Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
flithmhagadh, frithmhagadh
ainmfhocal
mionmhagadh; magadh a dhéanfaí faoi dhuine go cliste gan fios a bheith aige scaití go mbeifí dhá dhéanamh, nó dhá mbeadh a fhios fhéin, nach bhféadfadh sé údar achrainn a bhaint as.
·
Shílfeá gur ag déanamh flithmhagadh fút atá sé. Buail trasna an drandail é
Lig de do chuid frithmhagaidh anois nó beidh rud ar a shon agat. Is deacair mise a bhaint, ach is trua dhuitse má bhaintear mé

Féach freisin

flithmhagadh in iontrálacha eile (6)

 
Bhí an t-urlár chomh fliuch sin aige agus go mb'éigean dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fána ag an uisce anuas ansiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rá go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chur faoi mar a chuireas muintir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nár speir sé é.
 
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
Bhí sé deisithe amuigh i dtosach an bhus, agus drad flithmhagadh air
 
dochar
Is beag an dochar dó cluasa te a bheith aige agus ar dúradh faoi anseo ó tháinig oíche. Diabhal a (bhur) leithidí a chonaic mé ariamh ag cóiriú daoine. Is beag a thaitneodh sé libh féin, dhá dtosaíodh daoine eile ag flithmhagadh fúibh. Is gearr go mbeadh "te te" ann
 
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht den tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flithmhagadh faoi chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh mhagaidh ar bith sa tír is mó ná é féin
 
díol 2
Chonaic T. s'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindí leis ag rá an Draighneán Donn. Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosaigh an P. ag flithmhagadh: 'Níl a fhios acu sin céard atá muid a rá ach an oiread le asail,' adeir sé. D'iontaigh fear acu ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlanGhaeilge: 'I gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireanach.' Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh