fia
—ainmfhocal, fireann
—ginideach uatha: an fhéich i gcuid de na logainmneacha .i. Doire an Fhéich (/ən′ɛ̄/), ach an Fhiadha, an Fhia sa gcuid is mó .i. Gleann an Fhia, Loch an Fhia, Lochín Ghleann an Fhia, Cloch an Fhia srl.; an fhia an ginideach ar an ainm coitianta.
—uimhir iolra: fiannaí
1.
a.
+–
Ní fhaca mé aon fhia ariamh
Tá sí chomh sciobtha le fia
TUILLEADH (3) ▼
An fia fhéin ní bhéarfadh uirthi le siúl
Tá an capall seo ag J. ina fia le éascaíocht
Ní i gcónaí a mharaíos Páidín fia (agus ní i gcónaí a bhíos sé ina dhiaidh) — ní gach aon lá (a mharaíos Páidín) a bhfaightear an t-iasc; bíonn uaireannta ann a mbíonn an t-ádh ar dhuine thar a chéile, nó a gcaitheann sé dúthracht le rud srl.
+–
Ní shiúlfadh an fia é — áit bhog i gcriathrach nó a leithide
Tá cíocraí ansiúd agus ní shiúlfadh an fia iad. Ghabhfá go glúine iontu
TUILLEADH (1) ▼
Ní shiúlfaidh an fia an easca siúd théis na báistí seo. Níl ann ach go raibh sé in araíocht ag asal a dhul ann mar a bhí sé, ach ní ghabhfaidh an duine fhéin ann anois
·
Tá sé chomh mór le Cloch an Fhia (cloch an-mhór atá i mbaile fearainn Bhoth Chuanna, an Spidéal)
Tharraingeodh an capall siúd aige Cloch an Fhia, bail ó Dhia uirthi — tá sí láidir
b.
·
Ar ith tú fiafheoil ariamh? … Deir siad go bhfuil sí an-bhlasta
c.
·
Tá gadhar fia aige — gadhar a bhíos i ndiaidh sionnaigh; beagle
Bhíodh na gadhair fhia ag dul thart anseo fadó, agus marcaigh ar chapaill, ach níor thaobhaigh siad an áit anois le fad an lá
d.
+–
Ní fheicim toirt fia ná feannóige ag teacht — tada; a dhath; an rud a bhfuil mé ag súil leis
Bhí mé in mo sheasamh ansin amuigh le uair an chloig agus níor chuala mé toirt fia ná feannóige. Dheamhan carr ag corraí anoir ó Ard Dh. L. — níor chuala mé tada (ní bheadh duine ag súil leis an leagan seo le "chuala", ach tá sé ann)
TUILLEADH (3) ▼
Níl toirt fia ná feannóige le feiceáil in aon áit. Is aisteach sin. Tá sé in am acu a bheith ar an talamh feasta mura rud ar bith a choinnigh moill orthu
Chonaic mé an sonda i mbéal na cruaiche agus mé ag dul suas an cnocán. Comharthaíocht duine a bhí ann. Ach níorbh fhéidir é a aithneachtáil sa mbánshoilse. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an gcruaich, ní fhaca mé toirt fia ná feannóige in aon áit ach bhí brúisc leagtha go talamh. Lig an rógaire leis fhéin
Ní chloisim toirt fia ná feannóige suas an baile seo. Ní féidir gur ina gcodladh a bheidís chomh hóg seo san oíche.
2.
+–
Dar fia!; dar fia na coille!; dar fia muise (i nDomhnach); dar fiagaí (fiagachaí, fiagaís); dar fiagaí fhéin! — leagain le caint a dhearbhú
Dar fia na coille, bhí sé in am agat a bheith ar fáil
TUILLEADH (2) ▼
Dar fia fhéin muis, más in é do scéal, ní slachtmhar é
Dar fiagaí, tá sé in am a dhul a chodladh
3.
a.
luí fia: (i) eascainí. (ii) codladh nó luí corrach. Bíonn sé ar na cearca. Má chuireann tú cearc den neid thar éis breith, agus cearc eile a chur ina háit, beidh luí fia uirthi aríst ar feadh an lae. Ní thabharfaidh sí aon suaimhneas duit, ach ag luí agus ag úmachan agus ag imeacht beophianta. Caithfidh cearc fanacht achar ar neid thar éis ubh a bhreith. Bíonn sé ar chearca freisin a sheadaíos an nead, ag luí agus ag éirí di, agus gan iad ag breith; codladh corrach cearc.
+–
Cén chiall duit an cheaircín roilleach sin a chur den nead. Tá luí fia uirthi anois. Ní maith a ghabhfas sé sin di
Níl aon eireoig ag gabháil liom nach bhfuil luí fia orthu: ag imeacht ag luí i neadrachaí agus gan iad ag breith ubh ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá an choc-chearc bhuí sin ag seadachan aríst. Luí fia atá uirthi go siúráilte. Nach mór an smál a bhíos orthu!
Ba cheart duit cearc mar sin a fhágáil píosa maith ar an uibh: a dóthain ionú a thabhairt di théis breith. Mura dtuga, sáróidh sí thú le luí fia. Bhí sé ar na cearca seo ar fad anuraidh.
Tá siad ag imeacht le coicís agus luí fia orthu; ag luí agus ag éirí ar neadrachaí, agus gan fonn ar bith orthu breith
·
Bhí luí fia ormsa aréir. Níor thug mé dhá thionnúr liom ceart — codladh imníoch nó corrach
Cén sórt luí fia atá ort. Codail a chloiginn! Tá sé sách dona agat a bheith ar neamhchodladh thú fhéin agus gan a beith do mo choinneáilsa gan aon néal
+–
Luí fia ort, le caoi a bheith ort! — deirtear le na cearca é nuair nach mbíonn siad ag breith, nó le duine mar eascainí
Luí fia ort! Breá nach ligeann tú dhom!
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú ag imeacht ag fálróid a bhithiúnaigh (cearc). Nach diabhlaí an chaoi atá ort nach ndéanfá cónaí in aon áit. Luí fia ort!
Luí fia ar do chuid cearc! — cuid de dheilín na mbacach
b.
bualadh nó gleadhradh buailte nó leagan a thabhairt do dhuine.
+–
Chuirfinnse luí fia air le iarraidh — a bhualadh; a chur ó mhaith
An bhfuil a fhios agat cén chaoi a bhfuil sé anois, mura n-éirí tú as cuirfidh mé luí fia ort. Ní bheidh sé tada níos lú agat
TUILLEADH (4) ▼
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luí fia a chur air in éindí. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dícheall dúinn a choinneáil cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir sa gcró é, agus fáisc air nó go dtite sé as a sheasamh leis an ocras
Ara, bíodh splanc eicínt chéille agat! Tá maith do mhac Ph. S. a bheith ag ceartas leis siúd! Chuirfeadh sé siúd luí fia air, ar iontú an tsoip. ‘Sé atá deas air, mo léan!
Séard a bhí le déanamh ag an máistir le leath na scoláirí sin luí fia a chur orthu ach a bhfaigheadh sé ag an scoil iad. D'imigh an diabhal orthu thar a bhfaca mise ariamh! Tá chuile rud millte acu
Ba ghearr gasta a bhí J. E. ag cur luí fia air. Ní raibh ann ach an buille. Thug sé a chuid dhó. Go lige Dia a shláinte dhó! Is fada sin ag teastáil uaidh
4.
·
Sin sceamhachaí fia. Ní i chuile áit a bhfásann siad sin — cineál bileoige; í glas; déanamh scine uirthi; ciumhais mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
Níl mórán maitheasa sna sceamhachaí fia sin duit. Ar shíl tú gurb in í an dubhchosach. Go dtuga Dia unsa céille dhuit!
fia in iontrálacha eile (50+)
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
→
foláir
Níorbh fholáir dó chomh láidir agus a bhí sé. Dar fia dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín crua é an fear eile fhéin
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige chomh fáinneach siúd aici nuair a bheas sí scaitheamh i S. Gh. Bainfear obair aisti ansin. Dar fia is dona an mhalrait aici é, agus an cháil airgid atá uirthi, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
→
fáinneog
Bhí fear ina shuí thuas ar fháinneoig an lorry agus greim aige ar an gcruib. Dar fia ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suínn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin
+
→
féar
Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart. Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
TUILLEADH (2) ▼
Cén áit a bpósfaidh sé. Dar fia muise má phósann, déanfaidh sé tíobhas! Gan ní dhár dhealbh an ghrian aige ach an bráicín sin. Ara chuala tú ariamh é, ní bheathaíonn an féar an phis
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirim duit fhéin i gcónaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bheas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agat. Tá píopaí ina n-ór anois
→
fóir
"'An bhfuil fionnuartas ná fóirithint le fáil agam ar an bpian,' adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: 'Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirithinte d'anamnacha na bhFianna ón bpéin'"
→
ceal 1
Dar fia mura bhfuil airgead aige, ní cheal sainte é. Tá a dhá cheann sa talamh i gcónaí aige, an t-antlachán.
→
cleite
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin. Má chloiseann t'athair an cleite comhrá seo, spréachfaidh sé, agus dar fia, ní milleán sin air. Do leithide de ghrabairín a bheith ar chaint den tsórt sin!
Dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna Éireann ann agus chomh mór agus atá sé.
Dar fia, dhá mba liom a dhul ann chor ar bith, i gcomhfhios a ghabhfainn ann agus ní i ngan fhios. Cén bheann a bheadh agam ar aon duine faoi?
→
corradh
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
+
→
bealach
Níl sé inrásta ag an bhfia an bealach sin a shiúl amach sa ngeimhreadh, nuair a bhíonns dubhluachair na bliana ann agus an easca báite.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mó ná go siúilfeadh an fia ann sa ngeimhreadh, ní áirím bealach cairr a bheith ann.
+
→
beann
Fia na mbeann — an fia beannach; fia adharcach
TUILLEADH (1) ▼
"Chuaigheadar ag fiach agus ag fionnscaradh, agus ba ghearr gur éirigh fia na mbeann rompub" (as seanscéal; tá an chiall seo den fhocal ionann is seargtha anois.)
→
cromnasc
Más liom cromnascaí a chur ar na caoirigh údan, ní mór dhom cúnamh lena locadh. Níl an fia fhéin chomh fiáin le cuid acub siúd.
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fia, ní mór dhó airgead lena tógáil. D'íosfadh sí siúd an tsáith Mhuimhneach, 'sé sin, mura bhfuil sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile.
I nDomhnach muise, is dathúil an scéal agam é má éiríonn cuimleachán den tsórt sin i mo mhullach. Cuirfidh mise luí fia de chniogaide air sin lá eicínt.
+
→
bruach
Bíonn an easca sin buntirim go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araíocht í a shiúl. Ach sa ngeimhreadh, ní shiúlfadh an fia í. Bíonn na feadáin atá inti ag cur thar bruach (fc. feadáin)
TUILLEADH (1) ▼
I nDomhnach, bhí sé sách bocht scaitheamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó cuid dhá chuid talúna a dhíol? Ach dar fia, tá sé bruach ar bhruach leis an té is fhearr ar an mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croí. Is fhearr éirí as ná titim ann, adeir siad.
→
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
+
Tá sé ag cur amach mhóna ar a dhroim, mar ní shiúlfadh an fia an áit atá le dhul aige.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá ndéanaidís an bóthar amach go Gleann an Fhia, ba bheag an bhrí a mbeadh de chur amach ar an móin.
→
fabhall
Má fheiceann siad fáfaillín ar bith aige, tá siad sin in ann a dul chun farraige. Dar fia féachann sé iad scaití freisin. Bhí curach ansin thiar aréir agus cuireadh go dtí snaidhm na stothaí í. Ba diabhaltaí an phuicneáil a fuair sí
+
→
fiann
Mharódh an poitín siúd na Fianna bhí sé chomh láidir sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta a aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! — tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna i dtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
+
→
Fionn 1
D'imigh Fionn agus na Fianna — tá an dream sin básaithe, seanbhásaithe; tá an mhaith nó an saol sin imithe anois
TUILLEADH (4) ▼
Bhí siad sin láidir. Níl a leithidí ann anois. Is fada go ngabhfadh daoine síos Gaillimh ar chíolacan (céalacan) anois. Dheamhan é dhá naomhthaí iad. D'imigh Fionn agus na Fianna a mhic ó
Sea, bhí pórtar ar dhá phínn, agus tobac ar thrí pínne, agus punt tae ar cheithre boinn. Ach d'imigh an saol sin. D'imigh Fionn agus na Fianna freisin
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon ghreim aráin sa teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhínis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith ina bhéal agus gan é a bheith ina láimh
+
→
fleasc
Má fhaigheann tú fleasc an mhaide uaidh siúd cuirfidh sé luí fia ort, agus 'sé atá tú a thuaradh dhuit féin. Breá nach ligeann tú dhó?
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fia muise, beidh luach do chuid fánaíochta agat ar ball nuair nach mbeidh fód móna ag gabháil leat, le díol ná le dó
→
fogha
Ní raibh duine ar bith aige inniu le foghairt a choinneáil leis an thrasher. Bhí an fear a bhíos in éindí leis tinn. Dar fia is contúirteach an rud foghairt a choinneáil léithe siúd — feed the thrasher
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia, gheobhadh sé faoi na foraí é murach mise a bheith ann le eadrascán a dhéanamh
Bheadh plandaí agamsa murach gur foghlaíodh iad. Dar fia bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
Ba bheag an brádáinín a bhí ann agus dar fia bhí fraighfhliuchas in mo chuid éadaigh ina dhiaidh sin. B'éigean dom a mbaint dhíom. Ar ndóigh ní shraimleodh rud ar bith thú chomh mór le brádán
Tá sé chomh francaithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fia, ní dochtúr é le aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leor roimhe seo ach ná bac leo anois
'Sé an fáiteallaí é! Tá an bradán aige as an abhainn agus an coinín as an tsúil ribe,gan stró ar bith. Dar fia ní íosfaidh sé aon ghreim tor, agus tá an ceart aige
→
féithigh
Dar fia ní ceart dó a bheith ag gearán chor ar bith. Tá an saol ag féithiú leis go maith. Nach maith an chiall ag daoine é a bhfuil díleá ar a gcuid, ní dhá roinnt leo é. Déarfá go mbeadh údar clamhsáin acu sin agus gan aon mhaith dóibh ann