Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáth
Ainmfhocal, Fireann
Uimhir Iolraidh: fáthannaí
údar, réasún, siocair, an chiall, an mhíniú, an t-ábhar, an "tuige".
+
Buaileadh thú. Cén fáth?
Cén fáth nach ndeacha tú ag an scoil inniu?
TUILLEADH (7) ▼
Cén fáth a bhfuil tú ag caoineadh?
Cén fáth a bhí aige do Tom? = tuige ar bhuail sé, ar ionnsuigh sé etc. Tom
Cén fáth atá leis an lá sin a bheith in a shaoire? = cén chiall an lá sin a bheith in a shaoire
Tá seilbhéaraí ag imeacht ar fud na talúna aríst. Cén fáth atá leis sin (cén fáth é sin)
Cén sórt, "cén fáth é". Cén fáth é, ach gurb é P. a rinne é. Sin é an fáth é = duine ag fiafraí, cén fáth a bhí le rud áirid, agus an freagra seo a thabhairt air
Cén fáth é, ach go bhfuil muide cluiche agus go gcaithfidh tusa íoc. Agus tá tú salach freisin ón gcluiche cheana
Tá an-smúit air anocht hébrí cén fáth (é)
+
Cén fáth buailte a bhí aige = tuige ar bhuail sé
Cén fáth dúnadh a bhí agad ar an doras sin?
TUILLEADH (6) ▼
An bhfuil fáth laghaíocht ar bith aige liomsa? Níl, mara grádh ailpe é
Céard é fáth do gháire (do ghoil, do chuid troda, do bhróin, do bhuartha, do ghlaoch, do chuid nathaíochta, do mheanma, do ghlionndair etc.) = cén fáth gáire atá agad (fúmsa etc.)
Cén fáth do gháire, a chailleach (níl an t-alt annseo faoi dhó, mar shílfí idtosach .i. cén fáth go bhfuil tú ag gáire)
Cén fáth a sprochaille? = cén fáth go bhfuil sé ag caoineadh?
Cén fáth a mhusán?
Cén fáth glaoch iad, ach an oiread le dream ar bith san tír? = cén fáth go mbeithí ag glaoch in a ndiaidh agus iad ag siúl an bóthar
+
An bhfuil aon-fháth do Mh. agad ach an méid sin? Is suarach an fáth é sin
Chaithfeadh sé go raibh fáth thar cionn aige a dhul ag tarraint achrainn.
TUILLEADH (19) ▼
Is beag an fáth é sin mara raibh d'fháth aige ach an méid sin
Thug sé fáth mo dhóthain dom. Marach gur thug, ní chuirfinn aon-araoid air = he gave me good reason
Dheamhan fáth atá sé siúd a iarraidh. Tosóidh sé ag ól gan fáth ar bith
Is iomdha fáth a bhí agam leis. Ar an gcéad-fhásc dhe, níor mhaith liom é seo thíos a leigean isteach …
Bhí an-fháth aige corraí amach inniu. Marach go raibh, ní chorródh sé amach
Sin fáth go leór d'fhear ar bith. Dhá n-abruighthí é sin liomsa …
Ní thóigfinn cloch chuig fear ar bith ach ar fháth mhór (gan fáth mór)
Tá sé ag fuasaoid ar bheagán fáth
Achrann gan fáth a bhí san achrann sin
Seanmóir gan fáth í a sheanmóir sin i gcomhnaí
Tabhair fáth dhó feiceamuist! Annsin a bhéas agad cén lághaíocht atá ann
Níor thug sé fáth ar bith dhom. M'anam dhá dtugadh nachar liomsa ab fhaillí é. Bhí mé ag faire air
Má bhí cuthach féin air fuair sé a fháth. (fuair sé fáth)
Tá mé tinn agus a fháth agam = tá fáth agam le bheith tinn
Níor tháinig sé agus a fháth aige. B'fheasach é dhá mbeirtí sna bólaí seo air, go bhfuigheadh sé túirne Mháire
Níor thaobhuigh sé chor ar bith le seachtain muid, agus is maith an fáth (é; atá leis sin). D'fheiceadh sé an ceann eile ag triall orainn chuile oíche = bhí údar maith, nó fáth maith leis
Marar íoc sé é, ba mhaith an fáth: thuig sé nach leanfaí é faoi
Níl mé ag codladh néal ar bith mar seo, agus is maith an fáth: an iomarca tobac atá mé a chaitheamh. Tá mé loische aige
Marar bhain mise dhó (dhe) é, ba mhaith an fáth. Dhá mbaininn bheadh an tuagh bháis as mo chionn ag an bhféar thiar
+
Dúirt sé liom an chois a scríobadh thar cionn, mar sén fáth é (sén fáth é sin) go bhfuil máthair an ghoir istigh fós, agus cuirfidh tú amach í le corp scríobadh
Níor dhúirt mé tada leis faoin mbicycle an oíche sin, arae sé sin an fáth: chaithfinn fanacht agus a dheasú dhó, agus gan corraí na gcos ionam le tuirse
TUILLEADH (2) ▼
Ná díol tusa an mhóin sin fós. Fan ort go ceann scathamh. Mar sé sin an fáth: móin bhán is mó atá agadsa. Cuileálfaidh siad as éadan anois í, ach is maith leó aca í amach annseo, nuair a theannfas leó
Níor chuir mé meacan ar bith imbliana, agus sé sin an fáth, chuir mé ceapach aca anuiridh, agus loic siad as éadan. Ceann amháin níor tháinig
+
Tá fios fátha na cúise aige anois uaimse = thug mé gach tuairisc dó faoin gcúis
Ná caintigh thusa as do bhéal air sin, go bhfagha tú fios fáth an achrainn idtosach
TUILLEADH (2) ▼
Tiúrfaidh mise fios fáth an scéil dó
Níor mhór leis fios fáth na cainnte sin a fháil, agus m'anam go bhfuil a fhios agad fhéin, nach mórán sean-údair atá againne. S. Mh. a bhí a leigean faoi. Chuirfeadh sé sin an clár mín air dhó
+
Bhuail sé mé gan fáth gan ábhar = gan údar ar bith
Buaileadh tinn é gan fáth gan ábhar
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh aon-fháth aige dhom, níor mhiste liom é, ach m'ionnsuighe gan fáth gan ábhar?
Dheamhan fáth ná ábhar nach ndéanfá féin é. Tá tú cho díomhaoineach le do leithide ar bith!
+
Ní fáth glaoch ar bith iad, ach an oiread le cearca ar bith eile, agus in a dheidh sin fhéin, is ag stár-ghlaoch atá siad dólúm = níl fáth ar bith ag na cearca sin a bheith ag glaoch
Ní fáth magaidh ar bith é = níl údar ar bith agaibh a bheith ag magadh; ní dóigh mhagaidh é an té a bhfuil sibh ag magadh faoi
TUILLEADH (1) ▼
Ní fáth magaidh ar bith anois é, agus ní tráth magaidh é ach oiread

Fáth in iontrálacha eile (50+)

+
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth, ach faitíos a bheith air?
TUILLEADH (1) ▼
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
 
Níl ar an ngamhain siúd ach fimín beag driobaill. Thuit sé dhó (dhe) hébrí cén fáth é. Le truailleachas is dóigh
 
fios
Tá fios an scéil aige seo aníos; tá fios fáth an scéil aige = gach tuairisc nó fáirnéis faoi
 
fág
Fág sin, agus tabhair bealach dhom. Cén fáth dhuit a bheith in do staidhce annsin i mbealach chuile dhuine
 
Cé'n fáth ar fhiafruigh sé sin dhíom! Muise cá'r fhága tú an chaidéis! = fiosracht, fiafruighil.
 
Is iomdha fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhamhaint. Ní fáth náire ar bith é sin, mara mbí coir thútach déanta agad.
 
ceal 1
Cheal fios, cheal stuaim — sin é an fáth a ndeárna sé é.
 
cleite
Nach hé Maitias an cleite is fhearr in do sciathán, a's cé'n fáth a mbeitheá a' caitheamh a's a' cáineadh air.
 
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
 
Rinne sí an-teanntás orm idtosach, ach shílfeá go bhfuil sí a' gabhail 'un coimhighthis liom le goirid pé'r bith cé'n fáth é.
 
Níl mórán coirpéis' a' bith ag a' teach sin. Tá mé 'ceapadh gurb shin é an fáth a mbreathnuigheann a' ceann chomh sínte air.
+
beo 1
Sé'n fáth a gcuirtear na gliomaigh sa bpota taisce, i riocht's go mbeidís beo, beithidheach, nuair a thiocfaidhe dhá ndíol.
TUILLEADH (1) ▼
Meastú cé'n fáth an t-iasc beo seo a bheith a' léimneach i mo chois?
 
bior
Níl fhios agham, cé leis a ndeacha tú chor a' bith, a cheann-ar-bior. Tuige thú 'bheith chomh luaithneach sin, a's gan fhios cé'n fáth?
 
aice 2
Ní airigheann sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth, nach dteagann sé
 
'Sé fáth m'aithmhéala, nach bhféadfainn a dhul chomh fada leat agus thú idteannta.
+
buail
Bhuail fonn ropaireachta í, a's d'ionnsuigh sí mé — ní raibh fáth ná adhbhar a' bith eile aici leis, ach a' méid sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mo chuid 'meaingeals' as éadan buailte. Níor tháinic ionga ná ordlach orra(b) le mí, pé'rbí cé'n fáth é.
 
buille
Ní fhéadfadh a' féar sin gan a bheith buille dreoighte, arae sé sin a' fáth, ní bhfuair sé an ghrian.
 
buinne 2
In iochtar a' bhuinne, in aice na créafóige, a thionnscluigheanns a' dubhachan i gcomhnuidhe. Cairthigheann sé as sin amach ar na billeogaí. Sin é an fáth, go measaimse, gur as a' talamh a thaga(nn)s sé.
 
Bhí an talamh ro-aireamhail, a's leasuigh tú ro-mhór é. Sin é an fáth a ndearna siad buinneáin.
+
ainm
Ná tabhair ainm dé gan fáth (dara h-aithne dé)
TUILLEADH (5) ▼
Ná bí 'tabhairt ainm dé gan fáth mar sin.
Is mór a' náire dhuit é, a' tabhairt ainm dé gan fáth.
Is mór a' peacadh dhuit a bheith 'tabhairt ainm dé gan fáth.
Cé'n chall atá dhuit a' bheith 'tabhairt ainm dé gan fáth.
Tá ainm dé gan fáth agad ar 'chuile dár(n)a focal.
 
aire
Níor cheart cianóg ruadh a fhágáil aige, mar sé sin a' fáth, níl fhios aige le aon-aire a thabhairt do'n airgead.
+
amach
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh fhios agad mo dhula amach-sa le seachtmhain, ní fhiafhr(ochth)á cé'n fáth nach bhfuil airgead agam.
Cé'n fáth nar íoc sé amach thú faoi láthair.
 
amuigh
Tá a thóin seo thíos amuigh aríst, agus gan fhios cé'n fáth
 
Chuala mé go bhfuil an chailleach le na thabhairt (ch)un dlighe, faoi na caith(eamh) amach, gan fáth gan ádhbhar.
+
anuas
Chínnfeadh ort, a thuiscint ó Fhlaitheas anuas, cé'n fáth nach mbeadh déantus maitheasa eicínt ann.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh an tír anuas air, marach go bhfuil fáth eicínt leis.
 
Tá sí an-an-shóighteach agus gan fhios cé'n fáth.
 
farra
Thug sé farradh fúm gan fáth gan ábhar.
 
frapa
Is fadó ariamh nach mbeadh "druid" aige sin, marach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimnithe é, ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneál saghdha in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orra, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh leo in a dheidh sin, marach an "bulaí" mór
 
Ní raibh frith-ghob an dubháin ingreamús ann chor ar bith. Sin é an fáth ar thug sé an eang leis. Tá a chomhairleachan fáite aige anois. Ní hé an chéad-bhreac a thiocfas ag smúracht timpeall ar bhaoite aríst é
 
Chuimil an Naomh Pádraig a láimh in aghaidh stuif d'fhíonnach an mhadadh agus sin é an fáth é a bheith (an fíonnach) siar ó shoin = seo é adeirtear
 
Tá tú ag siod-gháire annsin ar feadh na hoíche agus gan a fhios san diabhal cén fáth. Má tá údar gáire agad, déan gáire breá slachtar mar a dhéanfadh fear, thar a's an sciotaíl bhradach sin
 
Bhí poilitéaraí annsin fadó, sin é an fáth na h-iomrachaí bána a bheith ann anois = is iomdha áit go h-áirid ar thamhnógaí sléibhe atá bánuighthe anois, a mbíodh comhnuidhe fadó roimhe an droch-shaol. Bhíodh daoine (poilitéaraí) go síorruidhe ag aistriú ó áit go h-áit. Dhéanaidís teach sgratha ar chnocán nó ar thulaigh nó ar thamhnóig nó ar an móinín bán chois an chasáin, agus shaothruighidís binn de'n talamh nó de'n tulaigh etc. Bhainidís an barr nó'n bearradh sin de, ach shul a mbíodh ionbadh ag an measadóir a theacht agus a dteáltaí, agus a n-áirgí a mheas, leigidís an comhnuidhe sin de léig, agus theighidís go dtí tamhnaigh eile. Go h-iondamhail, ní bhainidís ach barr amháin de'n ghiodán talmhan, a dtógaidís bínn air agus d'imthighidís gan na bruachannaí a leagan. Is dá bharr sin, atá comraidheacht na n-iomrach le feiceál ar chnocáin agus ar thamhnachaí sléibhe fós, nach raibh aon-chomhnuidhe orra le linn na ndaoine. Poilitéaraí na daoine a mbíodh an súnás (saobhnós?) sin orra, agus iomrachaí bána atá ar na cnocáin etc. dá mbárr.
 
D'ionnsuigh sí mé gan fáth gan adhbhar = thug sí fúm gan ughdar (thiocfadh dó go gciallóchadh sé díbliú nó troid arranta le na lámha)
 
iontas
Ní dhéanfainn iongantas ar bith, dhá mbeadh beithidhigh lasta ambáireach, mar sé sin an fáth, tá cuid mhaith acu ídighthe anois (féach lasta agus ídighthe)
 
Sé'n fáth go bhfuil an ghaoth adtuaidh chomh nimheannta, mar 's as Íochtar Tíre a thagas sí.
 
Chaith sé amach M. as faltanas, in áit nar thaithnigh muintir na háite leis. Dheamhan fáth eile a bhí aige dhó
 
fiach 1
M'anam nach bhfuil fáth ar bith agadsa a bheith ag ceasacht. Tá triúr agaibh ag saothrú. Ach feacha mise nach bhfuil agam ach fiach na haonchon. É sin féin is gearr go mbristear é
 
fill
Cén fáth ar fhill sé ón gcladach = casadh ar ais; casadh ar ais shul a mbeadh sé cho fada leis an gcladach
 
fiú
Cén fáth gurbh fhiú mé eisean ag tabhairt a iníne dhom