áirc
—
an bád a ndeachaigh Noa agus a mhuintear inti nuair a bhí an díle ag dul thar an domhan.
a.
+–
Beidh sé an fhad leis agus a bhíadh (bhíothas) ag déanamh na háirce.
Bheadh an áirc déanta agat ó thosaigh sé, agus dheamhan cosúlacht tús na deireadh fós air.
TUILLEADH (4) ▼
Is saor maith é, ach caitheann sé an fhad le chuile shórt agus a caitheadh leis an áirc.
Ní raibh a leathoiread toirnéise leis an áirc agus atá leis an gclaí sin ó thosaigh sé air.
Tá an oiread saoirsine air agus a bhí ar an áirc (ar theach srl.)
Ní bheidh sé sásta go mbí saoirsin na háirce aige air.
b.
tuadóireacht na háirce: an-toirnéis; an-fhurú saoirsine; an-bhail dhá chur ar fhoirgneamh nó ar obair saoirsine.
+–
Tá tuadóireacht na háirce ar an bhfear seo thoir — mar dhóigh de go raibh an oiread furú air, agus an oiread saoirsine le déanamh aige, agus dá mbeadh sé in éadan na háirce.
Tá tuadóireacht na háirce faighte ag an scioból sin ó thosaigh sé air.
TUILLEADH (6) ▼
B'fhiú dhuit é a fheiceáil thoir in éadan an adhmaid agus é ag tabhairt tuadóireacht na háirce dhó
Má mhaireann dó, tabharfaidh sé tuadóireacht na háirce don teach.
Tá tuadóireacht na háirce faighte ag an bhfailín sin le seachtain
Bí caint ar thoirnéis, ach is aige atá tuadóireacht na háirce ar siúl.
Níl aon tsamhail le tabhairt dó ach tuadóireacht na háirce.
Ní chuirfeadh tuadóireacht na háirce aon slacht ar an teach céanna.
c.
teachtaire an fhiaigh ón áirc: teachtaire nach dtiocfadh ar ais lena scéal fhéin ná le scéal aon duine eile; teachtaire nach dtiocfaidh ar ais chor ar bith. Deirtear nuair a rinne an díle claochmú, gur chuir Noa amach an fiach fhéint a raibh an tuile traoite nó an talamh tirim. Nuair a fuair an fiach amuigh é fhéin, d'fhan sé i mbun an chunúis agus níor thaobhaigh sé an áirc níos mó. Sin é an t-údar atá le teachtaire an fhiaigh ón áirc.
+–
Sin é teachtaire an fhiaigh ón áirc — níor tháinig sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile
'Sé teachtaire an fhiaigh ón áirc é sin a chur in áit ar bith.
TUILLEADH (8) ▼
D'fhan sé ina theachtaire an fhiaigh ón áirc, ag seanchas nó ag ithe, agus níor chuimhnigh sé chor ar bith ar an té a bhí ag fanacht leis.
Ba é an dá mhar a chéile dhuit a bheith ag fanacht le teachtaire an fhiaigh ón áirc le bheith ag fanacht leis siúd, arae ní thiocfaidh sé ar ais lena scéal fhéin ná scéal aon duine eile.
Ba chóra dhuit teachtaire umhal éasca eicínt a fháil tharas teachtaire an fhiaigh ón áirc mar é sin.
Má tá duine le dhul ar theachtaireacht — ní thusa é, a theachtaire an fhiaigh ón áirc
Tá dlús leis an teachtaireacht seo, agus ní teachtaire an fhiaigh ón áirc a chuirfeas mé dhá déanamh
Chuir mé i gcoinne Mháire é, tá dhá uair ó shin, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc
Theastaigh tuairisc uaim cén bhail a bhí ar Bhríd ó mhaidin agus chuir mé an ceann seo síos le contráth na hoíche, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiaigh ón áirc. Dheamhan a chos ná a chnáimh a tháinig ó shin
Beidh tú anseo go maidin má fhanann tú le teachtaire an fhiaigh ón áirc.
áirc in iontrálacha eile (5)
→
faillí
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon bhiseach i ndán dom
→
foighid
Caithfidh na daoine foighid a bheith acu ar ndóigh. Ní in aon lá a rinneadh an Áirc. Feabhsóidh an saol fós le cúnamh Dé
→
diomdha
Mo dhiomdha do Mh. Ph. Mh., nach dtáinig lena scéal féin ná le scéal aon duine eile, ó chuir mé fios ar na bróga leis. Siúd é teachtaire an fhiaigh ón Áirc ar chaoi ar bith
→
déidín
Bhí déidín tite agam d'uireasa gráinne tobac agus gan aon ghráinne ag gabháil leis an D. Chuir mé fios tigh Bh. N. air le S. seo thuas, ach sin é teachtaire an fhiaigh ón Áirc. Beidh déidín tite agam faoi dhó ach a mbeidh sé sin ar ais
→
díle 1
Fadó, nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan, níor tháinig as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr iníon agus a gcuid fear. Chuaigh siad isteach san Áirc agus sin é a thug beo iad. Nuair a shíl Noa go mba cheart don tuile a bheith traoite, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais lena scéal féin ná le scéal aon duine eile. D'fhan sé i mbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiaigh ón Áirc agat