Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seandúda
+
Dearg suas an seandúda. Tá mo theanga bheag amuigh cheal gail
Ar éirigh tú as an seandúda ar fad, nó an ag troscadh ar feadh an charghais atá tú … Faraor nach bhféadaimse é sin a dhéanamh. Is mé a bheadh sásta dhá bhféadainn déanamh d'uireasa an tobac
TUILLEADH (1) ▼
Seo dhuit do sheandúda brocach. Is iontas nach gcailleann sé thú le súlach. Buail amuigh faoin gclaí é nó is gearr a bheas tú beo aige

Féach freisin

seandúda in iontrálacha eile (6)

 
Le hanam do mhairbh, ní féidir go bhfuil siad daoirsithe aríst. Agus mé ag déanamh tíobhais le mí le luach seandúda eicínt a chur i dtoll a chéile. D'imigh an diabhal orthu thrína chéile adeirimse
 
dearg 2
Dearg suas an seandúda — las é (redden the pipe adeireas an chuid is mó de na Béarlóirí ar fud na Gaillimhe)
 
deis
Má fhaigheann tú aon deis ar aon phíopa in áit ar bith, croch leat é. Tá mé thart d'uireasa seandúda eicínt
 
diaidh
Tá sé thíos ansiúd ag cur deatach amach as an seandúda i ndiaidh a leicinn, agus ag inseacht faoi 'bhliain anseo a raibh garraí an tS. curtha agam, agus nach raibh aon fhata ann ní ba mhó ná cúrláin Lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad chomh mór le tornapaí Domhnach Chrom Dubh.' Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
 
Sin iad na dintiúirí mar siúd. Lasfaidís an seandúda dhuit mar a lasadh na seiceannaí false do Mh. Ch. é
 
Ní chasfaí seandúda ar bith agat! Tá an tír tóraithe agam agus gan tada dhá bharr agam. Tá cion ar na dúidíní féin anois nuair nach bhfuil a malrait ann. Céad slán don uair a bhí siad ar scilling!