Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ionsaigh
d'ionsaigh srl.
1.
tabhairt faoi dhuine nó rud; dul ina chion.
+
D'ionsaigh sí mé gan fáth gan ábhar — thug sí fúm gan údar. Thiocfadh dó go gciallódh sé díbliú nó troid aranta le na lámha
D'ionsaigh sé mé ar bheagán údair.
TUILLEADH (17) ▼
Tá a chuid ionsaí ar iarraidh anois, agus tá sé in am aige sin — tá sé in ísle brí; tá sé róshean nó róchloíte le achrann a chur ar dhaoine, agus b'fhada a bhí sé ar an gceird sin
Níor lig sé a shláinte le aon duine ariamh a d'ionsaigh sé — duine ar bith dár chuir sé achrann air, bhí deachma na sláinte ar an duine sin uaidh sin amach; bheireadh sé drochiarrantaí uaidh
Má ionsaíonn sé mise, ní rachaidh leis.
Níor dhúirt mise drúcht ná báisteach leis. É féin a d'ionsaigh mé (béim ar mé anseo) — níor chuir mé chuige ná uaidh. Eisean a chuir achrann orm
Ní ionsaíonn sé duine ar bith uaidh fhéin go n-ionsaítear é
Má ionsaíonn sé Seán, ní cheilfidh Seán lúd a láimhe air, agus cé thabharfadh milleán dó mura gceilfeadh — má chuireann sé achrann ar Sheán, cuirfidh Seán a neart i gcion air agus ní milleán dó sin
Dhá mbeadh sé taobh le m'ionsaí cér chás dom é, ach ba mheasa dhom a theanga ná a chuid iarrantaí — dhíbligh sé é, i dteannta tabhairt faoi, agus ba mheasa an teanga ná an troid
Is mairg a d'ionsódh seanduine nó anduine (sórt seanfhocal)
D'ionseodh sé siúd an diabhal fhéin agus faigheadh sé faill air
D'ionseodh sé sagart an pharóiste nuair a bhuaileas an óinsiúlacht é (ó = ú) — chuirfeadh sé troid nó achrann ar an sagart nuair a thagas olc, fearg, taghd, nó seafóid air
Dhá n-ionsaíodh sé duine ar bith ach an té a d'ionsaí sé — créatúr bocht nárbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh air — ní chuirfeadh duine ar bith aon araoid ar an té a d'ionsaigh sé, mar bhí sé rólag nó róchloíte nó róshean agus níorbh fhiú bacadh leis
Lig do chuid ionsaí ormsa — éirigh as a bheith ag cur troda ormsa
Má mhaireann duit, is gearr gurb é t'athair a bheas tú a ionsaí — gasúr a bheadh ag dul chun ábhailleachta
Beidh mé ag ionsaí nó go bhfágfaidh an ionsaí éalang ort
Níl aon duine a bhí ag ionsaí ariamh nach bhfuair a dhóthain di sa deireadh
Chuala mé gur ionsaigh sé an Government sa bpáipéar an lá cheana — fuair sé locht nó milleán ar an rialtas
Bheadh ciall ionsaí corruair, ach sí an ionsaí chéanna i gcónaí í — ní chuirfeá leathshuim i dtroid nó i ndíbliú uair sé nó seachráin, ach is síorthroid nó síordhíbliú a bhíos ar siúl ann (nó aige, nó aici, acub srl.)
+
Thug sé ionsaí dhalba fúm — d'ionsaigh sé mé go diabhalta
Thug sé ionsaí dhiabhalta fúm
TUILLEADH (5) ▼
Théis na hionsaí sin a thabhairt faoi, d'fhan sé abuil iad ina dhiaidh sin
Ná hiarr é a ionsaí — na bac le é a ionsaí
Thug sé an t-an-ionsaí fúthu — go hiondúil díbliú nó an teanga
Thug mé ionsaí den teanga dhó — d'ith mé agus liobair mé é; roinn mé an onóir leis
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an ionsaí a thug sí faoi — b'fhearr leat ná rud ar bith faoin domhan gan í a chloisteáil dhá dhíbliú
2.
imeacht, a dhul.
a.
+
Ionsóidh mé soir Camas an tseachtain seo chugainn go bhfeice mé cén bláth atá orthu — rachaidh mé soir go Camas go bhfeice mé cén chóir atá orthu
Ionsóidh mé síos Gaillimh amárach féint a bhfaighinn obair ann.
TUILLEADH (11) ▼
D'ionsaigh sé amach an cnoc tráthnóna agus ní fhaca muid aon amharc air ó shin — chuaigh sé amach an cnoc
Bíonn sé i gcónaí ag ionsaí roimhe mar sin — ag imeacht leis
D'ionsaigh sé amach Dúiche Sheoigheach Dé Domhnaigh agus níor thaobhaigh sé muide ó shin
Ionsóidh mé soir an sliabh ar ball
Is olc an áit a d'ionsaigh sé chomh deireanach sin — an sliabh
Fan ort go ceann míosa eile go n-ionsaí mise na sléibhte — fan go ceann míosa eile go dté mise go dtí tamhnachaí atá faoi shléibhte
Ba bheag an baol orm an baile a ionsaí chomh deireanach sin agus a raibh ólta agam
Ní ionsódh an sliabh chomh domhain sin san oíche ach fear eolais — ní rachadh duine ar bith eile faoi shliabh chomh deireanach sin, mura mbeadh eolas aige ar an sliabh agus fios an bhealaigh aige
Aineolaí ar bhicycles é, agus ina dhiaidh sin, d'ionsaigh sé an áit amach ar maidin — ní raibh mórán eolais aige ar rothar a thiomáint agus ina dhiaidh sin, bhí sé de mhisneach aige imeacht go dtí an tír amach uainn (an ceantar taobh amuigh de na sléibhte, nó le hais na sléibhte, nó ceantar a bheadh i bhfad uait, nó a bheadh neamhchosúil le a cheantar fhéin)
Ní ionsóinn taobh na farraige anois ar a bhfaca mé ariamh — ní rachainn go dtí ceantar na farraige anois
"Ionsóidh mé amach faoi na tíortha chomh giobach le caora glas; agus mura bhfaighe mé bean ar an gcaoi sin, tréigfidh mé an saol ar fad" (seanamhrán)
·
D'ionsaigh sí uirthi (capall) síos an bóthar sna feire glinnte
b.
+
Bhí ionsaí faoi ag dul soir — imeacht, teannadh siúil; gearradh bóthair
Is fúithi atá an t-ionsaí — tá sí ag déanamh an-tsiúl
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal a leithide d'ionsaí agus a bhí faoi! — bhí sé ag gearradh bóthair go tréan
Má leanann ort ar an ionsaí seo, beidh tú i mBaile Átha Cliath roimhe thráthnóna — má mhaireann duit ar an táirm seo, ar an siúl seo
Ní choinneodh na Fianna Éireann leis agus an t-ionsaí a bhí faoi
Bhí ionsaí faoi abhaile nuair a d'inis mise sin dó
+
D'imigh leis dhá shiúl ionsaí agus níor chónaigh sé ariamh go ndeachaigh sé ar an mBántrainn — bhí sé ag siúl leis gan aon chónaí a dhéanamh in aon áit gur shroich sé an Bhántrainn
Tháinig mé anseo anois de mo shiúl ionsaí
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag dul siar an bóthar dhá shiúl ionsaí
Is beag a shílfeadh go ndéanfadh sí an t-aistear sin dá siúl ionsaí
Tiocfaidh mé ann de mo shiúl ionsaí mura bhfaighidh mé a mhalrait de chaoi
Níl cor ná car ann tar éis an méid sin bóthair a ghearradh dá shiúl ionsaí — níl sé in ann corraithe mar shiúil sé píosa mór
Baol ormsa a theacht de mo shiúl ionsaí anseo. Nach gcaithfinn beannú don chomharsa (duine a bhí ag ligean amach go ndearna sé cónaí faoi bhealach ag teacht dó)
Chuaigh sé siar go Doire Iorrais dhá shiúl ionsaí gur ól sé bleánach poitín ann
3.
creachlaois; roinnt mhaith (corruair a cloistear é).
·
Rinne sé an-ionsaí oibre — cuid mhaith oibre

ionsaigh in iontrálacha eile (50+)

 
Bhí faitíos mo chroí orm go n-ionsófá é
 
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam an bhfuil earasbarr (nirt) ar bith aige ar J. anseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
 
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
 
Cé a phósfadh an framsálaí sin? Ní bhfaigheadh sé bean ina shiúl ionsaí roimhe seo, ach chreidim gur ina leithide is mó atá saint ag mná anois
 
fág i
Ní fhágfadh sé putóg ionat dhá n-ionsaíodh sé thú — mharódh sé thú
 
fág
D'ionsaigh sé mé, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh. Ach cár fhága tú an t-olc, rud atá ann, mo léan? — d'ionsaigh sé mé i ngeall ar a chuid oilc
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
Tá S. anois mar a bheadh an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche. Dheamhan gair ag an D. a chois a chur amach as an teach, nach bhfuil sí imithe dhá shiúl ionsaí ina dhiaidh. Agus mura bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi ar bith ag an D. uirthi.
 
ceal 1
Má tá i ndán is go gcoinneofar an scéal seadaithe i bhfad eile, tiocfaidh mise siar de mo shiúl ionsaí agus inseoidh mé suas dhá béal gurb é a mac fhéin a tharlaigh leis na fataí le airgead fags a fháil. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thograíonn sí.
 
Dhonódh an clifeartach sin duine gan aireachtáil, agus ní fhanann misneach ar bith aige má ionsaíonn duine de shoinneán é.
+
colg
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, agus d'ionsaigh air ag smúracht agus ag sméarthacht faoi bhun an chlaí.
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú an colg atá ar an mbithiúnach? Is beag an tsiocair a gheobhadh sé sin anois go n-ionsaíodh sé thú.
Deirimse leatsa, má thagann colg ar an mbruiteachán sin leat, gur deacair é a mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaí leat in do shiúl ionsaí.
 
Is beag an cuntanós atá le fáil uaidh siúd, deirimse leat. Shílfeá gur mó an rún a bheadh aige duine a ionsaí go mór, dhá gceapadh sé go bhfaigheadh sé an ceann is fhearr air.
 
Ní casfaí fear chomh cúirialta leat in do shiúl ionsaí. Murach an ceann eile a bheith as bealach, agus as bealach go mór, dheamhan cos Sheáin a chuirfeadh chuige ná uaidh.
 
Frompáinín de bhean a bhí sa máthair, ach má ba ea fhéin, ní chasfaí aon bhean in do shiúl ionsaí ort ba cuisní ná í. Bhí a shliocht uirthi: ainneoin a bhfuair sí d'anró agus de sclábhaíocht, mhair sí go raibh sí go hard le cois na cheithre scóir.
 
Breá nach ligeann sé den churásach sin síos le cladach agus an talamh bán atá aige i mbarr an bhaile a ionsaí. Ach is mór leis a bhfaigheadh sé d'anró dhá leasú sin.
 
beo 1
Beo ní fhágfaidh mé thú, má ionsaím thú.
 
bior
Sin í an drochghiota! A dheirfiúr ó, bíonn bior uirthi go n-ionsaí sí thú má bhíonn aon fhaltanas istigh aici dhuit.
 
Diabhal a leithide de bholstaic de bhean a chasfaí ort in do shiúl ionsaí.
 
borr
Leis an gcaoi a raibh sé ag borradh chugam, bhí a fhios agam go mba ghearr go n-ionsaíodh sé mé.
 
Má d'ionsaigh sí mar sin é, tá an brachán dóirtithe.
 
Bhí dhá bhrogús de dhá Ghaeilgeoir anseo an bhliain cheana agus ní fhéadfá breathnú cam orthub nach n-ionsóidís thú.
 
D'ionsaigh an capall ag broimseálacht agus d'ionsaigh bean an tincéara ag gabháilt uirthi chomh maith in Éirinn agus a bhí sí in ann, agus dheamhan a bhfaca tú a leithide de phíosa ariamh agus a bhí ann.
 
Bhí brísteachán mór de bhádóir ann agus shílfeá gur mó an bhrath a bhí aige mé a ionsaí
+
Níl pioc dhá aiféala orm faoin ionsaí
TUILLEADH (1) ▼
Ina dhiaidh feictear don Éireannach a leas. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam anois, ní ionsóinn siar faoi Chonamara beag ná mór — ní rachainn go Conamara chor ar bith dhá mbeadh a fhios agam gur mar a bhí a bhí
 
Séiplíneach óg a bhuail faoi agus é ar an gceird sin, ag bánú tithe agus ag déanamh créatúlachta ar bhaintreachaí. Níor chuir an séiplíneach aon araoid air gur ionsaigh sé fhéin é i dtosach. Ansin dúirt an séiplíneach leis go mbeadh an féar fós ag fás ar urlár a pharlúis. Tháinig an méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid an tí mhóir inniu (scéal faoi thiarna talúna a ndearna séiplíneach eascainí air más fíor)
 
Má chuireann sin aon olc orm anois, ionsóidh mé ag bualadh romham agus buailfidh mé an fear abhus faoin bhfear thall agus ní chónóidh mé go ndéana mé carnáin dá gcloigne, dá gcolainneachaí, agus dá gcosa
+
buail
Ar an dá luath agus a mbuaileann an taghd é, tagann coinneal ina shúile agus ionsaíonn air ag gearradh fiacal.
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail fonn ropaireachta í agus d'ionsaigh sí mé — ní raibh fáth ná ábhar ar bith eile aici leis ach an méid sin.
Ar an dá luath agus ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionsaigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaol ariamh rud ar bith ab aibéile ná é.
 
D'ionsaigh air ag rúscadh an cheannaí (ceannaí mála) le buailteán an tsúiste, ach níor leis an gceannaí ab fhaillí é mo léan! D'fhostaigh sé an buailteán agus chuir sé cor ann gur bhris an iall le teann fuinnimh, agus tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc den bhuailteán d'fhear an tí ansin a shín é ina staic ar an urlár.
 
buille
Dhá mbeadh buille sa mbéim ar bith ionam fhéin d'ionsóinn é — ach níl faraor!
 
Bí airdeallach faitíos a n-ionsódh sé thú i ngan fhios.
 
Déan airdeall ar na bainbh agus ná lig don chráin iad a ionsaí.
+
Ainneoin gur ionsaigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige nuair a bhí sé réidh liom (fc. reic)
TUILLEADH (2) ▼
Sin é a fhaisean sin chuile lá ariamh — duine a ionsaí gan aireachtáil.
D'ionsaigh sé mé de ghorta gharta gan aireachtáil ar bith, ach má chuaigh leis, bíodh aige — d'ionsaigh sé mé d'aon iarraidh, gan súil ar bith agam leis, ach dhó fhéin ba mheasa é as a dheireadh.
 
airigh
Murach go n-airíonn sé go dona sibh, ní bheadh sibh ionsaithe aige i chuile áit.
 
amach
D'ionsaigh sé amach an sliabh ar maidin agus dheamhan amharc a chonaic muid ó shin air
 
amuigh
Bhí sé seo amuigh ag brath ar é a ionsaí murach gur chuir mise foighid ann.
 
Má ionsaíonn an cúpla sin a chéile, beidh lig amach mo mhullach ann.
+
anuas
Leag sé anuas paca cárta agus d'ionsaigh orainn ag imirt go raibh sí ionann is ina lá gheal.
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad anuas ar an mbaile seo ón am ar hionsaíodh iad ag Bóthar na Coille.
 
ard 2
Níor fhága sé íseal ná ard gan ionsaí ag lorg mná agus bhí sé chomh maith dhó fanacht ar leic an teallaigh, mar ní phósfadh bean ar bith é.
 
Nach aige atá an t-ardchíos orainn le gur muid a chaithfidh sé a ionsaí i gcónaí — nach muid atá ina thuilleamaí nó faoi bhois an chait aige le go gcaithfidh sé tabhairt fúinn i gcónaí
 
Níor chónaigh sé go ndeachaigh sé glanoscartha chun a thí agus gur ionsaigh sé istigh ar leic an teallaigh é.
 
árach
Ba ar éigean is ar árach a chuir mé foighid ann nó go n-ionsaíodh sé é.
 
faill
Ag iarraidh faille atá sé go n-ionsaí sé iad