Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Freagra
ainmfhocal: fireann
uimhir iolraidh: freagraí: freagraíochaí
+
Is deas an freagra é sin le tabhairt ar dhuine ar bith
Go deimhin agus go dearfa thug sé freagra slachtar orm!
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhfuair mé aon-fhreagra ar mo leitir ó shoin
Thug mise a dhíol de fhreagra air. Ní hé an chéad-duine aríst é a chuirfeas mí-aighneas ormsa

Féach freisin

Freagra in iontrálacha eile (17)

 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
+
fáir
Ghlaoidh mé air ach ní bhfuair mé fáir ná freagra = freagra ar bith (baintear leas as "fáir" mar seo le "freagra")
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air ní thiúrfadh sé fáir ná freagra orm. Leig sé air fhéin nar chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar sé a chuala!
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shoin, ach níor fríothadh fáir ná freagra uaidh ó shoin. Marach gur anshógh eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
Nach shin í an cuaille agad! Dhá gcaithinn mo theanga léithi dheamhan fáir ná freagra a thiúrfadh sí orm. Neart staiciúlacht agus droch-mhúineadh. Is gearr nach mbeidh seasamh ar bith léithi
Séard atá a dhéanamh leis sin gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bhéas sé tuirseach, eireóidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
 
baile
Cá'id ó bhaile a bhí tú, nuair a tháinic an bháisteach ort? Freagra — míle ó bhaile, dhá mhíle ó bhaile, tamall maith ó bhaile, achar deas ó bhaile; ní raibh mé achar a' bith ó bhaile; ní raibh mé an fhad seo a's an Chloich Mhóir ó bhaile etc.
+
beo 1
'Chuile uair beo dhár labhair mé leis faoi, badh é an freagra céadna a fuair mé.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé in an-chaoi chríochnuighthe, a's gan geinealach an bhéil bheo, fhoisceacht fáir na freagra dhom.
 
aibí
Níl goir agad focal a chuir as do bhéal, nach bhfuil seisean abaidh le'n fhocal fhéin le brabach a fhaghail ort = bheadh a fhreagra ar bharr a ghuib aige go tráthamhail le t'aghaidh.}}
 
buille
Ceist: 'bhfuil sé an dó fós? Freagra: 'tá sé ar na buillí aige anois'.
 
aird 1
'Ceist agam ort a mhic Uí Mháille, a's fuascail í go luath; Cé mhéad galún sáile, a theighea(nn)s le fána na h-Easa Rua(idhe)' Freagra: 'Is deacair í thomhais 'na cárta, mar tá sí luaimneach luath; Ach a' méid nach dteigheann san áibh dhi, teigheann sé an t-áird ó thuaidh' (nó an áird ó thuaidh) (ceist a chuir taidhbhse ar dhuine a bhí 'g (d)ul thar dhroichead san oidhche. Marach chomh h-abartha a's d'fhreagair mo dhuine é, bhí sé le na mharbhú (Áibh = áibhéis; poll duibheacáin))
 
Ar chuir Meriocá aon-athrú uirre; a' ndearna Meriocá aon-athrú uirre? Freagra — athrú fánach é; rinne, a's an-athrú.
 
diaidh
Bhí mise lá thiar i dT. an Fh. agus mé ag tóraidheacht áit a dtugann siad an D. D. air. Casadh sean-fhear dom ag cros-bhóthar ann. Sean-fhear breagh gaedhealach i gcosamhlacht. "Cé'n áit annseo a bhfuil an D. D." adeirim féin. 'Bhfuil a fhios agad cé'n freagra a thug sé orm. Is beag bídeach nachar thuit mé as mo sheasamh. Cé'n bhrigh ach sean-fhear mar é. "Teirigh indiaidh do shrúine (sróine)" a deir sé "agus déanfaidh sí eolas duit." "Ná raibh maith agad, agus ní hé amháin" adeirimse … B'fhearr ná sin an rud a chuala mise ag fear as D. Fh. a tháinic ag damhsa thuas tigh Mh. Bh. Bhí an ghráin shíorruidhe ag M. B. ar fhear ar bith taobh thiar de'n Ch. Shaghd muid fhéin i bhfear Dh. Fh. é. "Céard a chas thusa annseo indiaidh do mhullaigh" adeir M. B. "Ní indiaidh mo mhullaigh a casadh ann mé, ach indiaidh mo ghléis" adeir an fear aniar
 
Níl fear ag brughadh ar an doicheall go dteighidh sé go Baile Átha Cliath. Chuadhamar ann anuiridh ag an mbáire, agus chaitheamar an oíche ag guairdeall thart ar fud na sráideannaí ag tóruigheacht áit' a d'fhágfadh istigh muid. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bhíomar dhá éiliú. Bheitheá ag bualadh leath-uair ar an dorus gan fáir gan freagra a fháil. Nuair a thiocfadh duine go dtí an dorus féin, ní thiubharfaidís air ach faon-oscal. "What do you want" agus 'chuile dhuine aca agus iad cho mí-chéadtach. Choimirce an diabhail do Bhaile Átha Cliath fré chéile! An uair a bhí streoillín streille déanta againn de'n oíche, agus muid sáruighthe ag siubhal, 'seadh a casadh fear linn, a thug chuig a theach féin muid …
 
dán
Má tá indán agus go dtiocfaidh sé timpeall sa saoghal go deo, go gcaithfidh sé a theacht in mo líon-sa, tiubharfaidh mise an freagra céadna air agus a thug seisean ar an mbean bhocht sin, mar ní thuilleann sé a mhalrait
 
dún
Dúin do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt ais-fhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!