Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
áirc
an bád a ndeacha Noa agus a mhuinntear innte, nuair a bhí an díle ag dul thar an domhan.
a.
+
Beidh sé an fhad leis a's bhíodhadh (bhíothas) a' déanamh na h-Áirce.
Bheadh an Áirc déanta agad ó thosuigh sé, agus dheamhan cosomhlacht tús na deire fós air.
TUILLEADH (4) ▼
Is saor maith é, ach caitheann sé an fhad le 'chuile shórt a's caitheadh leis an Áirc.
Ní raibh a leath-oiread toirnéise leis an Áirc a's tá leis a' gclaidhe sin ó thosuigh sé air.
Tá'n oiread saoirsinne air a's 'bhí ar an Áirc (ar theach etc).
Ní bheidh sé sásta go mbí saoirsinn na h-Áirce aige air.
b.
Tuaghdóireacht na h-Áirce = an-toirnéis; an-fhorrú saoirsinne; an-bhail dhá chur ar fhoirgneamh, nó ar obair saoirsinne.
+
Tá tuaghdóireacht na h-Áirce ar a' bhfear seo thoir = mar dhoigh de go raibh an oiread forrú air, agus an oiread saoirsinne le déanamh aige a's dá mbeadh sé in éadan na h-Áirce.
Tá tuaghdóireacht na h-Áirce fáighte ag an scioból sin, ó thosuigh sé air.
TUILLEADH (6) ▼
B'fhiú dhuit é fheiceál thoir in éadan an adhmaid, agus é tabhairt tuaghdóireacht na h-Áirce dhó.
Má mhaireann dó, tiubharfa sé tuaghdóireacht na h-Áirce do'n teach.
Tá tuaghdóireacht na h-Áirce faighte ag an bhfailín sin le seachtmhain.
Bí cainnt ar thoirnéis, ach 's aige atá tuaghdóireacht na h-Áirce ar siubhal.
Níl aon-tsamhail le tabhairt dó, ach tuaghdóireacht na h-Áirce.
Ní chuirfeadh tuaghdóireacht na h-Áirce, aon-slacht ar a' teach céadna.
c.
Teachtaire an fhiadha ó'n airc = teachtaire nach dtiocfadh ar ais le na scéal fhéin ná le scéal aon-duine eile; teachtaire nach dtiocfa ar ais chor a' bith (deirtear nuair a rinne an díle claochmú, gur chuir Noa amach an fiach, fhé'int a raibh an tuile traoithte nó'n talamh tirm. Nuair a fuair an fiach amuigh é fhéin, d'fhan sé imbun an chonúis agus níor thaobhuigh sé an Áirc níos mó. Sin é an t-ughdar atá le "teachtaire an fhiach ó'n Áirc")
+
Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc = níor tháinic sé ar ais le na scéal fhéin ná scéal aon duine eile.
'Sé teachtaire an fhiadha ó'n Áirc é sin, a chur in áit ar bith.
TUILLEADH (8) ▼
D'fhan sé in a theachtaire an fhiadha ó'n Áirc, a' seanchus nó ag ithe, agus níor chuimhnigh sé chor a' bith ar a' té 'bhí fanacht leis.
Badh é an dá mhara 'chéile dhuit a bheith fanacht le teachtaire an fhiadha ó'n Áirc le bheith a' fanacht leis siúd, arae, ní thiocfa sé ar ais, le na scéal fhéin ná scéal aon-duine eile.
Badh chóra dhuit teachtaire umhal éasca eicínt a fhaghail fharrus teachtaire an fhiadha ó'n Áirc, mar é sin.
Má tá duine le dhul ar theachtaireacht — ní thusa é a theachtaire an fhiadha ó'n Áirc.
Tá dlúthas leis a' teachtaireacht seo, agus ní teachtaire an fhiadha ó'n áirc, a chuirfeas mé dhá déanamh.
Chuir mé igcoinne Mháire é, tá dhá uair ó shoin, ach sin é fhéin, teachtaire an fhiadha ó'n áirc.
Theastuigh tuairisc uaim, cé'n bhail a bhí ar Bhrighid ó mhaidin, agus chuir mé an ceann seo síos, le contráth na h-oidhche, ach sin é fhéin teachtaire an fhiadha ó'n áirc. Dheamhan a chos ná a chnáimh, a tháinic ó shoin.
Beidh tú annseo go maidin, má fhanann tú le teachtaire an fhiadha ó'n áirc.

áirc in iontrálacha eile (5)

 
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon-lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon-bhiseach indán dom
 
Caithfidh na daoine foighid a bheith aca 'ar ndú'. Ní in aon-lá a rinneadh an Áirc. Feabhsóidh an saol fós le cúnamh Dé
 
Mo dhiomdha do Mh. Ph. Mh., nach dtáinic len a scéal féin ná le scéal aonduine eile, ó a chuir mé fios ar na bróga leis. Siúd é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc ar chaoi ar bith
 
Bhí déidín tuithte agam d'fhuireasbhaidh gráinne tobac agus gan aon-ghráinne ag gábhail leis an D. Chuir mé fios tigh Bh. N. air le S. seo thuas, ach sin é teachtaire an Fhiadha ó'n Áirc. Beidh déidín tuithte agam faoi dhó ach a mbeidh sé sin ar ais.
 
díle 1
Fadó, an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan, níor tháinic as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr inghean agus a gcuid fear. Chuaidh siad isteach ins an Áirc agus sin é a thug beo iad. An uair a shíl Noa go mba cheart do'n tuile a bheith traoithte, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais len a scéal féin ná le scéal aon-duine eile. D'fhan sé imbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc agad