Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuaigh
fuaim: /fūəī/
ainmfhocal, fireann
fc. uaigh freisin
cuainín beag cruinnithe nó crompán caol; aircín.
+
Bhí an bád feistithe i gclochar sa bhfuaigh againn agus scanraigh muid agus chomh gártha agus a tháinig an oíche, go bhfuadófaí orainn í
Tá an réim cladaigh sin soir romhat ar fad anois faoi fhuaigheannaí mar sin.
TUILLEADH (3) ▼
Níl meilsceánach ar bith sna fuaigheannaí beaga sin. Dhá dtugtá bord amach faoin Oileán Aerach nó faoi Dhuibhnis, sin é an áit a bhfeicfeá í
Tá togha na feamainne ar na fuaigheannaí seanfharraige sin ach deis a bheith agat lena baint
Ná bac le dhul amach ar an leathrach! Níl sé de mhisneach aige a dhul amach as an bhfuaigh fhéin ní áirím a mhalrait. Sin é an bádóir agat!

fuaigh in iontrálacha eile (42)

 
Is mór an t-ionadh nach mbuailfeadh sí boslach ar a cuid éadaí agus nach bhfuafadh sí iad, tharas a bheith ina breallach mar atá sí.
 
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
 
Rachmall pósta atá air. Ní hé a athrú d'fhuadar atá faoi ar an aimsir seo
+
fuadar
Tá cailín Bh. ag dul isteach agus fuadar fúithi. É fhéin a chonaic sí ag teacht — deifir; furú
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ag dul in áit eicínt anois muis agus an fuadar atá faoi. Ba bheag an baol go mbeadh an fuadar sin air ag dul ina gharraí
Nach ort atá an fuadar ag dul ag baint choirce. Tá breith mhaith air agus gan é as craoibh fós againn. Bainfidh tú glas é
Tá fuadar air seo thuas ag dul 'na chladaigh. Nach air atá an díth céille nach sa mbaile a d'fhan a leithide de lá. Fágfaidh an cladach éagaoineadh aige muis.
Is beag a cheapfadh go mbeadh fuadar ina ghnaithe mar sin faoi! An pósadh a mhic ó! Tá na mná in ann síneadh leis an gcuid is fhearr acu!
Ní hé fuadar a leasa atá faoi pé ar bith cén áit a dtriallfaidh sé. Is furasta a aithne air é. Tá sé ina bhreastairín rómhór
Chuala mé go raibh fuadar fola faoi seo thuas aréir aríst. Oícheanta aonaigh i gcónaí! Níl neart aige deoir ar bith a ól anois nach bhfuil sé éirithe sa gcoirice aige
Fuadar mná atá fút! Is furasta a aithinte ort é. Ní bheifeá chomh beo ar do chois ag dul i dtrá fheamainne
Ara muise nach faoi atá an fuadar achrainn. Foighid ort go dtí ar ball! Gheobhaidh sé a dhóthain den scliúchas sin feicfidh tú fhéin air
 
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aici. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagraíos sí, ná cuid d'fhios
+
fuaim
Tá fuaim ag an ngaoith anocht
TUILLEADH (20) ▼
Bhí an-fhuaim ag an ngaoith sa doras iata
Fuaim na gaoithe sna crainnte a chuir faitíos air
Ní chloiseann tú ach an fhuaim atá ag na crainnte — iad ag gíoscadh leis an ngaoith
Is diabhlaí an fhuaim atá ag an gcarr seo ag teacht anocht.
"Níor chuala mé ariamh ceol ba bhinne, ná urchar smóil agus fuaim na slinne" — an tslinn i seol an fhíodóra
Shíl mé go leagfadh sé an teach leis an bhfuaim a bhí aige — an bhollaireacht nó an chaint a bhí air; an gleo a bhí aige
Tá fuaim ag cladaí ar chaoi ar bith. Scaird eile bháistí — athnítear ar fhuaim na gcladaí má tá báisteach air
Tá fuaim ag an mBranra (áit sa gcladach). Níor labhair sé ariamh ach le athrú aimsire
Nuair a aireos tusa fuaim ag an eas, bí ar do shon féin (drochaimsir)
Tá fuaim ghártha ag an abhainn anocht
An gcluin tú fuaim na farraige? (fuaim na gcladaí, na coille, na habhann, an bhus, an aeroplane, an amhráin srl.)
Chuala mé fuaim aeroplane inniu, ach chinn orm í a fheiceáil
'Sé atá in ann an fhuaim a bhaint as an amhrán (as an mbosca ceoil srl.) — in ann a chrochadh suas
Bhain sé fuaim as (amhrán) ar chaoi ar bith, bíodh guth aige nó ná bíodh
Bainfidh mise fuaim as an droim agat — buailfidh mé pléasc ar an droim ort
Níl aon fhuaim dhá raibh sé a bhaint as droim an asail aniar an bóthar nach gcloisfeá go réidh socair thoir ag an abhainn
"Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac: seas ar an mbruach agus gabhfaidh sí thart" — an té a éistfeas le torann na habhann beidh a fhios aige cén uair a mbeidh marú ar an iasc; an té a chuireas cronaí cheart i gcúrsaí an tsaoil, tuigfidh sé go maith cén uair atá aige féin rud a thapú le balachtáil a bheith aige dhá bharr; ach an té nach dtapóidh an fhaill, ní móide go bhfaigheadh sé aríst í
Chomh luath agus adúirt an seanfhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtabharfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. 'B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa,' arsa mise ar an bpointe. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
Bhí mise in mo shuí istigh sa tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom ansin
Éist le fuaim na habhann, a dhuine, agus gheobhaidh tú breac. Níl a fhios agat cén rud a bheidís sin a rá a ghabhfadh chun sochair duit fhéin ar ball
 
Fuaigh sé ón eanach ar an bhfaslach agus ón bhfaslach ar an eanach aríst — ón mbruach sa lagpholl srl.
 
Fuaigh siad siar Bóthar na Trá inniu ag fámaireacht daofa fhéin. Tá an-tsaol acu
 
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoina chéile leis an bhfuaim a bhain sé as — dorna, cic, iarraidh mhaide srl.
 
deacair 2
Níl fód ag gabháil liom ach talamh deacair. Tá sé fuaite ina chéile, tá sé chomh deacair sin
 
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó. Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
 
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall
 
dáimh
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
 
díon 1
An-tuíodóir é. Chonaic mise díon curtha aige ansin thiar nár lig aon deoir isteach ariamh gur dhreoigh sí anuas den teach le aois. Tá mé ag ceapadh go raibh scór blianta air ar chaoi ar bith shular theastaigh brat uaidh aríst. Bhí bua eicínt aige leis an tuí. D'fhuadh sé ar chaoi eicínt í nach ligfeadh sí an sileadh thríthi go brách