Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Flith-mhagadh: Frith-mhagadh
[ainmfhocal]
mion-mhagadh: magadh a dhéanfaí faoi dhuine go cliste gan fios a bheith aige scaití go mbeithí dhá dhéanamh, nó dhá mbeadh a fhios fhéin, nach bhféadfadh sé údar achrainn a bhaint as.
·
Shílfeá gur ag déanamh flith-mhagadh fút atá sé. Buail treasna an dranndail é
Leig de do chuid frith-mhagaidh anois nó beidh rud ar a shon agad. Is deacair mise a bhaint, ach is truagh dhuitse má bhaintear mé

Féach freisin

Flith-mhagadh in iontrálacha eile (4)

 
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin droch-thúnnáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfuighidh an túnnáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruithte as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba shin é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilleamhaint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosóchadh sé ag flith-mhagadh fút faoi. "Níl siad ag cur tada asam dhom" adéarfadh sé. 'Ar ndú' bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
 
dochar
Is beag an dochar dó cluasa te a bheith aige agus ar dubhradh faoi annseo ó a tháinig oíche. Diabhal a (bhur) leithidí a chonnaic mé ariamh ag cóiriú daoine. Is beag a thaithneochadh sé lib féin, dhá dtosuigheadh daoine eile ag flith-mhagadh fúib. Is gearr go mbeadh "te te" ann
 
Tá an ghráin dhíobhálach agam ar nathaíocht de'n tsórt sin. Ag iarraidh a bheith ag flith-mhagadh faoi 'chuile dhuine agus nach bhfuil dóigh-mhagaidh ar bith san tír is mó ná é féin
 
díol 2
Chonnaic T. se'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindigh leis ag rádh an "Droighneán Donn". Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosuigh an P. ag flith-mhagadh: "Níl a fhios aca sin céard atá muid a rádh ach an oiread le asail" adeir sé. D'ionntuigh fear aca ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlan-Ghaedhilge: "i gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireannach." Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh