Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leathfhód
1.
·
Tá an mhóin sin faoi leathfhóide ar fad — briosc; gan na fóide ina méid fhéin, ach iad níos mó ná caoráin
2.
+
Tá sé curtha againn ó fhad go dtí é. Níl fágtha anois ach an leathfhód le claí — ceannfhearainn, nó stiall i ngarraí timpeall le claí. Ní bhíonn ann ach stual chaol i dtalamh ar bith a shaothraítear le láí
M'anam nach leathfhód a fhágas sé sin le claí, ach cion iomaire. Bíonn splanc ar a chraiceann i gcónaí go mbeidh sé amuigh as garraí
TUILLEADH (1) ▼
Tuige nach siúlann siad soir ar an leathfhód le claí agus gan a bheith ag taltú na n-iomrachaí. Tá siad ina gcis ar easair acu, tá sin