Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seanléim
·
Bhí sé buailte síos scaitheamh ansin, ach tá sé ina sheanléim arís — bhí sé tamall tinn, ach tá biseach air arís agus é in ann siúl thart agus a dhul i chuile áit

seanléim in iontrálacha eile (6)

 
buille
Is beag adéarfadh chúig bhliana ó shin go mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim lena ló aríst, ach tá sé ina sheanléim anois chomh maith agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh.
 
Tá sé ina sheanléim aríst, ainneoin an ruaig thinnis a bhí air.
 
aire
Ní mórán call aire dhó; nach bhfuil sé ina sheanléim aríst.
 
daol
Tá sé in ann crochadóireacht leis, ach nuair a bhuaileas daol den phian sin é nach foláir dó síneadh go n-imí sí aríst. I nDomhnach tá sé in ann creachlaoiseacha móra a dhéanamh thar éis a mbíonn d'éagnach aige. Bhuail sí an tseachtain seo caite amuigh sa ngarraí é agus bhí sé ag dilleoireacht leo ag iarraidh orthu a dhul i gcoinne an dochtúra, ach bhí sé ar a sheanléim aríst faoi cheann uair an chloig. Nuair a thugas an racht sin a sheal bíonn sé an-spleodrach aríst ar an toirt
 
Ní cás dó é má tá sé ar a sheanléim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfaigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach den tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, chomh maith le seanriadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choíchin a bheith anóiteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilliúnaí aríst an óige ar an saol seo ná na seandaoine
 
dlús
Dar príocaí níor chuir mé aon dlús fiafraí dhó cén chaoi a raibh an t-athair: shíl mise go raibh sé ar a sheanléim le fada