Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
maoldearg
·
Bhí an bhruitíneach maoldearg amach thríd
Bhí mé maoldearg leis an mbruitíneach, agus mé ag tarraingt bhearta ina dhiaidh sin

Féach freisin

maoldearg in iontrálacha eile (2)

 
Séard é an creatán sin atá uirthi, fuíoll bruitíní. D'éirigh sí agus chuaigh sí amach agus an bhruitíneach maoldearg amach thríthi. Tá a shliocht uirthi ó shin
 
Bhí sí (an bhruitíneach) amach maoldearg thríd le cupla lá, ach tá sí fuaraithe inniu — gan í a bheith chomh dearg; é a bheith dhá sú; í ag dul ar gcúl