Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Foracún
Ainmfhocal; Fireann.
go leor; cuimse; bleitheach mór.
+
D'ith mé foracún = go leór, bleitheach maith
D'eirigh foracún éisc linn aréir. Dar fiadh, d'eirigh agus foracún maith
TUILLEADH (5) ▼
Tá feamainn dearg istigh, agus foracún di.
Cuireadh seacht bhforacún déag leasú ar an ngarraí sin thoir, agus má cuireadh féin, ba gheall le cúrláin na fataí a bhí ann. Níl a fhios agam nach hé an chaoi ar maruíodh le leasú é
Tá foracún eile clocha briste dhá chur ar an mbóthar anois, théis go ndeacha dhá fhoracún cheana air. Tá siad in a mbrachlainn annsin thíos ag béal an bhóithrín
Bainfidh mé foracún eile móna sílim thárla am agam air
Cuir feamuinn tirm orra agus foracún guano as a cionn, agus rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh barr agad ann
+
Tá foracún ólta aige
D'ól mé dhá fhoracún le seachtain, agus má d'ól féin ní fearrde sin mé
TUILLEADH (8) ▼
Tabhair dhom foracún bláthaí. Ní choiscfeadh an abhainn mo thart
Ní féidir gur ag brath air foracún eile a chaoineadh atá tú. M'anam gurb ort atá an chaoi
Caithfidh sé foracún báistí anocht
An uair a bhuail sí mé (buinneach) chuir mé foracún as mo bholg. Ba réidh an achair dhom sin
Chaill sé foracún fola, ach is beag a aireós sé siúd é. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
Chuir sí cupla foracún fola amach. Nach shin é do dhóthain. Eitinn
Bhuail fonn múisce é, agus chuir sé foracún amach
Chuaigh dhá fhoracún aoil as cionn a chéile ar an mballa sin = dhá bhrat

Foracún in iontrálacha eile (12)

 
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
 
clóic
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú indon an oidhche a bharruidheacht, a's an foracún a d'ith tú.
 
Má tá na róthaí scoiltighthe, níor mhór dhuit é a chuir ar bogadh i lochán eicínt, a's annsin foracún bealtha a chuir air. Cuir ar a' slaidín a's eile é.
 
Má tá breoiteacht air, is beag a' t-iongnadh é, a's an foracún a d'ól sé indé.
 
Breá ar bhac tú leis duth ná dath, agus d'fhuaródh sé san gcraiceann céanna ar théigh sé ann roimhe sin. Bhuail tusa foracún air, agus beidh sé de shásamh aige ort go bhféadfaidh sé thú a thabhairt chun cúirte. Ara bheinnse dhá lá mo shaoil ag éisteacht len a chuid dodaireacht sin, agus ní leigfinn orm fhéin go gcloisfinn chor ar bith é. Air fhéin a bhíos an t-anró
 
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon-ghiorranála air, mar chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar "turn" an deoch a sheasamh. "Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól" adeireadh an cneagaire. "Airighim giorranála ag teacht orm fhéin"
 
de
Tá foracún maith den fheamainn bainte aige
 
Droch-rath orra mar fhataí Achréidh. Cheannuigh muid foracún aca annsin an bhliain cheana l'aghaidh síl, agus bhí diomallú an tsaoghail ionnta. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orra go fada
 
dos
Dhá bhfeictheá na putachaí sin ag A. indiu, ag caitheamh liodáin le chéile, thíos ingarrdha na C. Tá dhá dhos mhóra thíos le claidhe ann, agus chuaidh duine aca is 'chaon cheann, agus níor fhága siad liodán thuas ar a gcorp nachar thug siad abhaile leo. Bhí bean an phóilí ag dul siar an bóthar ag spaisteóireacht di féin, agus chaith siad foracún aca léithe freisin
 
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh drad-líonta indiu. Ba diabhaltaí an foracún aca a bhí ag curachóirí na h-áite thiar
 
Níl drugal ar bith aige áirleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaidheacht leis mar is ceart, ach dar fiaguidhe ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thóigfeas foracún mór ann, agus nach mbeidh deifir ar bith air faoin a íoc
 
téigh
Shílfeá muis go raibh muide ag fáil foracún maith tae ingeall ar na páistí, ach ba ghearr a theigheadh sé in a dheidh sin. An uair a thugas daoine d'fhaisean dóib fhéin a bheith ag caitheamh síos scallach dó (dhe) 'chuile ré solais, bíonn siad thart dhá fhuireasbhaidh nuair nach bhféadann siad a fháil