leathbhaile
—
+–
Níl aon fhear ar an dá leathbhaile seo baol ar bith ar a bheith chomh deisiúil leis.
B'fhéidir go n-éireodh leat coca a fháil ar an leathbhaile thiar. Ní feasach mé aon cheann a bheith ar an leathbhaile abhus ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (2) ▼
Is mó faoi dhó an fhairsinge atá ar an leathbhaile thiar.
Talamh gleannach achrannach is mó atá ar an leathbhaile thoir.
leathbhaile in iontrálacha eile (7)
Chonaic mise féar chomh mín chomh séimhí agus gheofá istigh sa leathbhaile seo ar an bpreabán talúna sin, agus féacha anois go bhfuil sé ina chíb ar éigean. Dhéanfadh talamh ar bith an rud céanna dhá bhfágtaí gan aon chaoi é.
→
féith 1
Is againn a bheas an sagart i mbliana. Sea a mh'anam. Tá sé réidh sa leathbhaile thiar. Dheamhan féith in mo chroí a chuimhneodh air, ná cuid de chuimhniú, murach gur dhúirt tú é. Agus é thar am tosaí ag téisclim faoina chomhair!
→
fód
Spíontán uilig é an leathbhaile sin thiar. Níl an oiread athfhóid ann agus a chlúdódh iomaire amháin fhataí
Chonaic mise forchosán ariamh ansin ag muintir an leathbhaile thoir nuair a bheidís ag feamnú as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead acu an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an duirling. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneáil as, má fhéadann sé. Is groí an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caorthann sin ann, nó driseacha
+
→
dá
Tá an dá leathbhaile seo buailte d'uireasa feamainne
TUILLEADH (1) ▼
Tá dhá spreangaide de dhá chois air agus iad chomh scaipthe agus go bhfuil ceann acu i chaon leathbhaile den dá leathbhaile