→
fuaigh
uaigh (29)
→
coraice
Má tá sé ar bhéal na huaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air ach a dteaga coraice dhubh na bliana. Déanfaidh sí sin a chreach.
→
críoch
Dhá mbeadh airgead Chríghe Fódla ag duine, cén mhaith dhó é ó cuirfear é. Ní fhéadfaidh sé aon phínn di a thabhairt san uaigh leis.
+
→
bruach
Bruach an phortaigh, an bhóthair, na habhann, na locha, na farraige, lócháin, an bhoird, an bhéil, na carraige, na trá, na huaighe srl.
TUILLEADH (14) ▼
Tá sé ar bhruach na huaighe — leathchois leis istigh agus leathchois leis amuigh inti.
Dhá mbeadh sé sin ar bhruach na huaighe sin í an cheird a bheadh air.
Má tá sé ar bhruach na huaighe fhéin, tá sé in am sin aige. Is iomaí oíche agus lá ó dúradh go mba gasúr é.
Chuir an slaghdán mallaithe céanna go bruach na huaighe mé.
Bhí mé go bruach na huaighe aige (tinneas), agus míle buíochas le Dia, shrian mé as ina dhiaidh sin.
Chuir an gortú sin go bruach na huaighe é.
Ara a dheartháir mo chroí, ná samhlaigh obair dhomsa go ceann míosa fós! Nach raibh mé ar bhruach na huaighe go dtí seachtain ó shin!
Is fada an duine bocht ag crochadóireacht leis ar bhruach na huaighe ach 'sé mo mheas gur gearr an bás anois uaidh ar aon chor
Má thagann ardú eile air mar tháinig aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na huaighe.
Is fada an meathlaíocht é, ach ní raibh sé ar bhruach na huaighe ceart críochnaithe go dtí anois.
Tá an oiread uafáis oibre air siúd agus go n-iontóchadh sé an seanduine a bheadh ar bhruach na huaighe trí huaire sa leaba go bhfeiceadh sé an mbeadh sé in ann buillear bith a dhéanamh.
Má tá sé ar bhruach na huaighe, is maith greadánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as an seomra inné é, ag fuagairt orthub na claíochaí i mbarr an bhaile a bhiorú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saol ag déanamh an imní dhó fós!
Is deas an táirm atá oraibh, agus an seanfhear seo thiar ar bhruach na huaighe.
Ná bac le go dona. Murach go bhfuil sé ar bhruach na huaighe, ní fhailleodh sé ina ghnaithí anocht. Baol air siúd rud is lú ná bainis a ligean thairis!
→
fínigh
Bhí seanbhean ansin thiar agus bhí fíniú maith uirthi san uaigh san am ar tógadh í. Diabhal mé go sílim go raibh sí mí nó leathráithe curtha. Chuaigh cuisle (inquest) uirthi aríst. Bhí le rá gur maraíodh í
→
danra
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
→
deachma
Duine sa gcéad a dheirfiúr ó, a chuirfeas an saol thairis gan corrphoc eicínt dhá bhualadh. Caitear deachma na sláinte a íoc. Bíodh muid buíoch má éiríonn sé linn chomh réidh sin. Feiceann muid fir luatha láidre scolbánta ar na maidí chuile lá sa tseachtain. Nach bhfuil a fhios agatsa ansin go bhfuil sé mór ag seanchuaillí mar muide, a bhfuil leathchois linn istigh san uaigh cheana, a bheith ag casaoid
→
dealbh 1
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceáil beag ná mór anois. Cuireann sí úis air cheapfainn. 'Dhá gcuireadh sí fear ar fónamh in m'áit,' adeir sé, 'níor cás ar bith liom é, ach an strabhsacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na huaighe ó rugadh é. Scread mhaidne uirthi! Má bhí sí ag dul ag déanamh mo mhalrait, breá nach bhfuair sí fear ceart.'
→
diaidh
D'fhága sé saibhreas na saibhreas ina dhiaidh, agus tá a chuid daoine muintreacha ag scliúchas faoi ó shin. Is minic, ar ndóigh, a lig béal na huaighe rud le béal na trua
→
dubhghrá
"Sin é an dubhghrá, nuair a fhaigheas siad bás dhá chéile. Ghnídís é sin fadó ach níl grá ar bith anois ann. Ar chuala tú ariamh faoi Barbary Ellen … Bhuel, ba in dubhghrá … Nó faoi Úna Bhán: 'A Úna Bhán is gránna an luí sin ort; Sínte síos i measc na mílte corp; Mura dtige tú in mo láthair a phlandóigín a bhí ariamh gan locht; Ní chaithfidh mé aon oíche in t'áras go brách ach an oíche anocht.' Cuireadh an bheirt le hais a chéile istigh ar an oileán agus d'fhás crann ar chaon uaigh, agus nuair a mhéadaigh siad, shnaidhm siad ina chéile agus rinne siad aon chrann amháin" (ó Bheartla Rua Ó Flaithearta, Camus, Ros Muc)
→
díol 2
Is minic a ligeas béal na huaighe rud ag béal na trua; ligeann béal na huaighe rud le béal na trua — sa seanfhocal seo scaití, cuirtear díol na trua i leaba béal na trua .i. ligeann béal na fuaighe rud le díol na trua
Go dtuga Dia ciall duit! Bheadh gnaithe mhór aige siúd do bhean. Díthreabhach bocht a bhfuil a chois ar bhruach na huaighe aige mar atá sé. Ba chóra dhó go mór a phaidrín a bheith aige agus é a bheith ag déanamh a anama, ná ag caint ar phósadh
Tá sé ag dul chun seacht mbliana anois — seacht mbliana go Féil Pádraic seo chugainn ó cuireadh í. Cuimhním go maith go raibh muid thiar sa roinnín ag déanamh na huaighe agus go ndeachaigh D. S. tharainn síos ag iarraidh mallach feamainne
→
téigh do
Is diabhlaí an bhuannaíocht atá aici. Chaith sí ag dul dó ariamh ariamh nó gur chuir sí ciméar ceart air, agus gur mheall sí isteach é go dtí an dream a chuir a dheartháir síos san uaigh. Is fear gan fuil é. Ní tada eile é