íochtar
—malrait ar uachtar
1.
an chuid le tóin; an chuid thíos uilig; an chuid is ísle.
a.
+–
Íochtar an bhoird, an chléibh; íochtar an tobáin, an bhairille (tóin), srl.
Tá an tae istigh in íochtar an drisiúir — sa gcuid thíos den drisiúr
TUILLEADH (1) ▼
Tá an casúr istigh faoi íochtar an drisiúir — thíos faoi chláracha tónach an drisiúir
·
Íochtar na hiomaire — an ceann di atá ag an gclaise srutha
Bhí na Lochlannaigh in ann uachtar na hiomaire a leasú as a híochtar (sin rún a bhí acu agus nár ligeadar le aon Éireannach ariamh é — tá seanscéal faoi)
·
Tá tithe in íochtar an ghleanna — sa log is doimhne ann nó amantaí ag a cheann. ("Íochtar an ghleanna" — dhá mbeifeá ag breathnú air ó ardán fá gcuairt, 'sé íochtar an ghleanna an log is doimhne sa ngleann, ach má bhíonn tú ag a cheann ó thuaidh, sé an ceann ó dheas "íochtar an ghleanna")
+–
Íochtar na farraige, na locha srl.
Faraor nach bró mhuilinn atá faoi do mhuineál ar íochtar Chuain an Fhir Mhóir (ar thóin – eascaine)
TUILLEADH (11) ▼
Faraor nach céad meáchain atá faoi do mhuineál agus thú leath cuain ar íochtar na farraige (eascaine; leath cuain = amuigh i lár chuain na Gaillimhe; leath bealaigh idir Contae an Chláir agus Conamara)
Bhuail sé an t-íochtar faoi dhó — fear a thit amach as bád agus a chuaigh go tóin poill dhá uair
Íochtar an tobair — tóin an tobair
Tá roille bhuí in íochtar an tobair — tá luifearnach ag fás in íochtar an tobair
Tá coirt ar íochtar an tobáin — salachar atá greamaithe dhá thóin
Sceitheann na bradáin ar an ngaineamh ar éigean a bhíos in íochtar srutháin — síolraíonn siad ar an scaineamháin atá idir a bheith ina ghaineamh agus ina chréafóig ar thóin abhann
Tá cnámharlach eicínt ar íochtar na gloine. Ní cheapfainn gur poitín maith é — tá mar a bheadh bileoigín nó cáithníní eicínt ar thóin na gloine, agus dá mba poitín maith é, ní bheidís sin ann
Tá streancán beag (strioncán adeirtear) ar íochtar an cheaintín — braon beag; taoscáinín
Má chuireann tú an canna ar a chorr (chour adeirtear), b'fhéidir go bhfaightheá lán do bhéil ar íochtar
D'fhága sé braoinín beag ar íochtar na gloine
D'fhága sé oiread na fríde ar a íochtar
+–
Talamh íochtair — an chré nó an bréidín chréafóige is faide síos sa talamh
Níor mhór duit a dhul go talamh íochtair ansin shula bhfaightheá aon uisce ann (taluw — ní abraítear an mh i ndeireadh focla i nGaillimh cé is moite den áit a mbíonn guth i dtosach an chéad fhocail eile)
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh an bhó síos go talamh íochtair — chuaigh sí dhá báthadh agus chuaigh sí an-fhada i dtalamh
Má théann tú do (go) do bháthadh ansin, gabhfaidh (gó) tú síos go talamh íochtair.
Bhí sé leis an gcloich ariamh ariamh go dtug sé aníos ó thalamh íochtair í
Caithfidh tú baint go talamh íochtair ansin le áit tí a fháil
+–
Íochtar na cruaiche — an snáth is ísle de chruaich mhóna
Íochtar an choca — an bréidín féir is gaire den talamh i gcoca féir
TUILLEADH (8) ▼
Íochtar an bhalla — an cúrsa le talamh
Tarraing uchtóg dhom as íochtar an choca
Tóg an mhóin as cnámh éadain ó íochtar nó ólfaidh sí an t-uisce — tóg an mhóin as an gcruaich ón ngníomh íochtair fód ar an bhfód, nó rachaidh fraighfhliuchas thríd an gcruaich
Tóg as a híochtar í (feamainn, móin srl.)
Ní mór dhá híochtar a bheith go maith i gcleithiúnas a huachtair — ní raibh aon mhaith leis an uachtar agus caithfidh an t-íochtar a bheith an-mhaith le cúiteamh ar a shon sin (cruach mhóna, coca féir, iomrachaí fataí srl.)
Is deise as a híochtar í ná as a huachtar
Tabhair leat aníos ón íochtar í — as éadan (móin, feamainn, gaineamh srl.)
Tá sí ídithe go híochtar (cruach mhóna, mála mine srl.)
+–
An bréidín íochtair — an bréidín a bhíos le talamh i gcoca féir
An gníomh íochtair (an snáth íochtair) — an cheád snáth nó an gníomh buin i gcruaich mhóna
TUILLEADH (2) ▼
An cúrsa íochtair — an chéad chúrsa a déantar i bhfoirgniú (i bhfoirgneamh)
An buinne íochtair — buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fitear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh
+–
Íochtar mo chóta — an chiumhais thíos
Íochtar an ghúna — an chiumhais thíos
TUILLEADH (7) ▼
Chrap sí suas íochtar a gúna (a cóta, a seál, a clóca, srl.) — d'fhill sí aníos é
Bhí an sruth as íochtar a cóta (a gúna, a bhríste srl.) — bhí sé an-fhliuch agus an bháisteach ag silt as
Tá íochtar mo ghúna fliuch báite (mo bhríste, mo chóta, mo sheáil srl.)
Tabhair dhom binn de íochtar do sheáil — lig isteach mé fá'n gcorr thíos d'íochtar do sheáil (nuair a thiocfadh sé fliuch agus go mbeadh bean a bheadh ina cóiriú ag iarraidh foscaidh ar bhean seáil)
Tá íochtar do ghúna stróicthe stiallta (nó stróicthe stiallta liobraithe)
Ní raibh snáth de na seacht n-éadaí air. Bhí íochtar a léine le feiceáil amach thrína bhríste (bacach nó ceannaí)
Íochtar na bróige — bonn na bróige
+–
Tá íochtar mo theanga tinn
Tá rud eicínt ar íochtar mo bhéil
TUILLEADH (2) ▼
An drad íochtair — an béal íochtair; na fiacla atá sa mbéal íochtair
Carbad íochtair
·
Íochtar an tí — an limistéar le talamh; i gceartas leis an limistéar thuas an staighre, 'sé sin uachtar an tí; ach i dtithe ceann tuí aon stór amháin, ciallaíonn sé go minic ag an mbinn is faide ó dheas nó is faide uait
Bhí sí ina suí ag íochtar an tí — taobh amuigh ag an mbinn ó dheas
+–
Íochtar na spéire — an chuid is gaire de thalamh; bun na spéire
Tá an duifean ag íochtar na spéire. Sílim gur gearr uaidh báisteach — tá an spéir dubh ag a bun. Sin tuar báistí
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mé lasair aréir in íochtar an aeir
Níl aon duine ó íochtar an aeir go dtí uachtair an aeir, is oilce ná é — 'sé an duine is oilce faoin saol é
·
An domhan íochtair (i scéal amháin) — an domhan thíos; sórt áit a samhlaíodh do scéalaithe a bheith faoi thalamh
+–
Go gcartaí Mac dílis Dé síos go fíoríochtar ifrinn thú (eascaine uafásach) — an log is doimhne in ifreann
Má mhaireann duit ar an gceird sin, 'sé fíoríochtar ifrinn t'áit
TUILLEADH (8) ▼
Tá na diabhail ag sluaisteáil gríosaí air san íochtar is faide síos d'ifreann (fear adúirt ag caint dó ar Chromail. Samhlaíodh don chainteoir go raibh an iomad íochtar in ifreann ach go raibh Cromail sa bhfíoríochtar)
Go híochtar ifrinn a chuirfinn é dhá mbeadh an power agam
Is bocht an loscadh a gheobhas tú in íochtar ifrinn fós
Is faide síos é ná íochtar ifrinn
Is gearr a bhí idir é an uair sin agus íochtar ifrinn (dúradh le duine a raibh cathú air coir a dhéanamh)
'Sé íochtar ifrinn atá roimhe — is ann a rachas sé nuair a gheobhas sé bás
Tús na breithe ag Mac Dé, ach mura dté sé go híochtar ifrinn, níl baol ar bith ar aon duine eile
Bhí béal air agus ní choinneodh na diabhail in íochtar ifrinn coinneal dó — bhí drochbhéal amach is amach air. "Cén sórt coinneal sin ort? Nach raibh neart solais ann dá huireasa" (freagra abartha ar an gcaint dheireanaigh)
·
Beir as íochtar air — comhairle do choraí breith isteach nó ón lár síos ar a chéile coraíochta
Dhá dtugtá fúithi as íochtar, b'fhéidir go dtógfá í — comhairle do dhuine a bheadh ag iarraidh cloiche a thógáil
b.
+–
D'ól sé go híochtar é — fuisce, bainne nó eile
Ó chuaigh tú chomh fada sin ann, téirigh go híochtar (adéarfaí le duine a d'ólfadh taoscán maith as gloine, muigín nó soitheach ar bith, ach nach gcríochnódh é)
TUILLEADH (3) ▼
Níl mé in ann é a ól go híochtar.
Bhí an gloine líonta go buinne bruach agus shlog sé go híochtar í — bhí sí líonta go drad agus d'ól sé chuile mhíle deoir dá raibh inti
An ndeachaigh sé go híochtar inti (gloine, muigín nó eile) — ar ól sé uilig í
+–
Mar a chéile iad go híochtar — mar a chéile iad ar fad. Daoine ar aon tréathra an mhuirín nó an t-ál nó an dream sin uile go léir
Níl duine go híochtar acu nach aon bhealach amháin a bhí leis — b'ionann béas dóibh fré chéile
TUILLEADH (3) ▼
Níl duine go híochtar sa mbaile sin nach gadaí
Téirigh thríothu go híochtar anois agus cé a fhéadfas tú a bhaint as margadh — is mar a chéile chuile dhuine de réir an chaoi a bhfuileamar dá meas
Mar a chéile chuile chárta go híochtar acu
c.
+–
Íochtar an bhaile — an chuid den bhaile is faide ó dheas nó is gaire don bhóthar. (Íochtar an pharóiste, uachtar an pharóiste ar an gcóir céanna)
Níl mórán tithe ar íochtar an bhaile. Is mó go mór atá ar a uachtar
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ina chónaí ar íochtar (in íochtar) an bhaile
Is aisteach an dream iad muintir íochtar an bhaile — na daoine atá ina gcónaí ar an gcuid is ísle den bhaile nó le bóthar, tá siad groí nó aisteach
Deile cé a dhéanfadh é ach muintir íochtar an bhaile
Tabhair suas do mhuintir íochtar an bhaile é — níl aon chinneadh leo
Cáid ó bhí tú ag cuartaíocht in íochtar an bhaile?
Bíonn íochtar an bhaile i gcónaí sceite — bíonn fuarlach i gcónaí ar íochtar an bhaile
Níl scéal thoir ná thiar nach ag mná íochtar an bhaile atá. Ar ndóigh tuige nach mbeadh agus iad ar shúil an bhóthair
An baile íochtair, Both Loiscthe Íochtair, Both Loiscthe Uachtair
Tá íochtar Bhaile an Ghleanna siúlta agam fré chéile agus ní bhfuair mé a dhubh ná a dhath ná a thuairisc
+–
Tá sé faoi íochtar (faoi íochtair, faoi íochtar an bhaile srl.)
Buailfidh muid síos faoi íochtar an bhaile — tiocfaidh muid síos go dtí (in) íochtar an bhaile
TUILLEADH (3) ▼
Bhuailfidh muid soir le íochtar an bhaile — rachaidh muid soir leis an gclaí tórann thíos den bhaile
Rachaidh muid soir le íochtar na locha — leis an gceann ó dheas nó is faide uainn den loch
Rachaidh muid síos faoi íochtar na locha — go dtí íochtar na locha; go dtí an ceann is faide uainn den loch (an ceann ó thuaidh go minic — go háirithe dá mbeadh cónaí ar an duine adéarfadh é ag an gceann ó dheas den loch)
+–
Íochtar an chladaigh — an chuid is faide amach di, an chuid is faide a dtránn sé air
Bhí dola mór feamainne in íochtar an chladaigh inniu
TUILLEADH (11) ▼
Bhí íochtar Chaladh an Uisce leis, agus ní fheictheá é sin leis, ach le an-thrá — bhí sé tráite amach go dtí an chuid is faide i bhfarraige de Chaladh an Uisce agus murach go raibh an rabharta an-mhór, ní bheadh sin le feiceáil
Mura dtarraingí an súiteán í (an fheamainn), fanfaidh sí in íochtar cladaigh
Níorbh fhiú dhuit a bheith do do mhearú féin le íochtar cladaigh mura bhfaighteá coirleach — níorbh fhiú duit anró a fháil ag baint na feamainne a bhíos ar íochtar an chladaigh mura n-éiríodh coirleach leat (cineál feamainne dosaí)
Tá an t-íochtar cladaigh go tofa ag an gcur óg — tá an fheamainn a fhásas ar an gcuid is faide amach den chladach go han-mhaith mar leasú i gcóir an tsíl is deireanaí a cuirtear sa mbliain (cuirim i gcás faoi Bhealtaine)
Is deacair a dhul ag dréim le íochtar cladaigh a fháil anois agus laghad an rabharta atá ann — is deacair a dhul ag féachaint le feamainn i bhfad amach a bhaint, mar ní thránn sé rófhada amach
Ní gan anró a dhul faoi íochtar cladaigh (ag baint fheamainne in íochtar an chladaigh)
Ní gan úidh ná óidh a bheith ag plé le íochtar cladaigh — is obair anróiteach ag baint fheamainne atá roinnt doimhin i bhfarraige
Cén ghair atá ag barr cuanla ar íochtar cladaigh — níl an fheamainn in uachtar an chladaigh chomh maith mar leasú le feamainn íochtar an chladaigh
Ní rachaidh mise ag coraíocht le íochtar cladaigh go ngoine rabharta — ní rachaidh mise ag baint na feamainne le íochtar an chladaigh go mbí an rabharta ina neart
Más leat íochtar trá a bhaint, ní fhéadfaidh tú a bheith chomh triollata sin ar na cosa — má tá fút an fheamainn atá ar an gcuid is faide amach den trá a bhaint, caithfidh tú do chosa a fhliuchadh
Tá íochtar an chladaigh faoi fhéin uilig aige. Meas tú ab in roinnt cheart — an gceapann tú go bhfuil feamainn an chladaigh roinnte go cóir ná go cothrom agus an chuid is faide síos den chladach uilig ag duine amháin
+–
Níl aon fheamainn den rath ar an íochtar
Is lú anró an barr cuanla, ach is fearr de leasú an t-íochtar — níl sé chomh deacair an fheamainn i mbéal na duirlinge (nó na talún) a bhaint, ach is mó leasú atá sa bhfeamainn atá le íochtar
TUILLEADH (6) ▼
Tá fás maith feamainne duibhe le íochtar, ach tá sí scáinte aníos i mbéal na trá — fásann an fheamainn tiubh síos i bhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamainn de réir mar tharraingeos tú aníos ar an trá nó níos gaire don talamh
Bhí an snáth mara thíos le íochtar — an fheamainn dearg a tháinig isteach bhí sí ina líne síos go maith sa gcladach, mar is dóigh nach raibh aon tuile ard ann (ní bhíonn an h mar urú i gConamara le le ach amháin san abairt "mac le himirt nó mac le hól", agus ní bhíonn sé ansin féin amantaí)
Is gearr a rachas a bhfuil ar an íochtar ar an ngarraí sin
Ní fhásann an fheamainn bhoilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith anseo
Nuair a bhíos oibriú sa bhfarraige, baineann sí an fheamainn a bhíos le íochtar
Is beag an tolgán don fharraige an fheamainn le íochtar a bhaint — is beag an croitheadh a fhaigheas sí an fheamainn atá scaitheamh amach sa gcladach a bhaint
·
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an seanchur — feamainn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéanna den chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliain
B'éigean dom feamainn íochtar a chur air. Ní raibh a malrait agam
+–
Íochtar an ghoirt
Ní bhíonn aon bharr den rath ar na híochtair — ar chloigní na n-iomrach le hais na claise srutha, nó ar shrathachaí abhann, nó ar thalamh le hais na farraige
TUILLEADH (12) ▼
Chonaic mé Ned Pheaits ag dul soir le íochtar. I ndiaidh feamainn dearg a bhí sé is cosúil — chuaigh sé soir sna garrantaí atá le hais na farraige; na garrantaí is faide síos ar an mbaile
Tá na caoirigh thíos le íochtar
Bíonn cead scoir ag na caoirigh le íochtar an tráth seo bhliain (an geimhreadh) — ní bhíonn aon bhacainn orthu a dhul ar chuid a rogha duine thíos in aice na farraige (nó ag ceann an bhaile) an t-am seo bhliain
Feicim é ag féithiú soir le íochtar — duine a bhí ag breathnú ar dhuine eile ag triall uaidh soir le cladach (nó an talamh buailte ar an gcladach) nó b'fhéidir an talamh ag ceann an bhaile nó ar leirg gleanna
Chuaigh sé siar le íochtar tráthnóna deireanach. Súnás (saobhnós) feamainne dearg a bhí air déarfainn (fonn cráite feamainn dearg a fháil)
Tá mé ag dul síos ar na híochtair inniu — ar an talamh ag síneadh leis an bhfarraige, ar bruach locha abhann srl. (fc. na leaganacha réamhráite)
Is beag a bhíos de bharr na n-íochtar céanna. Ní túisce curtha ná sceite iad go minic — ní bhíonn mórán bairr dá mbarr; tagann tuile na farraige, na locha, na habhann srl. orthu agus cuireann sí an barr ó rath
An raibh aon chaoirigh agaibhse thíos ar na híochtair an tseachtain seo caite.
Coinnigh siar ar an íochtar — fan le cladach síos agus ná feithigh uaidh
Ní mór dhuit coinneáil síos go maith ar an íochtar (le íochtar) — caithfidh tú fanacht nó siúl ar an gcuid atá ag síneadh leis an bhfarraige srl. (nó amantaí le claí an ghoirt)
Sin é a raibh de bharr na n-íochtar againn — beagán bairr, nó b'fhéidir gur gortaíodh ann duine, nó ghur tholg sé slaghdán ann srl.
Sin é a raibh de bharr na n-íochtar agam, mo chos a leonadh
·
An garraí íochtair — an garraí is faide ó dheas, le hais na farraige, bóthair, nó srl.
Íochtar na páirce
d.
lámh in íochtar: nuair a bheireas beirt choraithe isteach ar a chéile go dlúth, agus lámh ag duine acu faoi ascaill a chéile coraíochta, sin lámh in íochtar. lámh in uachtar: beirt choraithe i ngreim isteach ar a chéile go dlúth agus lámh ag duine acu thar ghualainn a chéile agus an cleas céanna lena chéile coraíochta.
·
Rugadar isteach ar a chéile – lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíochta — sin é an chaoi a gcuirtear síos sna seanscéalta ar gheábh coraíochta idir dhá ghaiscíoch
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
·
Tiocfaidh mé leat má thugann tú lámh in uachtar agus lámh in íochtar dhom — má thugann tú cead dom leathlámh liom a chur faoi t'ascaill agus an leathlámh eile thar (ar) do ghualainn agus a dhul a coraíocht leat
+–
Ní thiocfaidh mé i nglacamas lámh leat mura dtuga tú dhá lámh in íochtar dhom — ní rachaidh mé ag coraíocht leat gan dhá láimh in íochtar a thabhairt dom
Dhá láimh in íochtar (lámh in uachtar agus in íochtar) a bhí acub ar a chéile
TUILLEADH (1) ▼
Is ait an coraí é má fhaigheann sé dhá láimh in íochtar (fc. isteach — na samplaí ansin a bhaineas le "láimh istigh" féadfaí leas a bhaint astu anseo)
2.
+–
Tá na híochtair caite ar mo chuid bróg — na boinn
Níl díon deor sna híochtair — ligeann boinn na mbróg isteach chuile dheor a bhíos amuigh
TUILLEADH (4) ▼
Tá na híochtair ag tabhairt uathu — tá boinn na mbróg ag imeacht ó chéile
Tá na huachtair go maith, ach tá na híochtair imithe dhíobh (bróga)
Cén mhaith na huachtair a bheith go maith má bhíonn na híochtair ag ligean isteach (bróga)
Bhí na híochtair is measa a chonaic mé ariamh ar na bróga sin
3.
pis mná.
+–
Tabhair faoin íochtar di é
Tá sí te bruite as an íochtar
TUILLEADH (5) ▼
Tá íochtar te bruite aici
Leagfaidh sé ar an íochtar aici
Íochtar éalangach a bheas aici dhá bharr
Beir as a híochtar uirthi
Oibrigh an t-íochtar aici
4.
Íochtar Tíre: Cúige Uladh.
+–
Muintir Íochtar Tíre — muintir Chúige Uladh
Bhí fear aníos amach as Íochtar Tíre anseo fadó agus ba Protastún é — aníos as Cúige Uladh, atá i bhfad ó láthair
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an fáth go bhfuil an ghaoth aduaidh chomh nimheanta, mar is as Íochtar Tíre a thagas sí
Mura dteaga muintir Íochtar Tíre le comhar, gheobhaidh siad rud ar a shon — mura bhfuil siad sásta géilleadh don chuid eile de mhuintir na hÉireann agus comhar a shnaidhmeadh leo, cuirfear faoi ndeara dóibh sin a dhéanamh
Chloisfí in Íochtar Tíre é leis an scréachaíl a bhí air
Chuir sé fuisce go hÍochtar Tíre — d'ól sé é
·
Is danartha an dream iad muintir Íochtar Tíre — is mí-ásach, míchomhairleach an dream iad
Is mairg a bheadh ag iarraidh maitheasa ar mhuintir Íochtar Tíre — níor ceart a bheith ag tnúthán go dtiocfaidís le comhar ná go ndéanfaidís an rud ceart
·
Fear as Íochtar Tíre — go hiondúil sin é an chaoi a dtráchtar ar dhuine cuideáin nó ar strainséara i scéalta
Ba fear as Íochtar Tíre é
5.
cloch íochtair.
·
D'ólfadh sé an chloch íochtar de Ghaillimh — d'ólfadh sé a dtuillfeadh sé
D'ól sé an chloch íochtar — d'ól sé a dtáinig sé suas leis; d'ól sé roimhe. Níor chualas ariamh an leagan seo ach leis an bhfocal ól, agus mar atá sé anseo. Ciallaíonn sé, is dóigh, go n-ólfadh sé an baile mór ar fad go bun
íochtar in iontrálacha eile (50+)
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
+
→
féar
Tá na locháin siúd ar an íochtar faoi fhéar gliomach fré chéile — ní féar é dháiríre ach cineál feamainne a bhíos i locháin an chladaigh in áiteachaí; ribíní fada é ar dhéanamh féir, agus é mór go maith; dath bán a bhíos air; ní bhíonn aon tsaint rómhór ag lucht leasaithe ná ag ceilpeadóirí ann, ach cuirtear amach ar an talamh é thríd fheamainn eile
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
→
fíóg
Tá na híochtair ansiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
→
caothach
Tá an-chruas sa sliabh atá ag síneadh le L. F., ach maidir leis an íochtar anuas anseo, caochphoill agus cíocraí agus caothachaí fré chéile é.
→
carracán
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin. Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
→
cinceach
Is mór an easonóir a bheith ag baint cincí íochtar portaigh, arae sceitheann sí ar fad. Dhá mbeadh sí tirim fhéin agat, déanann sí spruschaorán, agus dheamhan mórán a bhuachanns (bhuanns) aon duine uirthi.
Bhí sí crua coinneálach, tíobhasach, agus níor mhór di sin ar shon an fhir a bhí aici. D'ólfadh sé an chloch íochtair.
+
M'anam dá bhfágthá na híochtair fliucha sin achar ar bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigean. An t-uisce a chónaíonns i dtalamh íochtair a dhéananns é sin.
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhór na mionchlascannaí a shioscadh agus a thógáil go maith chuile bhliain nó déanfaidh na híochtair siúd cíb ar éigean.
Ní chasfadh an diabhal fóidín baic ar na híochtair fhliucha údaí. Tá siad ina gcíb ar éigean as éadan. Fhóbair mé feac a bhriseadh leob inniu.
→
bealaigh
'Sé a raibh ann cunús den fheamainn bealaithe sin ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chur air fhéin.
→
crígh
Tharlaigh an Púca leis é agus chaith sé isteach i gcrígh mhóir ansin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Ba in í an mharcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé millte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
+
→
crúbáin
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar an chúil rófhliuch, agus mura bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrutha, d'éireodh an fuarlach ar na híochtair as éadan agus bheadh an cur ó mhaith.
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios agatsa anois, le na hiomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin ansin, agus ní mó ná mé fhéin atá in ann a dhéanta.
Tá fataí maithe ar na huachtair, ach maidir le na híochtair agus le na crúbáin eile siúd, tá siad lofa fré chéile orthub.
→
curásach
Mura bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránna siúd atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
→
binse
Nuair a bhí mé ar bhinse an darna bairr, bhí an barr íochtair folcaithe. Ach shil an t-uisce ó shin.
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
→
breoigh
Bhí sé tirim nuair a rinne mé cocaí móinéir dhe, ach tháinig faoi leis an tuile agus bhreoigh an t-íochtar ar fad.
+
→
bruach
Féadfaidh mé dhá bharr a chur ar bruach, agus an barr íochtar sa lagpholl
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn aon bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach agus má théim ag leagan bruachannaí ann, cothóidh an t-uisce in íochtar.
→
buail ar
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile aimsir stoirme, agus is beag nár chaill oigiséad fíona a bhí inti a raibh san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinig sé as ina dhiaidh sin. Ón lá sin go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon deoir óil, ach cérbh ionadh sin: an té bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air.
→
buille
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhronn (tuiseal ginideach ar "bhrú" nó "bró")
→
buinne 1
Tá an buinne íochtair imithe den bhairille sin amuigh. Ní mór lata nó rud eicínt a chur air lena choinneáil daingnithe.
→
buinne 2
In íochtar an bhuinne, in aice na créafóige, a thionsclaíonns an dúchan i gcónaí. Caithríonn sé as sin amach ar na bileogaí. Sin é an fáth go measaimse gur as an talamh a thaganns sé.
→
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, ag rith ar an bhfód tirim, agus seo anuas an gníomh ina bhuíograchaí ina mhullach
→
aire
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin ar mhuintir íochtar an bhaile ná bheith in aiféala arís.
→
airiúil
Tá an talamh atá le íochtar airiúil go maith ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá i mbarr an bhaile.
Antlacháin chuile dhuine acub go híochtar — déarfaí seo faoi dhream daoine a mbeadh sé de cháil orthu go raibh an tsaint agus an ampla iontub.
+
→
aníos
Duine eicínt aníos as íochtar an bhaile a bhí ann.
TUILLEADH (3) ▼
Thug sí an crann aníos ó thalamh íochtair.
Fear aníos as Íochtar Tíre é — as Cúige Uladh. Aníos adeirtear le Íochtar Tíre i gcónaí
Tháinig sé aníos as Íochtar Tíre, an áit a bhfuair sé talamh anseo tá fadó an lá (ann)
+
→
ardaigh
D'ardaigh sí suas íochtar a gúna — d'fhill sí suas é
TUILLEADH (1) ▼
Má théann tú ag ardú an chlaí sin, ní foláir dhuit a dhul dhó mar is ceart agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mura ndéana tú sin, beidh sé le n-ardú aríst agat.
→
átha
'Átha san abhainn, sin linn uisce thanaí a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith ag rith mar a bhíos sruth le fána, agus gan bun móna nó créafóige ina íochtar ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíorghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcónódh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadrom ar an átha' (Peadar Chois Fharraige — lch 69)
Chonaic mé iomán a maraíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán ansin amuigh an bhliain cheana, agus an flithghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé chomh cúbtha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
→
fásach
Tá fásach ar na híochtair ach níl ach bunfhéar ar na cnocáin. Ní fiú cuid dhe a spealadh beag ná mór