastuigh uaidh feire a thógáil ar thubán. Is fada ón stuaim an stucaireacht, adeirim féin: a theacht ag iarraidh deil annseo. 'Ar ndú' ní deil a thóigfeas duit é ar aon-chor
TUILLEADH (5) ▼
Tá an tóin ag tuitim dhe, mar tá an feire caite. Is deacair feire a chur i mbairille. Duine deaslámhach a dhéanfadh é. Tá ceird air sin
Ní bheinnse dhá mheandar ag cur feire annsin, dhá mbeadh an deis agam. Iarann feire a theastódh uaim. Bíonn sé ag cúipéara. Is leis a chuireas sé feirí i mbairillí agus i dtubáin (iarann feire = acra a bhíos ag cúipéara leis an bhfeire a thógáil)
Níl fear ar bith a chinnfeadh air ag tógáil feiríochaí. Ní bheadh sé ala an chloig ag tógáil na daibhche sin anois duit. Sén truaighe gan an dabhach sin a thógáil. Is breagh an ball é. Níl air ach go bhfuil na canndaí caite roint ag an tóin. Dhéanfadh feire nua é cho maith agus a bhí sé ariamh
Tá feire na tóna caite san tubán
Tá an fonnsa feire tuithe den dabhach = an fonnsa nó an buinne ag an tóin
2.
a.
ciúis nó caiseall ar rud ar bith go háirid má bhíonn bruach árd amuigh air .i. clár bácúis, an caiseall iarainn nó an fráma a bhíos ar lampa léitheoireachta leis "an scáth" a leagan anuas air, ráille le droichidín etc.
+–
Céard a bhris an feire ar chlár an bhácúis = bíonn caiseal thart ar chiúis an chláir agus sórt claise thart leis taobh istigh i gcomhgar croí an chláir. Cothrom a bhíos an feire sin. Bíonn sé ar clár pota freisin go hiondúil
Ná leag an clár sin ar a fheire nó tuitfidh sé agus brisfear é
TUILLEADH (4) ▼
Dhéanfainn ciseóig ach níl mé indon an feire a chur uirre = an caiseall timpeall; an fhidh
Tá an feire seo ag eirghe den "tyre" (tyre rothair; bíonn sórt feire len a chiúis)
Tá an feire lúbha ar an lampa. Ní féidir a lúbadh ar ais an féidir? Caithfear an feire ar fad a thabhairt go dtí an baile mór len a dheasú
Sin sé anois an obair, feire an lampa sin a thabhairt isteach Gaillimh agus amach aríst slán. Ní mór dó sin aire an leinbh. Tá rud fánach indon a chur as cor. Bean a mbeadh cléibhín ime aice a thiúrfadh léithe ceart é
+–
Tá droichidín na carra indáil le réidh. Bhí tuile san abhainn an lá faoi dheireadh agus ar éigin Dé a shrian mé treasna chor ar bith é. Ar mo ghlúine a chuaigh mé. Ní thrustfainn breith ar an bhfeire siúd. Tá sé ar bogadh, agus dhá dteagadh sé leat, chuirfí san abhainn thú = ráille beag ar dhroichead; tá droichidíní den tsórt seo — ceanna beaga caola — ar na haibhneachaí, in áiteachaí
Ní bheadh a fhios ag duine cén puinnte a dtiúrfadh feire an "stage" (árdán: platform) uaidh, agus a gcaithfí anuas indiaidh a mullaigh gach agus a raibh thuas air. Dhá gcaití fhéin dheamhan mórán deora a shilfí i ngeall orra
TUILLEADH (1) ▼
Tá feire curha timpeall an iomar baistí san séipéal aige = ráille beag
·
Cén fáth an feire seo san leitir? = an stríoc puillíní a bhíos treasna ar chuid de na leitreachaí i riocht agus go mba éascaíocht é len a n-oscal
Cén chiall an feire sin a bheith san mbosca? An annsin a theigheas an claibín air? = groove.
b.
ciúis a chuireas gabha i gcrú le go dtuillfidh na táirní go cóiriúil ann (an rásáil).
·
Shílfeá gur beag an feire atá san gcrú sin chor ar bith. Na bac le aon-ghabha nach gcuirfidh slacht ar an rásáil muis
Dhéanfainn fhéin crú! Dhéanfadh fear ar bith é, ach céard a chuirfeadh feire agus cocáil ann? Sin é an buille a mharuigh an mhuic
c.
an áit a dteigheann uachtair bhróg i bhfastódh san mbonn.
+–
Níl aon-deasú indán don bhróig sin. Tá sí imithe ón bhfeire. Sén truaighe é. Ba bhreagh an t-uachtar a bhí uirre
Sin é an buille! Níl a fhios agam an féidir aon-chaoi a chur uirre. Tá an feire caite (bróig). Bróga ar bith a mbeidh na feirí caite ionta, tá siad ó chaoi. Mara dtugthá ag gréasaí í. Bíonn sceanna feirí agus deiseannaí aige-san …
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le bróga an tsaoil seo. Ní fiú trumpa gan teanga iad. Imeacht ó na feiríochaí a níos siad ar fad
d.
eangaí i ndruim péiste (eangailte) nó feithidigh den tsórt sin.
·
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d'eirigh amach chugam as íochtar bog thíos inGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirre. Tháinig sí aníos ón ngaineamh ruadh. Ní fhaca mé a macsamhail ariamh cheana = eangaí timpeall a droma
Tá brat de phéistí na bhfeirí sin ann: na heagailteachaí. = bíonn feirí san eangailt
Feire in iontrálacha eile (15)
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirre (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithe féin
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glínnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
→
fonsa
Sé an fonnsa béil atá imithe den bhairille (an ceann uachtair). Is fhearr sin fhéin ná an fonnsa feire (an ceann ag an tóin in aice leis an bhfeire)
Fuinneoig Ch. and G. a mheabhruigh dhom é. Meastú ar chuimnigh mé ariamh ar chloigeann an lampa a thabhairt liom go bhfaghainn feire dhó. D'fhága mé san mbaile indearmad é
Fear deaslámhach thusa bail ó Dhia ort! Diabhal mé go mb'fhéidir go mbeitheá in don caoi a chur ar an mbróig seo. Chinn sí orm féin. Tá sí caithte isteach go feire.
→
diaidh
Níor chomhnuigh sí ag dul indiaidh a tónach gur leag sí brúisc de'n chlaidhe. Amach léithe annsin agus as go bráth léithe ins na feire glinte. Ní fhaca tusa siubhal faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithe. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn trathnóna
→
drann
Dhá bhfeiceadh duine madadh ag drannadh fadó rithfeadh sé 'sna feire-glínteachaí uaidh, faitíos gur dúchas a bheadh air. Ba dearg-chontabhairt iad an uair sin ar chaoi ar bith, agus daoine ag dul thart ag iarraidh glinneadhachaí a bhaint as rible (drible, driobaill) na madraí a rug orra
→
dícheall
Níor fhéad mé aon-chaoi a chur uirre th'éis mo dhichill. Tá an feire uiliog réidh. B'fhéidir dhá dtugthá ag gréasaidhe maith í, go ndeasóchadh sé fós í, ach droch-sheans. Ná bac leis an leathar atá amuigh anois! Ní fiú do sheacht mallacht é
→
dóigh 1
'Bhfeiceann tú an péire bróg a cheannuigh mé achar is lugha ná dhá mhí ó shoin. Is maith an dóigh iad sin. Tá siad rodtha idir bhuinn agus uachtair. Breathnuigh uirre sin, ar son Dé ort! An feire féin níl innte