—
údar, réasún, siocair, an chiall, an mhíniú, an t-ábhar, an "tuige".
+–
Buaileadh thú. Cén fáth?
Cén fáth nach ndeachaigh tú ag an scoil inniu?
TUILLEADH (7) ▼
Cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
Cén fáth a bhí aige do Tom? — tuige ar bhuail sé, ar ionsaigh sé srl. Tom
Cén fáth atá leis an lá sin a bheith ina shaoire? — cén chiall an lá sin a bheith ina shaoire
Tá seilbhéaraí ag imeacht ar fud na talúna aríst. Cén fáth atá leis sin (cén fáth é sin)
Cén sórt, cén fáth é. Cén fáth é, ach gurb é P. a rinne é. Sin é an fáth é — duine ag fiafraí, cén fáth a bhí le rud áirid agus an freagra seo a thabhairt air
Cén fáth é ach go bhfuil muide cluiche agus go gcaithfidh tusa íoc. Agus tá tú salach freisin ón gcluiche cheana
Tá an-smúit air anocht hé brí cén fáth (é)
+–
Cén fáth buailte a bhí aige — tuige ar bhuail sé
Cén fáth dúnadh a bhí agat ar an doras sin?
TUILLEADH (6) ▼
An bhfuil fáth láíocht ar bith aige liomsa? Níl, mura grá ailpe é
Céard é fáth do gháire (do ghoil, do chuid troda, do bhróin, do bhuartha, do ghlaoch, do chuid nathaíochta, do mheanma, do ghliondair srl.) — cén fáth gáire atá agat (fúmsa srl.)
Cén fáth do gháire, a chailleach (níl an t-alt anseo faoi dhó, mar shílfí i dtosach .i. cén fáth go bhfuil tú ag gáire)
Cén fáth a sprochaille? — cén fáth go bhfuil sé ag caoineadh?
Cén fáth a mhosán?
Cén fáth glaoch iad ach an oiread le dream ar bith sa tír? — cén fáth go mbeifí ag glaoch ina ndiaidh agus iad ag siúl an bóthar
+–
An bhfuil aon fháth do Mh. agat ach an méid sin? Is suarach an fáth é sin
Chaithfeadh sé go raibh fáth thar cionn aige a dhul ag tarraingt achrainn.
TUILLEADH (19) ▼
Is beag an fáth é sin mura raibh d'fháth aige ach an méid sin
Thug sé fáth mo dhóthain dom. Murach gur thug, ní chuirfinn aon araoid air — he gave me good reason
Dheamhan fáth atá sé siúd a iarraidh. Tosóidh sé ag ól gan fáth ar bith
Is iomaí fáth a bhí agam leis. Ar an gcéad ásc dhe, níor mhaith liom é seo thíos a ligean isteach …
Bhí an-fháth aige corraí amach inniu. Murach go raibh, ní chorródh sé amach
Sin fáth go leor d'fhear ar bith. Dhá n-abraítí é sin liomsa …
Ní thógfainn cloch chuig fear ar bith ach ar fháth mhór (gan fáth mór)
Tá sé ag fuasaoid ar bheagán fáth
Achrann gan fáth a bhí san achrann sin
Seanmóir gan fáth í a sheanmóir sin i gcónaí
Tabhair fáth dhó feiceamuist! Ansin a bheas agat cén láíocht atá ann
Níor thug sé fáth ar bith dhom. M'anam dhá dtugadh nár liomsa ab fhaillí é. Bhí mé ag faire air
Má bhí cuthach féin air, fuair sé a fháth (fuair sé fáth)
Tá mé tinn agus a fháth agam — tá fáth agam le bheith tinn
Níor tháinig sé agus a fháth aige. B'fheasach é dhá mbeirtí sna bólaí seo air go bhfaigheadh sé tuirne Mháire
Níor thaobhaigh sé chor ar bith le seachtain muid, agus is maith an fáth (é; atá leis sin). D'fheiceadh sé an ceann eile ag triall orainn chuile oíche — bhí údar maith nó fáth maith leis
Murar íoc sé é, ba mhaith an fáth: thuig sé nach leanfaí é faoi
Níl mé ag codladh néal ar bith mar seo agus is maith an fáth: an iomarca tobac atá mé a chaitheamh. Tá mé loiscthe aige
Murar bhain mise dhó (dhe) é, ba mhaith an fáth. Dhá mbaininn, bheadh an tua bháis os mo chionn ag an bhféar thiar
+–
Dúirt sé liom an chois a scríobadh thar cionn, mar 'sé an fáth é ('sé an fáth é sin), go bhfuil máthair an ghair istigh fós agus cuirfidh tú amach í le corp scríobadh
Níor dhúirt mé tada leis faoin mbicycle an oíche sin, arae sé sin an fáth: chaithfinn fanacht agus a dheasú dhó, agus gan corraí na gcos ionam le tuirse
TUILLEADH (2) ▼
Ná díol tusa an mhóin sin fós. Fan ort go ceann scaithimh. Mar ‘sé sin an fáth: móin bhán is mó atá agatsa. Cuileálfaidh siad as éadan anois í, ach is maith leo acu í amach anseo, nuair a theannfas leo
Níor chuir mé meacan ar bith i mbliana agus sé sin an fáth, chuir mé ceapach acu anuraidh agus loic siad as éadan. Ceann amháin níor tháinig
+–
Tá fios fátha na cúise aige anois uaimse — thug mé gach tuairisc dó faoin gcúis
Ná caintigh thusa as do bhéal air sin go bhfaighe tú fios fáth an achrainn i dtosach
TUILLEADH (2) ▼
Tabharfaidh mise fios fáth an scéil dó
Níor mhór leis fios fáth na cainte sin a fháil, agus m'anam go bhfuil a fhios agat fhéin nach mórán seanúdair atá againne. S. Mh. a bhí a ligean faoi. Chuirfeadh sé sin an clár mín air dhó
+–
Bhuail sé mé gan fáth gan ábhar — gan údar ar bith
Buaileadh tinn é gan fáth gan ábhar
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh aon fháth aige dhom, níor mhiste liom é, ach m'ionsaí gan fáth gan ábhar?
Dheamhan fáth ná ábhar nach ndéanfá féin é. Tá tú chomh díomhaoineach le do leithide ar bith!
+–
Ní fáth glaoch ar bith iad ach an oiread le cearca ar bith eile, agus ina dhiaidh sin fhéin, is ag starrghlaoch atá siad dólúm — níl fáth ar bith ag na cearca sin a bheith ag glaoch
Ní fáth magaidh ar bith é — níl údar ar bith agaibh a bheith ag magadh; ní dóigh mhagaidh é an té a bhfuil sibh ag magadh faoi
TUILLEADH (1) ▼
Ní fáth magaidh ar bith anois é agus ní tráth magaidh é ach oiread
fáth in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth ach faitíos a bheith air?
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). Deile?
→
feimín
Níl ar an ngamhain siúd ach feimín beag driobaill. Thit sé dhó (dhe) hé brí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
→
fág
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce ansin i mbealach chuile dhuine
→
caidéis
Cén fáth ar fhiafraigh sé sin dhíom! Muise cár fhága tú an chaidéis! — fiosracht, fiafraíl
Is iomaí fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhúint. Ní fáth náire ar bith é sin, mura mbí coir thútach déanta agat.
→
cleite
Nach é Maitias an cleite is fhearr in do sciathán, agus cén fáth a mbeifeá ag caitheamh agus ag cáineadh air.
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
Rinne sí an-teanntás orm i dtosach, ach shílfeá go bhfuil sí ag gabháil chun coimhthís liom le gairid pé ar bith cén fáth é.
→
coirpéis
Níl mórán coirpéise ar bith ag an teach sin. Tá mé ag ceapadh gurb in é an fáth a mbreathnaíonn an ceann chomh sínte air.
+
→
beo 1
'Sé an fáth a gcuirtear na gliomaigh sa bpota taisce, i riocht is go mbeidís beo beithíoch nuair a thiocfaí dhá ndíol.
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú cén fáth an t-éasc beo seo a bheith ag léimneach i mo chois?
→
bior
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith, a cheann ar bior. Tuige thú a bheith chomh luaineach sin agus gan fhios cén fáth?
+
→
buail
Bhuail fonn ropaireachta í agus d'ionsaigh sí mé — ní raibh fáth ná ábhar ar bith eile aici leis ach an méid sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo chuid meaingeals as éadan buailte. Níor tháinig ionga ná orlach orthub le mí, pé ar bith cén fáth é.
→
buille
Ní fhéadfadh an féar sin gan a bheith buille dreoite, arae sé sin an fáth, ní bhfuair sé an ghrian.
→
buinne 2
In íochtar an bhuinne, in aice na créafóige, a thionsclaíonns an dúchan i gcónaí. Caithríonn sé as sin amach ar na bileogaí. Sin é an fáth go measaimse gur as an talamh a thaganns sé.
Bhí an talamh ró-airiúil agus leasaigh tú rómhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.
+
→
ainm
Ná tabhair ainm Dé gan fáth (dara haithne Dé)
TUILLEADH (5) ▼
Ná bí ag tabhairt ainm Dé gan fáth mar sin.
Is mór an náire dhuit é ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Is mór an peaca dhuit a bheith ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Cén chall atá dhuit a bheith ag tabhairt ainm Dé gan fáth
Tá ainm Dé gan fáth agat ar chuile dar(n)a focal.
→
aire
Níor cheart cianóg rua a fhágáil aige mar 'sé sin an fáth, níl a fhios aige le aon aire a thabhairt don airgead.
+
→
amach
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh a fhios agat mo dhola amachsa le seachtain, ní fhiafhrófá cén fáth nach bhfuil airgead agam.
Cén fáth nár íoc sé amach thú faoi láthair.
Chuala mé go bhfuil an chailleach lena thabhairt chun dlí faoina caitheamh amach gan fáth gan ábhar.
+
→
anuas
Chinnfeadh ort a thuiscint ó fhlaitheas anuas, cén fáth nach mbeadh déantús maitheasa eicínt ann
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh an tír anuas air murach go bhfuil fáth eicínt leis.
→
frapa
Is fadó ariamh nach mbeadh druid aige sin murach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimhnithe é ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneáil saighdte in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orthu, ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh leo ina dhiaidh sin murach an "bulaí" mór
Ní raibh frithghob an duáin i ngreamús ann chor ar bith. Sin é an fáth ar thug sé an eang leis. Tá a chomhairleachan faighte aige anois. Ní hé an chéad bhreac a thiocfas ag smúrthacht timpeall ar bhaoite aríst é
→
fíonnach
Chuimil an Naomh Pádraig a láimh in aghaidh stuif d'fhíonnach an mhadaidh agus sin é an fáth é a bheith (an fíonnach) siar ó shin seo é adeirtear
Tá tú ag siodgháire ansin ar feadh na hoíche agus gan a fhios sa diabhal cén fáth. Má tá údar gáire agat, déan gáire breá slachtmhar mar a dhéanfadh fear, thar is an sciotaíl bhradach sin
→
iomaire
Bhí pailitéaraí ansin fadó, sin é an fáth na hiomrachaí bána a bheith ann anois — is iomaí áit, go háirid ar thamhnógaí sléibhe atá bánaithe anois, a mbíodh cónaí fadó roimhe an drochshaol. Bhíodh daoine (pailitéaraí) go síoraí ag aistriú ó áit go háit. Dhéanaidís teach scratha ar chnocán nó ar thulaigh nó ar thamhnóig nó ar an móinín bán chois an chosáin, agus shaothraídís binn den talamh nó den tulaigh srl. Bhainidís an barr nó an bearradh sin de, ach shula mbíodh ionú ag an measadóir a theacht agus a dteáltaí agus a n-áirgí a mheas, ligidís an cónaí sin de léig agus théidís go dtí tamhnaigh eile. Go hiondúil, ní bhainidís ach barr amháin den gheadán talún a dtógaidís binn air agus d'imídís gan na bruachannaí a leagan. Is dá bharr sin atá cumraíocht na n-iomrach le feiceáil ar chnocáin agus ar thamhnachaí sléibhe fós, nach raibh aon chónaí orthu le linn na ndaoine. Pailitéaraí na daoine a mbíodh an súnás (saobhnós) sin orthu agus iomrachaí bána atá ar na cnocáin srl. dá mbarr
→
ionsaigh
D'ionsaigh sí mé gan fáth gan ábhar — thug sí fúm gan údar. Thiocfadh dó go gciallódh sé díbliú nó troid aranta le na lámha
→
iontas
→
íochtar
'Sé an fáth go bhfuil an ghaoth aduaidh chomh nimheanta, mar is as Íochtar Tíre a thagas sí
→
faltanas
Chaith sé amach M. as faltanas, an áit nnár thaitnigh muintir na háite leis. Dheamhan fáth eile a bhí aige dhó
→
fiach 1
M'anam nach bhfuil fáth ar bith agatsa a bheith ag ceasacht. Tá triúr agaibh ag saothrú. Ach féacha mise nach bhfuil agam ach fiach na haon chon. É sin féin is gearr go mbristear é
→
fill
Cén fáth ar fhill sé ón gcladach — casadh ar ais; casadh ar ais shula mbeadh sé chomh fada leis an gcladach