—
+–
Is deas an freagra é sin le tabhairt ar dhuine ar bith
Go deimhin agus go dearfa thug sé freagra slachtmhar orm!
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair mé aon fhreagra ar mo litir ó shin
Thug mise a dhíol de fhreagra air. Ní hé an chéad duine aríst é a chuirfeas mí-aighneas ormsa
freagra in iontrálacha eile (16)
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
+
→
fáir
Ghlaoigh mé air ach ní bhfuair mé fáir ná freagra — freagra ar bith. Baintear leas as fáir mar seo le freagra
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air, ní thabharfadh sé fáir ná freagra orm. Lig sé air fhéin nár chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar, sé a chuala!
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shin, ach níor frítheadh fáir ná freagra uaidh ó shin. Murach gur anó eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
Nach in í an cuaille agat! Dhá gcaithinn mo theanga léithe, dheamhan fáir ná freagra a thabharfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus drochmhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithe
Séard atá a dhéanamh leis sin, gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bheas sé tuirseach, éireoidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
→
baile
Cáid ó bhaile a bhí tú nuair a tháinig an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar ar bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo agus an Chloich Mhóir ó bhaile srl.
+
→
beo 1
Chuile uair beo dhár labhair mé leis faoi, ba é an freagra céanna a fuair mé.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé in anchaoi chríochnaithe agus gan ginealach an bhéil bheo fhoisceacht fáir ná freagra dhom.
→
aird 1
'Ceist agam ort a mhic Uí Mháille agus fuascail í go luath; Cé mhéad galún sáile a théanns le fána na hEasa Rua.' Freagra: 'Is deacair í a thomhais ina cárta, mar tá sí luaimneach luath; Ach an méid nach dtéann san áibh dhi, téann sé an t-aird ó thuaidh' (nó an aird ó thuaidh) — ceist a chuir taibhse ar dhuine a bhí ag dul thar dhroichead san oíche. Murach chomh habartha agus a d'fhreagair mo dhuine é, bhí sé lena mharú (Áibh = áibhéis; poll duibheagáin)
→
diaidh
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraíocht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh seanfhear dom ag crosbhóthar ann. Seanfhear breá gaelach i gcosúlacht. 'Cén áit anseo a bhfuil an D. D.,' adeirim féin. An bhfuil a fhios agat cén freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nár thit mé as mo sheasamh. Cén bhrí ach seanfhear mar é. 'Téirigh i ndiaidh do shróine,' adeir sé, 'agus déanfaidh sí eolas duit.' 'Ná raibh maith agat, agus ní hé amháin,' adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinig ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíoraí ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar den Ch. Shaighid muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. 'Céard a chas thusa anseo i ndiaidh do mhullaigh,' adeir M. B. 'Ní i ndiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach i ndiaidh mo ghléis,' adeir an fear aniar
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
Níl fear ag brú ar an doicheall go dté sé go Baile Átha Cliath. Chuamar ann anuraidh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóraíocht áite a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éileamh. Bheifeá ag bualadh leathuair ar an doras gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an doras féin, ní thabharfaidís air ach faonoscal. 'What do you want,' agus chuile dhuine acu agus iad chomh míchéatach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! Nuair a bhí streoillín streille déanta againn den oíche, agus muid sáraithe ag siúl, sea a casadh fear linn a thug chuig a theach féin muid …
→
dán
Má tá i ndán is go dtiocfaidh sé timpeall sa saol go deo go gcaithfidh sé a theacht in mo líonsa, tabharfaidh mise an freagra céanna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait