Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuaim
/fūəm′/
ainmfhocal, baineann
uimhir iolra: fuaimeannaí
torann; géimneach; toirnéis; búiriúch, seabhrán; gleo; culghaire.
+
Tá fuaim ag an ngaoith anocht
Bhí an-fhuaim ag an ngaoith sa doras iata
TUILLEADH (5) ▼
Fuaim na gaoithe sna crainnte a chuir faitíos air
Ní chloiseann tú ach an fhuaim atá ag na crainnte — iad ag gíoscadh leis an ngaoith
Is diabhlaí an fhuaim atá ag an gcarr seo ag teacht anocht.
"Níor chuala mé ariamh ceol ba bhinne, ná urchar smóil agus fuaim na slinne" — an tslinn i seol an fhíodóra
Shíl mé go leagfadh sé an teach leis an bhfuaim a bhí aige — an bhollaireacht nó an chaint a bhí air; an gleo a bhí aige
+
Tá fuaim ag cladaí ar chaoi ar bith. Scaird eile bháistí — athnítear ar fhuaim na gcladaí má tá báisteach air
Tá fuaim ag an mBranra (áit sa gcladach). Níor labhair sé ariamh ach le athrú aimsire
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a aireos tusa fuaim ag an eas, bí ar do shon féin (drochaimsir)
Tá fuaim ghártha ag an abhainn anocht
·
An gcluin tú fuaim na farraige? (fuaim na gcladaí, na coille, na habhann, an bhus, an aeroplane, an amhráin srl.)
Chuala mé fuaim aeroplane inniu, ach chinn orm í a fheiceáil
+
'Sé atá in ann an fhuaim a bhaint as an amhrán (as an mbosca ceoil srl.) — in ann a chrochadh suas
Bhain sé fuaim as (amhrán) ar chaoi ar bith, bíodh guth aige nó ná bíodh
TUILLEADH (2) ▼
Bainfidh mise fuaim as an droim agat — buailfidh mé pléasc ar an droim ort
Níl aon fhuaim dhá raibh sé a bhaint as droim an asail aniar an bóthar nach gcloisfeá go réidh socair thoir ag an abhainn
+
"Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac: seas ar an mbruach agus gabhfaidh sí thart" — an té a éistfeas le torann na habhann beidh a fhios aige cén uair a mbeidh marú ar an iasc; an té a chuireas cronaí cheart i gcúrsaí an tsaoil, tuigfidh sé go maith cén uair atá aige féin rud a thapú le balachtáil a bheith aige dhá bharr; ach an té nach dtapóidh an fhaill, ní móide go bhfaigheadh sé aríst í
Chomh luath agus adúirt an seanfhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtabharfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. 'B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa,' arsa mise ar an bpointe. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mise in mo shuí istigh sa tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom ansin
Éist le fuaim na habhann, a dhuine, agus gheobhaidh tú breac. Níl a fhios agat cén rud a bheidís sin a rá a ghabhfadh chun sochair duit fhéin ar ball

fuaim in iontrálacha eile (5)

 
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
 
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aici. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagraíos sí, ná cuid d'fhios
 
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoina chéile leis an bhfuaim a bhain sé as — dorna, cic, iarraidh mhaide srl.
 
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó. Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
 
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall