Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiadh
Ainmfhocal, Fireann.
Geiniúnach Uathaidh: An fhéidh i gcuid de na logainmneacha .i. Doire an Fhéidh (/ən′ɛ̄/), ach "an Fhiadha", "an Fhia" san gcuid is mó .i. Gleann an Fhia, Loch an Fhia, Lochín Ghleann an Fhia, Cloch an Fhia etc. "An fhia" an geiniúnach ar an ainm coitianta.
Uimhir Iolraidh: Fianna(í).
1.
beitheach fíáin nó éigéill (fc. fiadh. Tuille fiach).
a.
+
Ní fhaca mé aon-fhia ariamh
Tá sí cho sciobha le fia
TUILLEADH (3) ▼
An fiadh fhéin ní bhéarfadh uirre le siúl
Tá an capall seo ag J. in a fia le éascaíocht
Ní i gcomhnaí a mharaíos Páidín fiadh, (agus ní i gcomhnaí a bhíos sé in a dhiaidh) = ní gach aon-lá (a mharaíos Páidín) a bhfaightear an t-iasc; bíonn uireannta ann a mbíonn an t-ádh ar dhuine thar a chéile, nó a gcaitheann sé dúracht le rud agus rl.
+
Ní shiúilfeadh an fiadh é = áit bhog i gcriathrach nó a leithide
Tá cíocraí annsiúd agus ní shiúilfeadh an fiadh iad. Ghabhfá go glúine ionta
TUILLEADH (1) ▼
Ní shiúilfidh an fiadh an easca siúd th'éis na báistí seo. Níl ann ach go raibh sé in araíocht ag asal a dhul ann mar bhí sé, ach ní ghabhfaidh an duine fhéin ann anois
·
Tá sé cho mór le cloch an Fhiadha (cloch an-mhór atá i mbaile fearainn Bhothchuana, an Spidéal)
Tharraingeódh an capall siúd aige Cloch an Fhiadha bail ó Dhia uirre = tá sí láidir
b.
·
Ar ith tú fiadhfheoil ariamh? … Deir siad go bhfuil sí an-bhlasta
c.
·
Tá gadhar fia aige = gadhar a bhíos indiaidh sionnaigh; beagle
Bhíodh na gadhair fhia ag dul thart annseo fadó, agus marcaigh ar chapaill, ach níor thaobhuigh siad an áit anois le fad an lá
d.
+
Ní fheicim toirt fia ná fionnóige ag teacht = tada; a dhath; an rud a bhfuil mé ag súil leis
Bhí mé in mo sheasamh annsin amuigh le uair an chloig agus níor chuala mé toirt fia ná fionnóige. Dheamhan carr ag corraí anoir ó Ard Dh. L. = níor chuala mé tada (ní bheadh duine ag súil leis an leagan seo le "chuala", ach tá sé ann
TUILLEADH (3) ▼
Níl toirt fia ná fionnóige le feiceál in aon-áit. Is aisteach sin. Tá sé in am aca a bheith ar an talamh feasta, mara rud ar bith a choinnigh moill orra
Chonnaic mé an sonnda i mbéal na cruaiche agus mé ag dul suas an cnocán. Comhraíocht duine a bhí ann. Ach níorbh fhéidir é a aithneachtáil san mbán-shoillse. Nuair a chuaigh mé cho fada leis an gcruaich, ní fhaca mé toirt fia ná fionnóige in aon-áit, ach bhí brúisc leagha go talamh. Leig an rógaire leis fhéin
Ní chloisim toirt fia ná fionnóige suas an baile seo. Ní féidir gur in a gcodla a bheidís cho hóg seo san oíche.
2.
+
Dar fia!; dar fia na coille!; dar fia muise (inDomhnach); dar fiagaí (fiagachaí, fiagaos,); dar fiagaí fhéin! = leagain le caint a dhearbhú
Dar fia na coille, bhí sé in am agad a bheith ar fáil
TUILLEADH (2) ▼
Dar fia fhéin muis, má sin é do scéal ní slachtar é
Dar fiagaí tá sé in am a dhul a chodladh
3.
a.
Luighe Fia (i) eascainí. (ii) codladh nó luighe corrach. Bíonn sé ar na cearca. Má chuireann tú cearc den neid thar éis breith, agus cearc eile a chur in a háit, beidh luighe fia uirre aríst ar feadh an lae. Ní thiúrfaidh sí aon-suaimhneas duit, ach ag luighe agus ag úmachan agus ag imeacht beo-phianta. Caithfidh cearc fanacht achar ar neid thar éis ubh a bhreith. Bíonn sé ar chearca freisin a sheadaíos an nead, ag luighe agus ag eirghe di, agus gan iad ag breith; codladh corrach cearc.
+
Cén chiall duit an cheaircín roilleach sin a chuir den nead. Tá luighe fia uirre anois. Ní maith a ghabhfas sé sin di
Níl aon-eireóig ag gabhail liom nach bhfuil luighe fia orra: ag imeacht ag luighe i neadrachaí agus gan iad ag breith ubh ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá an choc-chearc bhuí sin ag seideachan aríst. Luighe fia atá uirre go siúráilte. Nach mór an smál a bhíos orra!
Ba cheart duit cearc mar sin a fhágáil píosa maith ar an uibh: a dóthain ionú a thabhairt di th'éis breith. Mara dtuga sáróidh sí thú le luighe fia. Bhí sé ar na cearca seo ar fad anuiridh.
Tá siad ag imeacht le coicís agus luighe fia orra; ag luighe agus ag eirí ar neadrachaí, agus gan fonn ar bith orra breith
·
Bhí luighe fia ormsa aréir. Níor thug mé dhá thionuar liom ceart = codladh imníoch nó corrach
Cén sórt luighe fia atá ort. Codail a chloiginn! Tá sé sách dona agad a bheith ar neamh-chodladh thú fhéin, agus gan a beith do mo choinneál-sa gan aon-néal
+
Luighe fia ort, le caoi a bheith ort! = deirtear le na cearca é nuair nach mbíonn siad ag breith, nó le duine mar eascainí
Luighe fia ort! Breá nach leigeann tú dhom!
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú ag imeacht ag fálróid a bhithiúna(igh) (cearc). Nach diabhlaí an chaoi atá ort nach ndéanfá comhnaí in aon-áit. Luighe fia ort!
Luighe fia ar do chuid cearc! = cuid de dheilín na mbacach
b.
bualadh nó gleáradh buailte nó leagan a thabhairt do dhuine.
+
Chuirfinnse luighe fia air le iarraidh = a bhualadh; a chuir ó mhaith
An bhfuil a fhios agad cén chaoi a bhfuil sé anois, mara n-eirighe tú as cuirfidh mé luighe fia ort. Ní bheidh sé tada níos lú agad
TUILLEADH (4) ▼
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luighe fia a chur air in éindigh. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dicheall duinn a choinneál cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir san gcró é, agus fáisc air nó go dtuite sé as a sheasamh leis an ocras
Ara, bíodh splannc eicínt chéille agad! Tá maith do mhac Ph. S. a bheith ag ceartas leis siúd! Chuirfeadh sé siúd luighe fia air, ar ionntú an tsoip. Sé atá deas air, mo léan!
Séard a bhí le déanamh ag an máistir le leath na scoláirí sin luighe fia a chur orra ach a bhfaghadh sé ag an scoil iad. D'imigh an diabhal orra thar a bhfaca mise ariamh! Tá chuile rud millte aca
Ba ghearr gasta a bhí J. E. ag cur luighe fia air. Ní raibh ann ach an buille. Thug sé a chuid dhó. Go leige Dia a shláinte dhó! Is fada sin ag teastáil uaidh
4.
·
Sin sceamhachaí fia. Ní is chuile áit a bhfásann siad sin = cineál billeoige; í glas; déanamh scine uirre; ciúis mhantach; hart's tongue fern; d'fheicfeá an-tréan in Árainn sna huláin í i gcuideacht na dubhchosaí
Níl mórán maitheasa sna sceamhachaí fia sin duit. Ar shíl tú gurb shin í an dubhchosach. Go dtuga Dia unsa céille dhuit!

Féach freisin

Fiadh in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
 
Níorbh fhuláir dó cho láidir agus a bhí sé. Dar fiadh dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín cruadh é an fear eile fhéin
 
Bhí fear in a shuí thuas ar fháinneóig an "lorry" agus greim aige ar an gcruib. Dar fiadh ba chontúirteach an áit a raibh sé. Is fada go suidhinn ann. B'fhearr liom míle uair é a shiúl ná a bheith ar an strapa sin
 
féar
Cén áit a bpósfaidh sé. Dar fiadh muise má phósann, déanfaidh sé tíomhas! Gan ní dhár dhealbh an ghrian aige ach an bráicín sin. Ara chuala tú ariamh é ní bheathuíonn an féar an phis
 
ceal 1
Dar fiadh mara bhfuil airgead aige, ní cheal sainnte é. Tá a dhá cheann sa talamh i gcomhnuidhe aige, an t-anntlachán.
 
cleite
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin. Má chloiseann t'athair a' cleite comhrádha seo, spréachfa sé, a's dar fiadh ní milleán sin air. Do leithide de ghrabairín a bheith ar chainnt de'n tsórt sin!
 
Dar fiadh, dhá mbadh liom a dhul ann chor a' bith, igcoimhfhios a ghabhfainn ann, a's ní i ngan-fhios. Cé'n bheann a bheadh agam ar aon-duine faoi?
 
Ní mó ná go siubhailfeadh an fiadh ann sa ngeimhreadh, ní áirmhighim bealach cairr a bheith ann.
+
beann
Fiadh na mbeann = an fiadh beannach; fiadh adharcach.
TUILLEADH (1) ▼
'Chuadhadar a' fiadhach a's a' fionscaradh, a's ba ghearr gur eirigh fiadh na mbeann rompa(b). (as sean-scéal. Tá'n chiall seo de'n fhocal ionann's seirgthe anois.)
 
Má's liom cromnascaí a chuir ar na caoirigh údan, ní mór dhom congnamh le na locadh. Níl a' fiadh fhéin chomh fiadháin le cuid aca(b) siúd.
 
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fiadh, ní mór dhó airgead le na tógáil. D'íosfad sí siúd an t-ádh Mhuimhneach, sé sin, mara bhfuil sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile.
 
InDomhnach muise, is dathamhail a' scéal agam é, má eirigheann cimleachán de'n tsórt sin i mo mhullach. Cuirfe mise luighe fiadh de chriogaide air sin lá eicínt.
+
bruach
Bíonn an easca sin bun-tirm go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araidheacht í 'shiubhal. Ach sa ngeimhreadh, ní shiubhailfeadh an fiadh í. Bíonn na fiodáin atá innte, a' cur thar bruach (féach fiodáin).
TUILLEADH (1) ▼
InDomhnach bhí sé sáthach bocht scathamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó, cuid dhá chuid talmhana a 'dhíol? Ach dar fiadh, tá sé bruach ar bhruach leis a' té is fhearr ar a' mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croidhe. 'Is fhearr eirghe as ná tuitim ann' adeir siad.
 
aire
Coinnigh do bhéal ar a chéile agus tabhair aire dhuit fhéin, nó cuirfe mé luighe fiadha ort.
 
Tá sé cur amach mhóna ar a dhruím, mar ní shiubhalfadh an fiadh an áit atá le dhul aige.
+
fleasc
Má fhaghann tú fleasc an mhaide uaidh siúd cuirfidh sé luighe fiadh ort, agus sé atá tú a thuaradh dhuit féin. Breá nach leigeann tú dhó?
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt fleasc atá ort: ag imeacht ag fánaíocht mar sin. Dar fiadh muise, beidh luach do chuid fánaíochta agad ar ball, nuair nach mbeidh fód móna ag gabhail leat, le díol ná le dóghadh
 
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
 
D'eirigh foracún éisc linn aréir. Dar fiadh, d'eirigh agus foracún maith
 
Tá sé cho franncuithe leis an diabhal le tada a iarraidh air, ná araoid ar bith a chur air. Dar fiadh ní dochtúr é l'aghaidh na háite. Bhídís tíriúil go leór roimhe seo, ach ná bac leo anois
 
Sén fátallaí é! Tá an bradán aige as an abhainn, agus an coinín as an tsúil ribe, gan stró ar bith. Dar fiadh ní íosfaidh sé aon-ghreim tor, agus tá an ceart aige
 
Dar fiadh ní ceart dó a bheith ag gearán chor ar bith. Tá an saol ag féithiú leis go maith. Nach maith an chiall ag daoine é a bhfuil díleághadh ar a gcuid, ní dhá roinnt leo é. Déarfá go mbeadh údar clamhsáin aca sin, agus gan aon-mhaith dóibh ann
 
Dar fiadh tá fairsinge san bpáirc sin
 
feall 2
Ní féidir gur fealladh orm a dhéanfadh sé. Dar fiadh má sea muise, ní bheidh aige ach malrait. Gheobhaidh sé garbh uaimse é
+
fiach 2
Ná bac le fuacht a dhuine sin! Chuirfeadh sé an éig ar na fiadha dhubha
TUILLEADH (2) ▼
Sén sórt trathnóna a bhí ann, trathnóna a chuirfeadh an éig ar na fiadha dhubha. Bhí sé ag flithshneachta as gaoith anoir, agus "braos" ann a bhearrfadh thú. Níor shaothruigh mé aon-aistir ariamh ach é
Níor tháinig aon-uair ariamh mar thús an Mhárta seo. Bhí dhú nae trí (a dhó nó a thrí) de laetheanta ann agus chuirfidís an éig ar na fiadha dhubha. B'íontas gur mhair bó ná gamhain leis
 
Dar fiadh is maith a shaothruigh sé é, ach tá rud dhá bharr aige anois. Mar sin a bhíos sé: faghann foighid fortún
 
fuil 1
Dar fiadh tá fuil annsin. Ní bheidh cinneadh ar bith leis ach a dteaga tuilleadh dhá aois
 
feasta
Níl a fhios aige céard é liathán feastain choíchin! Cheal nach bhfaca sé aon-liathán ariamh! Dar fiadh muise tá leathcheanna ar an saol fós féin!
+
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosuigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fiadh chuir an dream se'aghainne indiaidh a gcúil iad agus leanadar cho fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo igcomhnuí. Badh é an cath ba mhó é a chonnaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaoghal
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint de'n tsean-lánamhain sin. Lá agus gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aige-san a bheith leo. Agus dar fiadh bhí "set" ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fóghnamh.
 
Cuirfidh sé dalladh mullóg orm nó is cinneamhaint air é, ach dar fiadh má chuireann ní bheidh aige ach malrait uair eicínt = mearbhall, ciméar
 
dall 3
Ní raibh a sheasamh agam ann ní b'fhuide. Bhí mé de mo dhalladh le sáile ann. Ach dar fiadh bhí freagairt ann. An-pholl iascaigh é dhá mbeadh acmhuinn ag duine fuirgheacht ann
 
Nach damanta an conuas fir é. Luighe fiadha a bhí a chur air le fadhb. Duine ar bith a dhéanfadh cleas de'n tsórt sin bheadh sé sáthach maith aige
 
Go ndamnuighidh an catmara é mara beag an fiuntas é. Níor chumaoin dó muise thusa a leigean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fiadh dhá gcastaí thusa air ag béal do dhoruis féin, is beag an baoghal go leigfeá thart é, gan fiafruighe dhó (dhe) an raibh béal air.
 
daol
Chomh uain agus a bhaineas an daol sin as — daol uilc — dheamhan goir ag aon-duine a thaobhachtáil. Má thaobhuigheann, tá sé sáithte, nó caithte, nó arm ar bith is túisce aige. Dar fiadh tá! Mharbhóchadh sé é féin an nóiméad in a dhiaidh le náire, ach cé'n mhaith sin, ó's é a bhealach é.
 
Chruinnigh cluiche de'n dream seo thoir air, 'chuile lá dhá dteigheadh sé soir, agus bhainidís an dara thairt as i gcomhnaí, dá bhrughadh agus dhá chartadh eatorra, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fiadh muise, bhí sé in a dhóigh ceart aca! Ach tháinic an oiread críonnacht' dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uatha uiliog!
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
dealg
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asad le dealg spíonáin. Dar fiadh ní raibh an deirgeadas sin ionnad an uair a bhí tú annseo
 
dearg 1
Dar fiadh chaithfeadh sé nach raibh mórán meirse san bpríosún air mar sé atá círíneach dearg in a dhiaidh. Fuair sé a dhóthain len ithe ar aon-chor
 
deas 1
Is deas í dar fiadh, má sin é a béas!
 
Má fhastuigheann tú é ingreim deasóige agus cor a chur innte ar an bpuinte boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mara mbeidh tú dubh-thráthamhail tá tú as, arae má bhrathann sé go bhfuil tú ag dul in a éadan, cuirfidh sé luighe fiadha ort de dhorna
 
Tá an máistir beag ag baint deatach as an máistireás fhada ar an saoghal seo (ag suirghe léithe as éadan). Is diabhlaí an mac é, de thulóig cho beag leis. Ach mara bhfuil gabhail na gaoithe ann, tá déanamh na ngnaithí ann, mar adeir an ceann eile. Dar fiadh tá!
 
deifir
Dar fiadh dhá bhfeicinnse é, d'fhágfadh sé annsin é agus deifir air
+
deilbh 1
Mara ndeilbhidh tú an feac sin roint ní ghabhfaidh sé 'sa sleaghán. Dar fiadh, is feac breagh teangmháilte é
TUILLEADH (1) ▼
Tá péire cléibh deilbhighthe amach indiu aige, agus dar fiadh is fiú cuid mhaith iad agus cho daor agus atá cléibh anois
 
Tá sé annsiúd in a dheimheasóiridhe 'san gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfuighidh sé brabach air. Dar fiadh muise is beag an acmhuinn atá aige féin: is furasta leis gáiridhe a dhéanamh faoi'n té údan eile, ach feiceamuist déanadh aonduine aon-gháiridhe faoi fhéin