foracún
—ainmfhocal, fireann
—
go leor; cuimse; bleitheach mór.
+–
D'ith mé foracún — go leor, bleitheach maith
D'éirigh foracún éisc linn aréir. Dar fia d'éirigh, agus foracún maith
TUILLEADH (5) ▼
Tá feamainn dearg istigh, agus foracún di.
Cuireadh seacht bhforacún déag leasú ar an ngarraí sin thoir, agus má cuireadh féin, ba gheall le cúrláin na fataí a bhí ann. Níl a fhios agam nach é an chaoi ar maraíodh le leasú é
Tá foracún eile clocha briste dhá chur ar an mbóthar anois, théis go ndeachaigh dhá fhoracún cheana air. Tá siad ina mbrachlainn ansin thíos ag béal an bhóithrín
Bainfidh mé foracún eile móna sílim tharla am agam air
Cuir feamainn tirim orthu agus foracún guano os a cionn, agus rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh barr agat ann
+–
Tá foracún ólta aige
D'ól mé dhá fhoracún le seachtain, agus má d'ól féin, ní fearrde sin mé
TUILLEADH (8) ▼
Tabhair dhom foracún bláthaí. Ní choiscfeadh an abhainn mo thart
Ní féidir gur ag brath ar foracún eile a chaoineadh atá tú. M’anam gurb ort atá an chaoi
Caithfidh sé foracún báistí anocht
Nuair a bhuail sí mé (buinneach), chuir mé foracún as mo bholg. Ba réidh an achair dhom sin
Chaill sé foracún fola ach is beag a aireos sé siúd é. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
Chuir sí cupla foracún fola amach. Nach in é do dhóthain. Eitinn
Bhuail fonn múisce é agus chuir sé foracún amach
Chuaigh dhá fhoracún aoil os cionn a chéile ar an mballa sin — dhá bhrat
foracún in iontrálacha eile (12)
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
→
clóic
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht agus an foracún a d'ith tú.
→
bealadh
Má tá na rothaí scoiltithe, níor mhór dhuit é a chur ar bogadh i lochán eicínt agus ansin foracún bealtha a chur air. Cuir ar an slaidín agus eile é.
→
fuaraigh
Breá ar bhac tú leis dubh ná dath agus d'fhuaródh sé sa gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht lena chuid dodaireacht sin agus ní ligfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
→
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon ghearranála air, mar a chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar turn an deoch a sheasamh. 'Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól,' adeireadh an creagaire. 'Airím giorra anála ag teacht orm fhéin'
Drochrath orthu mar fhataí Achréidh. Cheannaigh muid foracún acu ansin an bhliain cheana le aghaidh síl, agus bhí diomalú an tsaoil iontu. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orthu go fada
→
dos
Dhá bhfeictheá na putachaí sin ag A. inniu, ag caitheamh leadáin le chéile, thíos i ngarraí na C. Tá dhá dhos mhóra thíos le claí ann, agus chuaigh duine acu i chaon cheann, agus níor fhága siad leadán thuas ar a gcorp nár thug siad abhaile leo. Bhí bean an phóilí ag dul siar an bóthar ag spaisteoireacht di féin, agus chaith siad foracún acu léithe freisin
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh dradlíonta inniu. Ba diabhaltaí an foracún acu a bhí ag curachóirí na háite thiar
Níl drogall ar bith aige airleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaíocht leis mar is ceart, ach dar fiagaí, ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thógfas foracún mór ann agus nach mbeidh deifir ar bith air faoina íoc
→
téigh
Shílfeá muis go raibh muide ag fáil foracún maith tae i ngeall ar na páistí, ach ba ghearr a théadh sé ina dhiaidh sin. Nuair a thugas daoine d'fhaisean dóibh fhéin a bheith ag caitheamh síos scalach dó (dhe) chuile ré solais, bíonn siad thart dhá uireasa nuair nach bhféadann siad a fháil