Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuaim
/fūəm′/
Ainmfhocal, Buineann
Uimhir Iolraidh = fuaimeannaí.
torann; géimneach; toirnéis; búiriúch, seabhrán; gleó; culghaire.
+
Tá fuaim ag an ngaoith anocht
Bhí an-fhuaim ag an ngaoith san doras iata
TUILLEADH (5) ▼
Fuaim na gaoithe sna crainnte a chuir faitíos air
Ní chloiseann tú ach an fhuaim atá ag na crainnte = iad ag gíoscadh leis an ngaoith
Is diabhlaí an fhuaim atá ag an gcarr seo ag teacht anocht.
"Níor chuala mé ariamh ceól ba bhinne, ná urchar smóil agus fuaim na slinne" = an tslinn i seól an fhíodóra
Shíl mé go leagfadh sé an teach leis an bhfuaim a bhí aige = an bhollaireacht nó an chaint a bhí air; an gleo a bhí aige
+
Tá fuaim ag cladaigh ar chaoi ar bith. Scáird eile bháistí = athníthear ar fhuaim na gcladaigh, má tá báisteach air
Tá fuaim ag an mBranra (áit san gcladach). Níor labhair sé ariamh ach le athrú aimsire
TUILLEADH (2) ▼
An uair a aireós tusa fuaim ag an eas bí ar do shon féin (droch-aimsir)
Tá fuaim ghárha ag an abhainn anocht
·
An gcluin tú fuaim na fairrge (fuaim na gcladaigh, na coille, na habhann, an bhus, an aeroplane, an amhráin agus rl.)?
Chuala mé fuaim "aeroplane" inniu, ach chinn orm í a fheiceál
+
Sé atá indon an fhuaim a bhaint as an amhrán (as an mbosca ceóil etc.) = indon a chrochadh suas
Bhain sé fuaim as (amhrán) ar chaoi ar bith, bíodh guth aige nó ná bíodh
TUILLEADH (2) ▼
Bainfidh mise fuaim as an druím agad = buailfidh mé pléasc ar an druim ort
Níl aon-fhuaim dhá raibh sé a bhaint as druim an asail aniar an bóthar, nach gcloisfeá go réidh socair thoir ag an abhainn
+
"Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac: Seas ar an mbruach agus gabhfaidh sí thart" = an té a éistfeas le torann na habhann beidh a fhios aige cén uair a mbeidh marú ar an iasc; an té a chuireas cronaí cheart i gcúrsaí an tsaoil, tuigfidh sé go maith cén uair atá aige féin rud a thapú, le balachtáil a bheith aige dhá bharr; ach an té nach dtapóidh an fháill, ní móide go bhfuigheadh sé aríst í
Cho luath agus adúirt an sean-fhear an chaint sin, bhí a fhios agamsa nach dtiúrfadh sé an talamh ar cíos aríst do na 'C Thuathalánaigh. "B'fhearr dhuit a thabhairt domhsa", arsa mise, ar an bpuinnte. Agus thug. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. Deir siad ariamh é
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mise in mo shuí istigh san tsáinne siúd agus mé ag éisteacht leis an mbeirt. Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. M'anam nach bréag ar bith é sin. Ba ghearr gur tharraing siad anuas na bóithrí … Bhí an báire liom annsin
Éist le fuaim na habhann, a dhuine, agus gheobhaidh tú breac. Níl a fhios agad cén rud a bheidís sin a rádh a ghabhfadh 'un sochair duit fhéin ar ball

Fuaim in iontrálacha eile (6)

 
buinne 1
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa idtaca, a's ceann acab lán go buinne bruach. Isteach leis annsin, a's marar chuir sé fuaim le 'bádóirín Thír an Fhiaidh' castar leis é.
 
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aice. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagruíos sí, ná cuid d'fhios
 
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoin a chéile leis an bhfuaim a bhain sé as = dorna, cic, iarraidh mhaide etc.
 
Ní fhaca mé aon-dilleoirín go h-iomdha (fuaim iom-aoí) ach an grabairín beag sin ag M. Ph. Sh. Sháruigh sé a mháthair an oíche faoi dheire. Dheamhan maith a bheadh aige ann go dtugadh sí cead dó a raibh de shoithigh ar an drisiúr a thógáil anuas, agus a gcur síos ins an gciseán, mar dhóigh dhe go mbadh ceannuidhe gréithí é. Tháinig M. isteach agus nuair a chonnaic sé an drisiúr feidheartha, agus na soithigh ins an gciseán, rug sé in a ghabhail air agus bhí sé ag leigean an treabhsairín síos leis nuair a d'iarr sé cara agus coimirce orm féin. Shábháil mé é, ach deirimse leat gur fada aríst go dtosuighidh sé ar an gceird siúd — in a cheannuidhe gréithí.
 
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin annsin siar ag fuagairt bean Domhnaigh indiaidh na bó. Diabhal asna dhíom féin agus d'A. nachar lean siar é, agus chuaidh muid isteach sa gcaracán mór agus thosuigh muid féin ag fuagairt bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — annsin, agus ní raibh áit ar bith siar annsin nach gcloisfeá bean Domhnaigh
 
Bhain sé cannda as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an druim aige anocht. Dheamhan focal arranta adubhairt sé leis th'éise sin, ach é a thabhairt dhá shiubhal ar an dá luath agus a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé truaighe dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin ins an míllteanas luath ná mall.