Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuil
briathar, nó focal agus feidhm briathair leis.
sa leagan fuil leat: imigh; gabh ann; gread. Ach ciallaíonn sé fóill ort, fan go bhfeice tú amantaí. B'fhéidir sa gcás sin gur meascadh le fóill é. Fuaim ll dúbalta caol atá i fuil leat.
+
Fuil leat! Nó cuirfidh mise ag imeacht thú agus deifir ort
Fuil leat go beo agus téirigh ag glaoch air
TUILLEADH (4) ▼
Fuil leat agus ná bím ag breathnú ort níos faide
Fuil leat in éindí leis
Fuil leat chuig an siopa ag iarraidh tobac dom
Fuil leat! Ach a mbeire mise ort íocfaidh tú ann! — fóill ort! (fuirigh leat?) You will catch it

Féach freisin

fuil in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
 
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
+
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
TUILLEADH (2) ▼
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
+
Níl rud ar bith is mó a bhfuil faitíos agam roimhe ná an fharraige
TUILLEADH (6) ▼
Is mó faitíos mise roimh an ngála ná roimh an toirneach. Ach chreidim gur measa í an toirneach go sábhála Dia sinn. M'anam go bhfuil an gála féin damáisteach go leor
Beidh tú amuigh nó go gcuirtear faitíos ort! Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil an bóithrín sin síos síúil, fuagraí muid dea-chomharsanacht orthu, agus síocháin barainneach inniu Dé Máirt!
Tá sé ag teacht ina fhaitíos air anois de bharr a bhfuil daoine a chumadh dhó
Tá faitíos orm dó gur goidte atá sé, nuair nach bhfuil sé san áit ar leag mé é
Is mór m'fhaitíos nach bhfuil an ceart agat. Dhá mbeadh, bhí againn
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
faoisc
Fág ansin iad. Níl leathbhruith orthu fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orthu. Níor fhaoisc siad chor ar bith
+
fara
Sílim go bhfuil a sheal tugtha anois (seanchlog). 'Sí an fhara a áit feasta
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó tharla) nach bhfuil sé in ann aon cheo a dhéanamh.
+
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
TUILLEADH (8) ▼
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Déarfainnse nach bhfuil earasbarr ar bith ag D. ar J. Tá an oiread airgid ag J. leis. Diabhal thiomanta pínn dó nach bhfuil!
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
Ní baileach go bhfuil an tseachtain seo chomh dona is a bhí an tseachtain seo caite, ach dar mo leabhar, níl mórán d'earasbarr aici ach oiread
Níl aon mhaith dhuitse a bheith ag caint ar sraith. Is measa an aimsir anois ná fadó. Nach bhfeiceann tú chuile bhliain dhá bhfuil ag teacht go bhfuil sí ag baint farasbarr dhá chéile
Níl garraí ag gabháil leis nach ag baint farasbarr donacht dhá chéile atá. Diabhal mé go bhfuil roinn thalúna ansin thiar aige agus nach mbeadh sé inrásta agat a siúl, tá sí chomh hachrannach sin. Is beag nár bascadh mé an lá faoi dheireadh inti agus mé ag briseadh trasna go dtí an bóithrín thiar.
Chomh fada agus is léir domsa é, 'sé an chaoi a bhfuil gach dream acu ag baint earasbarr donacht dhá chéile. Ab é anois? M'anam go feictear dhomsa gurb é. Geallfaidh siad ar fad duit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é, mar adeir an ceann eile.
Déarfainnse go bhfuil earasbarr leiciméireacht ann thar an athair
+
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Chítear dhom go bhfuil feadhnach mór sa ngarraí aige inniu ag baint fhataí murab iad na cliamhaineachaí atá ann
+
Ní hé fearacht an fhir seo anseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
 
fear
Má fhaigheann sé céad punt anois beidh sé ag fearadh air aríst go ceann fada, théis nach bhfuil obair ar bith aige — beidh sé ag dul chun sochair dó
 
feart
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
 
Nach cumasach an chaoi a bhfuil sé ag cothú ar an bhfearthainn seo? Ní thiocfaidh aon aghaidh ar an aimsir i mbliana mura bhfuil ag Dia
+
Tá sé tinn, adeir tú. Ní feasach mé go bhfuil muis — ní heolas dom
TUILLEADH (2) ▼
Ní feasach mé go bhfuil faoi aon teach nua a dhéanamh.
B'fhéidir go bhfuil sin amhlaidh, ach ní feasach mé air má tá — níl a fhios agamsa é
 
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
 
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
+
fios
Ab in é a bhfuil tú le tabhairt de cheartú ar an scéal. Tá mé gan fios fós muis — ní thuigim an scéal d'uireasa tuilleadh mínithe
TUILLEADH (8) ▼
Tá tú ó fhios ar an scéal sin, mura bhfuil a fhios agat fhéin cheana é
'Sé an diabhal é nó tá fios na rólachaí aige feasta choíchin agus chomh fada agus atá sé taithithe ann. Ach ní duine é a bhfuil aon mheabhair ann cheapfainn
Mura bhfuil aon fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach — eolas a raibh feamainn isteach sa gcladach
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
Ní chasfaí in do shiúl lae leat fear a bhfuil fios a labhartha aige chomh maith le M. Bh. ansin thoir. Is clú don tír é agus an chaoi a bhfuil sé in ann a scéal a cheartú do shagart agus do bhráthair, agus do dhuine uasal
Dhá mbeadh fios mo labhartha agamsa i mBéarla — rud nach bhfuil — thabharfainnse an teanga dhó, d'fheicfeadh sé féin air. Mura sonnta é!
An bhfuil fios do cheirde agat fós? — an bhfuil do cheird foghlamtha agat fós?
Is fear é a bhfuil fios a ghnaithe aige — tá a fhios aige cén chaoi lena chuid oibre, nó le ceann oibre áirid, a dhéanamh