Ionnsuigh
—D'ionnsuigh etc.
1.
tabhairt faoi dhuine nó rud, dul in a chion.
+–
D'ionnsuigh sí mé gan fáth gan adhbhar = thug sí fúm gan ughdar (thiocfadh dó go gciallóchadh sé díbliú nó troid arranta le na lámha)
D'ionnsuigh sé mé ar bheagán ughdair.
TUILLEADH (17) ▼
Tá a chuid ionnsuighe ar iarraidh anois, agus tá sé in am aige sin = tá sé in ísle-brigh; tá sé ro-shean nó ro-chlaoidhte le achrann a chur ar dhaoine, agus b'fhada bhí sé ar an gceird sin.
Níor leig sé a shláinte le aonduine ariamh a d'ionnsuigh sé = duine ar bith dá'r chuir sé achrann air bhí deachma na slainte ar an duine sin uaidh sin amach; bheireadh sé droch-iarrantaí uaidh.
Má ionnsuigheann sé mise, ní racha leis.
Níor dhubhairt mise drúcht ná báisteach leis. É féin a d'ionnsuigh mé (béim ar mé annseo) = níor chuir mé chuige ná uaidh. Eisean a chuir achrann orm.
Ní ionnsuigheann sé duine ar bith uaidh fhéin go n-ionnsuightear é.
Má ionnsuigheann sé Seán, ní cheilfe Seán lúd a láimhe air, agus cé thiubhradh milleán dó, mara gceilfeadh = má chuireann sé achrann ar Sheán cuirfe Seán a neart i gcion air, agus ní milleán dó sin.
Dhá mbeadh sé taobh le m'ionnsuighe, cé'r chás dom é, ach ba mheasa dhom a theanga ná a chuid iarrantaí = dhíbligh sé é, idteannta tabhairt faoi, agus ba mheasa an teanga ná'n troid.
Is mairg a d'ionnsóchadh sean-duine nó anduine (sórt sean-fhocal).
D'iunseochadh sé siúd an diabhal fhéin, agus faghadh sé fáill air.
D'iunseochadh sé sagart an pharáiste, nuair a bhuaileas an óinseamhlacht (ó = ú) é = chuirfeadh sé troid nó achrann ar an sagart nuair a thagas olc, fearg, taghd, nó seafóid air.
Dhá n-ionnsuigheadh sé duine ar bith ach an té a d'ionnsuighe sé — créatúr bocht narbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiacha air = ní chuirfeadh duine ar bith aon-araoid ar an té a d'ionnsuigh [sé], mar bhí sé ro-lag nó ro-chlaoidhte nó ro-shean agus níorbh fhiú bacadh leis.
Leig do chuid ionnsuidhe ormsa = eirigh as a bheith ag cur troda ormsa.
Má mhaireann duit, is gearr gurab é t'athair a bheidheas tú 'ionnsuidhe = gasúr a bheadh ag dul 'un ámhuilleachta.
Beidh mé ag ionnsuighe nó go bhfágfa an ionnsuighe éalang ort.
Níl aon-duine a bhí ag ionnsuighe ariamh, nach bhfuair a dhóthain di sa deire.
Chuala mé gur ionnsuigh sé an 'Gabhairmint' sa bpáipéar an lá cheana = fuair sé locht nó milleán ar an riaghaltas.
Bheadh ciall ionnsuidhe corr-uair, ach sí an ionnsuidhe chéadna igcomhnuidhe í = ní chuirfeá leath-shuim idtroid nó indíbliú uair sé nó seachráin, ach is síor-throid nó síor-dhíbliú a bhíos ar siubhal ann (nó aige, nó aice, acab etc.)
+–
Thug sé ionnsuighe dholba fúm = d'ionnsuigh sé mé go diabhalta.
Thug sé ionnsuidhe dhiabhalta fúm
TUILLEADH (5) ▼
Th'éis na h-ionnsuidhe sin a thabhairt faoi, d'fhan sé ab uil iad 'na dheidh (dhiaidh) sin.
Ná h-iarr é a ionnsuighe = na bac le é a ionnsuighe.
Thug sé an t-an-ionnsuighe fútha = go h-iondual díbliú nó an teanga.
Thug mé ionnsuighe de'n teanga dhó = d'ith mé agus liobair mé é; roinn mé an onóir leis.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an ionnsuidhe a thug sí faoi = b'fhearr leat ná rud ar bith faoi'n domhan gan í a chloisteáil dhá dhíbliú.
2.
imtheacht, a dhul.
a.
+–
Ionnsócha mé soir Camus an tseachtmhain seo chugainn go bhfeice mé cé'n bláth atá orru = racha mé soir go Camus, go bhfeice mé cé'n chóir atá orra.
Ionnsócha mé síos Gaillimh ambáireach fé'int a bhfuighinn obair ann.
TUILLEADH (11) ▼
D'ionnsuigh sé amach an cnoc trathnóna agus ní fhaca muid aon-amharc air ó shoin = chuaidh sé amach an cnoc
Bíonn sé i gcomhnuidhe ag ionnsuighe roimhe mar sin = ag imtheacht leis.
D'ionnsuigh sé amach Dúithche Sheoigeach Dé Domhnaigh, agus níor thaobhuigh sé muide ó shoin.
Ionnsócha mé soir an sliabh ar ball.
Is olc an áit a d'ionnsuigh sé chomh deireannach sin — an sliabh
Fan ort go ceann míosa eile go n-ionnsuighe mise na sléibhte = fan go ceann míosa eile go dteighe mise go dtí tamhnachaí atá faoi shléibhte.
Ba bheag an baoghal orm an baile a ionnsuighe chomh deireannach sin agus a raibh ólta agam.
Ní ionnsóchadh an sliabh chomh domhain sin 'san oidhche ach fear eolais = ní rachadh duine ar bith eile faoi shliabh chomh deireannach sin, mara mbeadh eolas aige ar an sliabh agus fios an bhealaigh aige.
Aineoluidhe ar 'bhicycles' é agus in a dhiaidh sin d'ionnsuigh sé an áit amach ar maidin = ní raibh mórán eoluis aige ar rothar a thiomáint agus in a dhiaidh sin, bhí sé de mhisneach aige, imtheacht go dtí an tír amach uainn (an ceanntar taobh amuigh de na sléibhte, nó le h-ais na sléibhte, nó ceanntar a bheadh ibhfad uait, nó a bheadh neamh-chosamhail le cheanntar fhéin).
Ní ionnsóchainn taobh na fairrge anois ar a bhfaca mé ariamh = ní rachainn go dtí ceanntar na fairrge anois
Ionnsócha mé amach faoi na tíortha, chomh giobach le caora glas; agus mara bhfagha mé bean ar an gcaoi sin, tréigfe mé an saoghal ar fad (sean-amhrán)
·
D'ionnsuigh sí uirre (capall) síos an bóthar is na feire glinnte.
b.
+–
Bhí ionnsuidhe faoi ag dul soir = imtheacht, teannadh siubhail; gearradh bóthair.
Is fúithí atá an t-ionnsuidhe = tá sí ag déanamh an-tsiubhal.
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal a leithide d'ionnsuidhe a's a bhí faoi! = bhí sé ag gearradh bóthair go tréan.
Má leanann ort ar an ionnsuidhe seo, beidh tú imBaile Átha Cliath roimhe thrathnóna = má mhaireann duit ar an táirm seo, ar an siubhal seo.
Ní choinneochadh na Fianna Éireann leis agus an t-ionnsuidhe a bhí faoi.
Bhí ionnsuidhe faoi abhaile, nuair a d'innis mise sin dó.
+–
D'imthigh leis dhá shiubhal ionnsuidhe, agus níor chomhnuigh sé ariamh go ndeacha sé ar an mBántruinn = bhí sé ag siubhal leis, gan aon-chomhnuidhe a dhéanamh in aon-áit gur shroich sé an Bhántruinn.
Tháinic mé annseo anois de mo shiubhal ionnsuidhe
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé dul siar an bóthar dhá shiubhal ionnsuidhe.
Is beag a shílfeadh go ndéanfadh sí an t-aistear sin dá siubhal ionnsuidhe.
Tiocfa mé ann de mo shiubhal ionnsuidhe, mara bhfuighe mé a mhalrait de chaoi.
Níl cor ná car ann taréis an méid sin bóthair a ghearradh dá shiubhal ionnsuidhe = níl sé indon corruighthe, mar shiubhail sé píosa mór.
Baoghal ormsa a theacht de mo shiubhal ionnsuidhe annseo. Nach gcaithfinn beannú don chomhursa (duine a bhí ag leigean amach go ndearna sé comhnuidhe faoi bhealach ag teacht dó)
Chuaidh sé siar go Doire Iorruis dhá shiubhal ionnsuidhe, gur ól sé bleaghánach poitín ann.
3.
creachlaois; roinnt mhaith. (corr-uair a cloistear é).
·
Rinne sé an-ionnsuidhe oibre = cuid mhaith oibre
Ionnsuigh in iontrálacha eile (42)
→
colg
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, a's d'ionnsuigh air a' smóracht, a's a' sméaracht faoi bhun a' chlaidhe.
D'ionnsuigh an capall a' broimseálacht, a's d'ionnsuigh bean a' tinncéara a' gabhailt uirre, chomh maith in Éirinn a's bhí sí indon, a's dheamhan a bhfaca tú a leithide de phíosa ariamh a's bhí ann.
Séiplíneach óg a bhuail faoi, a's é ar a' gceird sin, a' bánú tighthe, a's a' déanamh créatúlacht' ar bhaintreabhachaí. Níor chuir a' séiplíneach aon-araoid air, gur ionnsuigh sé fhéin é, idtosach. Annsin dubhairt a' séiplíneach leis, go mbeadh a' féar fós a' fás ar urlár a phárlúis. Tháinic a' méid sin isteach fíor. Níl cloch ar fhuaid a' tighe mhóir indiu (scéal faoi thighearna talmhana a ndearna séiplíneach eascanaidhe air, má's fíor).
+
→
buail
Bhuail fonn ropaireachta í, a's d'ionnsuigh sí mé — ní raibh fáth ná adhbhar a' bith eile aici leis, ach a' méid sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath a's ar bhuail an rachmall pósta é, d'ionnsuigh sé siar amach go bhfuair sé bean. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh rud a' bith ab aibéile ná é.
D'ionnsuigh air a' rúscadh an cheannuidhe (ceannuidhe mála) le buailteán a' tsúiste, ach níor leis a' gceannuidhe ab fhaillighe é mo léan! D'fhastuigh sé an buailteán, as chuir sé cor ann, gur bhris an iall le teann fuinnimh, a's tháinig an buailteán leis. Thug sé pléasc de'n bhuailteán d'fhear a' tighe annsin, a shín é in a staic ar an urlár.
+
Aindeoin gur ionnsuigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige, nuair a bhí sé réidh liom (féach "reic".)
TUILLEADH (1) ▼
D'ionnsuigh sé mé de ghort a' gharta gan aireachtáil a' bith, ach má chuaidh leis, bíodh aige = d'ionnsuigh sé mé d'aon-iarraidh, gan súil a' bith agam leis, ach dhó fhéin ba mheasa é, as a dheire.
→
anuas
Leag sé anuas paca cárta, agus d'ionnsuigh orainn ag imirt, go raibh sí ionann's 'na lá gheal.
Níor chomhnuigh sé go ndeacha sé glan-ascartha 'na thighe, agus gur ionnsuigh sé istigh ar leic a' teallaigh é.
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionnsuigh N. é. Dar mo choinsias tá a bhfuil d'fhataí ag P. imbarr an bhaile foghluithe, millte. Beithigh N. a rinne é. Leag siad an claidhe teorann
Ná fágaighidh an gasúr sin le sleamchúis ar bith in aice na gcaorach tíos (níos) mó. D'ionnsuigh an reithe é inniu. Thug sé cupla foighdeán faoi, agus d'fhágfadh sé in a chuailín cnámh é, marach gur dhíbir mé soir uaidh é
+
D'ionnsuigh air ag cainnt = thosuigh sé ag cainnt.
TUILLEADH (6) ▼
D'ionnsuigh air ag scríobhadh = thosuigh sé ag scríobhadh.
D'ionnsuigh orm ag cur achrainn air
D'ionnsuigh ar Sheán ag gabhail fhuinn le stainnc.
D'ionnsuigh ar an táilliúr ag stialladh an éadaigh.
Níor ionnsuigh air ceart críochnuighthe ag cocaireacht gur dhubhairt sí sin = níor thosuigh sé ceart ag sciolladóireacht gur dhubhairt sí an chainnt sin.
D'ionnsuigh sé air ag caitheamh cloch = d'áitigh air
→
istigh
Ní raibh mo chloigeann istigh agam, nuair a d'ionnsuigh sí mé = is ar éigin a bhí mé istigh etc.
→
daigéad
Tharraing se anuas daigéad mór de leabhar agus d'ionnsuigh air ag léigheamh dom féin aisti. Níl fhios agamsa beirthe beo ná baistighthe céard a bhí sé a léigheamh aisti. Badh é m'áird air é ar aon-chor!
→
dairt
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
→
deoir
D'ionnsuigh sé mé as comhair an phobail uiliog. Níl ainm thoir ná thiar nar thug sé orm. Dheamhan deoir fhola a thiubharfainn le náire
→
diaidh
Bhí sé i gciúin-chomhrádh liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh ba spleodaraighe ná é. Maidir le scéalta bhí siad aige: bás na caillighe, pósadh na mná óige, cogadh, aontaigh agus eile. Ach hébrí cé'n dearcadh a thug sé indiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ó'n oíche fadó ar ionnsuigh sé é ag teacht aniar ó'n R.
Níor thaithnigh an ceann céadna ariamh liom. Tá an iomarca dinndiúirí cainte ar fad aige. Ní fhéadfá samhail ar bith a thabhairt dó ag scoilteadh cainte ach duine de na sean-phóilíos thíos ar R. D. a cheannuigh "cruib" mhóna anuiridh uaim. Dheamhan aithne a bhí air nach fear a bhí tóigthe aige faoi rud eicínt a ghoid. D'ionnsuigh air faoi'n móin. Cá'il an locht nach raibh uirre. Ag iarraidh mé a ghiorrú ins an margadh a bhí sé. "Tá an-fhonn ortsa caint a scoilteadh" arsa mise "ach mo choinsias 's dar m'anam mara n-íocaidh tú mise go beo deifreach, go scoiltfidh mise clár na baithise agad … "
→
dligh
Níor dhligh mise tada ó mhuintir Mh. Mh. ach an carthannas. Is mó a chuir mé ann ariamh dóibh ar chuma ar bith ná a chuir mé as dóibh. Ach siúd é aríst é. Feacha gur mé a bhualadh ba mhian leo a dhéanamh lá an aonaigh: agus gan a fhios cé'n fáth. Ní raibh mé ag cur aca (chuca) ná uatha ach ag tabhairt mo bhealaigh liom anoir abhaile, an uair a d'ionnsuigh beirt bhromairí aca mé
→
driull
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag cur ar shon do chuid Gearmánaigh. Tá siad buailte. Nach bhfuil sé ag cinnt ar na Sasanaigh agus ar na Puncáin a bhfeiceál chor ar bith, ach iad rithte i bpuill agus i bpruchógaí orra. Tá an driúll ar an dreáll tuithte orra ó a d'ionnsuigh siad an Rúiseánach
+
→
droim
D'ionnsuigh sé amach druim an chnuic ar maidin agus dheamhan dé a fritheadh air ó shoin, marab í an L. a thug sé air féin. 'Sí, má d'airigh sé aon-éadáil (aon-deoir phoitín) ann
TUILLEADH (1) ▼
Ar an mbaile seo a bhí sé taithighthe uiliog tamall, ach cuireadh druim díbeartha air as. D'ionnsuigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonnaic mé, ach bhí le rádh in a dheidh sin go raibh sé ag tabhairt scaibhtéaracht faoi deara dhó féin insan aimsir deireadh
→
drámh
Tá an teach ósta sin faoi dhrámh ar fad ó d'ionnsuigh an sagart ag gearradh air. Ní maith le duine ar bith a bhéal siúd a tharraint air fhéin, agus sin é an fáth a bhfuil siad ag fuireacht amach as
→
déan le
D'ionnsuigh mé go binn é, agus má d'ionnsuigh féin, badh é a dhéanamh leis é. Tá a fhios ag mo chroidhe, nach bhféadfainn stuaim a choinneál ar an bhfoighid, agus an sclaibéaracht a chonnaic mé air fhéin. Chuirfeadh sé tonn-taoscach ar mhadadh, chuirfeadh sin
→
déan 1
Thug sí rud le déanamh dom a tabhairt anoir chor ar bith. Ar an dá luath agus a bhfaca sí (capall) an chéad-mhótar, d'ionnsuigh uirre ag bruimseálacht agus ag dul indiaidh a cúil, agus ba mhaith an dícheall dom a ceannsú chor ar bith. Agus bhí sí ar an gceird sin anoir ar feadh an bhealaigh
Tá an ceann céadna sáthach díbheirgeach má fhaghann sé an dó(igh). Ní fhaca tú é an lá a raibh sé ag dul ingeallta ins an gcladach anuiridh. Sin é é. Ní thóigfeá a pháirt aríst go deo dhá bhfeictheá … Údar ar bith ach gur bhuail daol eicínt é agus gur tháinig sé anoir dhá roinn féin agus gur ionnsuigh sé M. B. Dubhairt sé leis go raibh sé ag baint na feamuinne thar teorainn. Dubhairt M. B. nach raibh, agus 'sbáin sé an teorainn dó. Dubhairt seisean narbh í, ach is gearr an tsáruigheacht a bhí ann an uair a thairg sé M. B. a bhualadh leis an gcorrán a bhí aige ag baint na feamuinne. Thairg mo choinsias, agus thug sé obainn ar a dhéanamh freisin, ach casadh ailleog i láimh M. B. "Má theagann tú níos goire do'n teorainn" adeir sé "ná tá tú, cuirfidh mise í seo báidhteach in do bhaithis. Tháinig an bhean anoir annsin agus chlaon sé. Nach raibh sin anois sáthach díbheirgeach
→
díbliú
D'ionnsuigh sé ag díbliú orm gan fáth gan ábhar. Ach is beag nach dtug mise ábhar dhó shul ar dhealuigh mé uaidh. Dar fiaguidhe thiubharfainn marach gur coisnigheadh orm é
→
dóigh 1
Théaltuigh sé soir taobh istigh de chlaidhe nó gur bhailigh sé an t-árd. Amach leis annsin ar an mbóthar aríst, agus anoir, agus port feadghaile crochta aige, agus é cho sonnda agad, mar dhóigh dhe agus nach raibh sé ins an "mbulc" chor ar bith roimhe sin. Ach bhrath an sagart go maith é, agus d'ionnsuigh sé é ar bhall na h-áite
→
dúchan
Tháinig "Gaedhilgeoir" go dtí muid thoir ar an mbóthar anuiridh, agus thosuigh sé ag fiafruighe dhaoinn (dínn) an raibh aon-sean-scéal againn. D'ionnsuigh orainn ag scaoileadh aige. Mara bhfuair an fear sin bréaga ní lá fós é. Ach dheamhan ar mhiste leis. Chuir sé síos idir mhaith agus olc iad. Rinne sé dubhachan ar an leabhar deirimse leat
→
dúlaí
Nach maith dúlaidhe anois a bhí sé ag dul in a éadan agus gur eirigh sé suas ó'n a dhinnéar agus go (gur) b'sheo amach é gur ionnsuigh sé ar an mbóithrín é. Ach chlaon sé uaidh in a dheidh sin an uair a chuir an ceann eile stiúir achrainn air fhéin. Ní raibh ann ach cailleach th'éis (tar éis) a chuid gláimhthéisce. Sin é an méid
Chuaidh tú thar mar ba cheart duit a dhul. Bhí agad na beithidhigh a fhuagairt di, agus na póilíos a bhagairt uirre, agus gan níos mó a rádh. In a leabaidh sin, d'ionnsuigh ort ag sciolladóireacht