Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Íochtar
malrait ar "uachtar"
1.
an chuid le tóin; an chuid thíos uilig; an chuid is ísle.
a.
+
Íochtar an bhuird, an chléibh, íochtar an tubáin, an bhairille (tóin), etc.
Tá'n tae istigh in íochtar an drisiúir = sa gcuid thíos de'n drisiúr.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n casúr istigh faoi íochtar an drisiúir = thíos faoi chláracha tónach an drisiúir
·
Íochtar na h-iomaire = an ceann di atá ag an gclaise srotha.
Bhí na Lochlannaigh indon uachtar na h-iomaire a leasú as a h-íochtar (sin rún a bhí acu, agus nar leigeadar le aon-Éireannach ariamh é — tá sean-scéal faoi)
·
Tá tighthe in íochtar an ghleanna = sa log is doimhne ann nó amanntaí ag a cheann. ("Íochtar an ghleanna" — dhá mbeitheá ag breathnú air ó árdán fá gcuairt, 'sé íochtar an ghleanna an log is doimhne 'sa ngleann, ach má bhíonn tú ag a cheann ó thuaidh, sé an ceann ó dheas "íochtar an ghleanna")
+
Íochtar na fairrge, na locha etc.
Faraor nach bró-mhuilinn atá faoi do mhuineál ar íochtar Chuain an Fhir Mhóir (ar thóin) (eascaine)
TUILLEADH (11) ▼
Faraor nach céad meadhchain atá faoi do mhuineál agus thú leath-cuain ar íochtar na fairrge (eascaine; leath-cuain = amuigh i lár chuain na Gaillimhe; leath-bealaigh idir Conndae Chláir agus Conamara)
Bhuail sé an t-íochtar faoi dhó = fear a thuit amach as bád, agus a chuaidh go tóin puill dhá uair.
Íochtar an tobair = tóin an tobair.
Tá ruille-bhuidhe in íochtar an tobair = tá luibhthearnach ag fás in íochtar an tobair.
Tá cairt ar íochtar an tubáin = salachar atá greamuighthe dhá thóin.
Scéitheann na bradáin ar an ngaineamh ar éigin a bhíos in íochtar srutháin = síolruigheann siad ar an scaineamháin atá idir a bheith in a ghaineamh agus in a chréafóig ar thóin abhann.
Tá cnámharlach eicínt ar íochtar na gloine. Ní cheapfainn gur poitín maith é = tá mar bheadh billeoigín nó cáithníní eicínt ar thóin na gloine, agus dá mbadh poitín maith é, ní bheidís sin ann.
Tá streanncán beag (strionncán adeirtear) ar íochtar an cheaintín = braon beag; taoscáinín
Má chuireann tú an canna ar a chorr (chour adeirtear), b'fhéidir go bhfuightheá lán do bhéil ar íochtar.
D'fhága sé braoinín beag ar íochtar na gloine.
D'fhága sé oiread na frighde ar íochtar.
+
Talamh íochtair = an chré, nó an bréidín chreafóige is fuide síos sa talamh.
Níor mhór duit a dhul go talamh íochtair annsin, shul a bhfuightheá aon-uisce ann (taluw — ní abruightear an mh indeire focla in Gaillimh, cé's moite de'n áit a mbíonn guth idtosach an chéad fhocail eile)
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh an bhó síos go talamh íochtair = chuaidh sí dhá báthadh agus chuaidh sí an-fhada idtalamh.
Má theigheann tú do (go) do bháthadh annsin, gabhfa (gó) tú síos go talamh íochtair.
Bhí sé leis an gcloich ariamh, ariamh, go dtug sé aníos ó thalamh íochtair í.
Caithfe tú baint go talamh íochtair annsin, le áit tighe a fhághail.
+
Íochtar na cruaiche = an snáth is ísle de chruaich mhóna.
Íochtar an choca = an bréidín féir is goire de'n talamh i gcoca féir.
TUILLEADH (8) ▼
Íochtar an bhalla = an cúrsa le talamh.
Tarraing uchtóg dhom as íochtar an chóca.
Tóg an mhóin as cnámh-éadain ó íochtar nó ólfa sí an t-uisce = tóg an mhóin as an gcruaich ó'n ngníomh íochtair fód ar an bhfód, nó racha fréileachas thríd an gcruaich.
Tóg as a h-íochtar í (feamuinn, móin etc)
Ní mór dhá h-íochtar a bheith go maith i gcleitheamhnas a h-uachtair = ní raibh aon-mhaith leis an uachtar, agus caithfe an t-iochtar a bheith an-mhaith le cúitiú ar a shon sin (cruach mhóna, coca féir, iomrachaí fataí etc)
Is deise as a h-íochtar í ná as a h-uachtar.
Tabhair leat aníos ó'n íochtar í = as éadan (móin, feamuinn, gaineamh etc.)
Tá sí ídighthe go h-íochtar (cruach mhóna, mála mine agus rl.)
+
An bréidín íochtair = an bréidín a bhíos le talamh i gcoca féir.
An gníomh íochtair (an snáth íochtair) = an chéad snáth, nó an gníomh buinn i gcruaich mhóna.
TUILLEADH (2) ▼
An cúrsa íochtair = an chéad chúrsa a deantar i bhfoirgniú (i bhfoirgneamh)
An buinne íochtair = buinne béil cléibh; an chéad bhuinne a fightear i gcliabh, arae bíonn béal an chléibh sa talamh nuair atáthar dhá dhéanamh.
+
Íochtar mo chóta = an chiumhais thíos.
Íochtar an ghúna = an chiumhais thíos
TUILLEADH (7) ▼
Chrap sí suas íochtar a gúna, (a cóta, a seál, a clóca, agus rl.) = d'fhill sí aníos é.
Bhí an sruth as íochtar a cóta, (a gúna, a bhríste agus rl.) = bhí sé an-fhliuch agus an bháisteach ag silt as.
Tá íochtar mo ghúna (mo bhríste, mo chóta, mo sheáil etc) fliuch báidhte
Torm (tabhair dhom) binn de iochtar do sheáil = leig isteach mé fá'n gcorr thíos d'íochtar do sheáil (nuair a thiocfadh sé fliuch agus go mbeadh bean a bheadh in a cóiriú ag iarraidh fascadh ar bhean seáil)
Tá íochtar do ghúna stróicthe, stiallta (nó stróicthe, stiallta liobruighthe)
Ní raibh snáth de na seacht n-éadaighe air. Bhí íochtar a léine le feiceál amach thrídh na bhríste (bacach nó ceannuidhe)
Íochtar na bróige = bonn na bróige
+
Tá íochtar mo theangadh tinn.
Tá rud eicínt ar íochtar mo bhéil.
TUILLEADH (2) ▼
An drad íochtair = an béal íochtair; na fiacla atá sa mbéal íochtair.
Carbad íochtair
·
Íochtar an tighe = an limistéar le talamh; i gceartas leis an limistéar thuas an staighre, sé sin uachtar an tighe; ach idtighthe ceann-tuighe aon-stór amháin, cialluigheann sé go minic ag an mbinn is fuide ó dheas nó is fuide uait.
Bhí sí in a suidhe ag íochtar an tighe = taobh amuigh ag an mbínn ó dheas.
+
Íochtar na spéire = an chuid is goire de thalamh; bun na spéire
Tá'n duibhthean ag íochtar na spéire. Sílim gur gearr uaidh báisteach = tá an spéir dubh ag a bun. Sin tuar báistighe.
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mé lasair aréir in íochtar an aeir.
Níl aon-duine ó íochtar an aeir go dtí uachtair an aeir, is uilce ná é = sé'n duine is uilce faoi'n saoghal é.
·
An domhan íochtair (i scéal amháin) = an domhan thíos; sórt áit a samhluigheadh do scéaluidhthe a bheith faoi thalamh
+
Go gcartuighe mac dílis Dé síos go fíor-íochtar Ifrinn thú (eascaine uathbhásach) = an log is doimhne in Ifreann.
Má mhaireann duit ar an gceird sin sé fíor-íochtar Ifrinn t'áit.
TUILLEADH (8) ▼
Tá na diabhail ag sluaisteáil gríosaighe air, san íochtar is fuide síos d'Ifreann (fear adubhairt ag cainnt dó ar Chromail. Samhluigheadh do'n chainnteoir go raibh an iomad íochtar in Ifreann, ach go raibh Cromail sa bhfíor-íochtar)
Go h-íochtar Ifrinn a chuirfinn é, dhá mbeadh an 'power' agam.
Is bocht an loscadh a gheobhfas tú in íochtar Ifrinn fós.
Is fuide síos é ná íochtar Ifrinn.
Is gearr a bhí idir é an uair sin agus íochtar Ifrinn (dubhradh le duine a raibh cathú air coir a dhéanamh)
'Sé íochtar Ifrinn atá roimhe = is ann a rachas sé nuair a gheobhfas sé bás.
Tús na breithe ag mac Dé, ach mara dteighe sé go h-Íochtar Ifrinn, níl baoghal ar bith ar aon-duine eile.
Bhí béal air, agus ní choinneochadh na diabhail in íochtar Ifrinn coinneal dó = bhí droch-bhéal amach a's amach air. "Cé'n sórt coinneal sin ort? Nach raibh neart soluis ann dá h-uireasbha." (Freagra abartha ar an gcainnt dheireannaigh)
·
Beir as íochtar air = comhairle do charuidhe breith isteach nó ó'n lár síos ar a chéile caruidheachta.
Dhá dtugtá fúithe as íochtar, b'fhéidir go dtóigfeá í = comhairle do dhuine a bheadh ag iarraidh cloiche a thógáil
b.
+
D'ól sé go h-íochtar é = fuisce, bainne, nó eile.
Ó chuaidh tú chomh fada sin ann, teirigh go h-íochtar (adéarfaidhe le duine a d'ólfadh taoscán maith as gloine muigín nó soitheach ar bith, ach nach gcríochnóchadh é).
TUILLEADH (3) ▼
Níl mé indon é a ól go h-íochtar.
Bhí an gloine líonta go buinne bruach, agus shluig sé go h-íochtar í = bhí sí líonta go drad, agus d'ól sé 'chuile mhíle deor, dá raibh innte.
A' ndeacha sé go h-íochtar innte (gloine, muigín nó eile) = ar ól sé uilig í.
+
Mara chéile iad go h-íochtar = mar a chéile iad ar fad. Daoine ar aon-tréartha an mhuirghín nó'n t-ál nó an dream sin uile go léir.
Níl duine go h-íochtar acu, nach h-aon-bhealach amháin a bhí leis = b'ionann béas dóibh fré chéile
TUILLEADH (3) ▼
Níl duine go h-íochtar sa mbaile sin, nach gaduidhe.
Teirigh thríotha go h-íochtar anois, agus cé' fhéadfas tú a bhaint as margadh = is mar a chéile chuile dhuine do réir an chaoi a bhfuileamar dá meas.
Mar a chéile chuile chárta go h-íochtar acu.
c.
+
Íochtar an bhaile = an chuid de'n bhaile is fuide ó dheas nó is goire do'n bhóthar. (Íochtar an pharáiste, uachtar an pharáiste ar an gcóir céadna)
Níl mórán tighthe ar íochtar an bhaile. Is mó go mór atá ar' uachtar.
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé in a chomhnuidhe ar íochtar (in íochtar) an bhaile
Is aisteach an dream iad muinntear íochtar an bhaile = na daoine atá in a gcomhnuidhe ar an gcuid is ísle de'n bhaile, nó le bóthar, tá siad groidhe, nó aisteach.
D'eile cé dhéanfadh é, ach muinntear íochtar an bhaile
Tabhair suas do mhuinntir íochtar an bhaile é = níl aon-chinneadh leo.
Cá'id ó 'bhí tú 'cuartaidheacht in íochtar an bhaile?
Bíonn íochtar an bhaile igcomhnuidhe sceithte = bíonn fuarloch igcomhnuidhe ar íochtar an bhaile.
Níl scéal thoir ná thiar nach ag mná íochtar an bhaile atá. Ar ndú (ndóigh) tuige nach mbeadh, agus iad ar shúil an bhóthair.
An baile íochtair, Boluisce Íochtair, Boluisce Uachtair
Tá íochtar Bhaile an Ghleanna siubhalta agam fré chéile agus ní bhfuair mé a dhuth ná a dhath ná a thuairisc.
+
Tá sé faoi íochtar (faoi iochtair, faoi íochtar an bhaile etc.)
Buailfeamuid síos faoi íochtar an bhaile = tiocfamuid síos go dtí (in) íochtar an bhaile.
TUILLEADH (3) ▼
Bhuailfeamuid soir le iochtar an bhaile = rachamuid soir leis an gclaidhe tórann thíos de'n bhaile.
Rachamuid soir le íochtar na locha = leis an gceann ó dheas nó is fuide uainn de'n loch.
Rachamuid síos faoi íochtar na locha = go dtí íochtar na locha; go dtí an ceann is fuide uainn de'n loch (an ceann ó thuaidh go minic — go h-áirithe dá mbeadh comhnuidhe ar an duine adéarfadh é ag an gceann ó dheas de'n loch.
+
Íochtar an chladaigh = an chuid is fuide amach di, an chuid is fuide a dtrághann sé air.
Bhí dola mór feamuinne in íochtar an chladaigh indiu.
TUILLEADH (11) ▼
Bhí íochtar Caltha an Uisce leis, agus ní fheictheá é sin leis, ach le an-thráigh = bhí sé tráighte amach go dtí an chuid is fuide i bhfarraige de Chaladh an Uisce agus marach go raibh an rabharta an-mhór, ní bheadh sin le feiceál.
Mara dtarrnuighe an súighteán í (an fheamuinn) fanfa sí in íochtar cladaigh.
Níorbh fhiú dhuit a bheith de do mheárú féin le íochtar cladaigh mara bhfaighteá coirrleach = níorbh fhiú duit anró a fhághail ag baint na feamuinne a bhíos ar íochtar an chladaigh, mara n-eirigheadh cuirrleach leat (cineál feamainne dosaighe)
Tá'n t-íochtar cladaigh go toghtha ag an gcur óg = tá'n fheamuinn a fhásas ar an gcuid is fuide amach do'n chladach go h-an-mhaith mar leasú i gcóir an tsíl is deireannaighe a cuirtear sa mbliadhain (cuirim igcás faoi Bhealtaine)
Is deacair a dhul a' dréim le íochtar cladaigh a fhághail anois, agus laghad an rabharta atá ann = is deacair a dhul ag féachaint le feamuinn ibhfad amach a bhaint, mar ní thráigheann sé ro-fhada amach.
Ní gan anró a dhul faoi íochtar cladaigh (ag baint fheamuinne in íochtar an chladaigh).
Ní gan úidh ná óidh a bheith ag pléidh le íochtar cladaigh = is obair anróighteach ag baint fheamuinne atá roinnt doimhin i bhfarraige.
Cé'n ghoir atá ag barr cuanla ar íochtar cladaigh = níl an fheamuinn in uachtar an chladaigh chomh maith mar leasú le feamuinn íochtar an chladaigh.
Ní racha mise ag carruidheacht le íochtar cladaigh go ngoine rabharta = ní racha mise ag baint na feamuinne le íochtar an chladaigh, go mbí an rabharta in a neart.
Má's leat íochtar trágha a bhaint, ní fhéadfa tú a bheith chomh triollata sin ar na cosa = má tá fút an fheamuinn atá ar an gcuid is fuide amach de'n tráigh a bhaint, caithfe tú do chosa a fhliuchadh.
Tá íochtar an chladaigh faoi fhéin uilig aige. Meastú ab in roínnt cheart = a gceapann tú go bhfuil feamuinn an chladaigh roinnte go cóir ná go cothrom agus an chuid is fuide síos de'n chladach uilig ag duine amháin.
+
Níl aon-fheamuinn de'n rath ar an íochtar.
Is lugha anró an barr-cuanla, ach is fearr de leasú an t-íochtar = níl sé chomh deacair an fheamuinn imbéal na dúirlinge (nó na talmhan) a bhaint, ach is mó leasú atá san bhfeamuinn atá le íochtar.
TUILLEADH (6) ▼
Tá fás maith feamuinne duibh' le íochtar, ach tá sí scáinte aníos imbéal na trágha = fásann an fheamuinn tiugh (tiubh amanntaí) síos ibhfad sa gcladach, ach tá léasáin sa bhfeamuinn de réir mar tharrnóchas tú aníos ar an tráigh nó níos goire do'n talamh.
Bhí an snáth-mara thíos le íochtar = an fheamuinn dearg a tháinic isteach bhí sí in a líne síos go maith sa gcladach, mar is dóigh nach raibh aon-tuile árd ann (ní bhíonn an h- mar urdhubhú igConamara le le, ach amháin san abairt "mac le h-imirt nó mac le h-ól", agus ní bhíonn sé annsin féin amanntaí)
Is gearr a rachas a bhfuil ar an íochtar ar an ngarruidhe sin.
Ní fhásann an fheamuinn bhuilgíneach sin ná an mhíoránach le íochtar chor ar bith annseo.
Nuair a bhíos oibriú sa bhfarraige, baineann sí an fheamuinn a bhíos le íochtar.
Is beag an tolgán do'n fhairrge an fheamuinn le íochtar a bhaint = is beag an craitheadh a fhághas sí an fheamuinn atá scathamh amach sa gcladach a bhaint.
·
Fás íochtair ó anuraidh a chuir mé ar an sean-chur = feamuinn a bhí le íochtar agus a d'fhás anuraidh (mar baineadh an chuid chéadna de'n chladach anuraidh) a chuir mé ar an síol is túisce a chuir mé sa mbliadhain.
B'éigin dom feamainn íochtar a chuir air. Ní raibh a malrait agam.
+
Íochtar an ghuirt.
Ní bhíonn aon-bharr de'n rath ar na h-íochtair = ar chloigní na n-iomrach le h-ais na claise srotha, nó ar shrathachaí abhann, nó ar thalamh le h-ais na fairrge.
TUILLEADH (12) ▼
Chonnaic mé Ned Pheaits ag dul soir le íochtar. Indiaidh feamuinn dearg a bhí sé is cosamhail = chuaidh sé soir ins na garradhantaí atá le h-ais na fairrge; na garranntaí is fuide síos ar an mbaile.
Tá na caoirigh thíos le íochtar.
Bíonn cead scuir ag na caoirigh le íochtar an tráth seo bhliadhain (an geimhreadh) = ní bhíonn aon-bhacainn orra a dhul ar chuid a rogha duine thíos in aice na fairrge (nó ag ceann an bhaile) an t-am seo 'bhliadhain.
Feicim é a' feithiú soir le íochtar = duine a bhí ag breathnú ar dhuine eile ag triall uaidh soir le cladach (nó an talamh buailte ar an gcladach) nó b'fhéidir an talamh ag ceann an bhaile nó ar leirg gleanna.
Chuaidh sé siar le íochtar trathnóna deireannach. Súnás (saobhnós?) feamuinn' dearg a bhí air déarfainn (fonn cráidhte feamuinn dearg a fhághail)
Tá mé ag dul síos ar na h-íochtair indiu = ar an talamh ag síneadh leis an bhfairrge, ar bruach locha abhann etc. (féach na leaganacha réamh-ráidhte)
Is beag a bhíos de bharr na n-íochtar céadna. Ní túisce curtha ná sceithte iad go minic = ní bhíonn mórán bairr dá mbarr; tagann tuile na fairrge, na locha na h-abhann etc orra agus cuireann sí an barr ó rath.
Raibh aon-chaoirigh agaibh-se thíos ar na h-íochtair, an tseachtmhain seo caithte.
Coinnigh siar ar an íochtar = fan le cladach síos, agus ná feithigh uaidh.
Ní mór dhuit coinneál síos go maith ar an íochtar (le íochtar) = caithfidh tú fanacht nó siubhal ar an gcuid atá ag síneadh leis an bhfairrge etc. (nó amanntaí le claidhe an ghuirt)
Sin é a raibh de bharr na n-íochtar againn = beagán bairr, nó b'fhéidir gur gortuigheadh ann duine, nó ghur tholg sé slaghdán ann etc.
Sin é a raibh de bharr na n-íochtar agam, mo chos a leonadh.
·
An garraidhe íochtair = an garraidhe is fuide ó dheas, le h-ais na fairrge, bóthair, nó rl.
Íochtar na páirce
d.
lámh in íochtar = nuair a bheireas beirt charuidhthe isteach ar a chéile, go dlúth, agus lámh ag duine acu faoi ascaill a chéile caruidheachta sin "lámh in íochtar." "lámh in uachtar" = beirt charuidhthe i ngreim isteach ar a chéile go dlúth, agus lámh ag duine acu thar ghualainn a chéile, agus an cleas céadna le na chéile carruidheachta.
·
Rugadar isteach ar a chéile, lámh in íochtar, lámh in uachtar, agus lámh uaisle na carruidheachta — sin é an chaoi a gcuirtear síos 'sna sean-scéalta ar gheábh carruidheachta idir dhá ghaiscidheach.
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)
·
Tiocfa mé leat, má thugann tú lámh in uachtar agus lámh in iochtar dhom = má thugann tú cead dom leath-lámh liom a chur faoi t'ascaill agus an leath-lámh eile thar (ar) do ghualainn, agus a dhul a carruidheacht leat.
+
Ní thiocfa mé inglacamus lámh leat, mara dtuga tú dhá lámh in íochtar dhom = ní racha mé a' carruidheacht leat, gan dhá láimh in íochtar a thabhairt dom.
Dhá láimh in íochtar (lámh in uachtar agus in íochtar) a bhí aca(b) ar a chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Is ait an caruidhe é, má fhaghann sé dhá láimh in íochtar (féach "isteach" — na somplaí annsin a bhaineas le "láimh istigh" féadfaidhe leas a bhaint astu annseo)
2.
+
Tá na h-íochtair caithte ar mo chuid bróg = na buinn.
Níl díon deor ins na h-íochtair = leigeann buinn na mbróg isteach chuile dheor a bhíos amuigh.
TUILLEADH (4) ▼
Tá na h-íochtair ag tabhairt uatha = tá buinn na mbróg ag imtheacht ó chéile.
Tá na h-uachtair go maith, ach tá na h-íochtair imthighthe dhíob (bróga)
Cé'n mhaith na h-uachtair a bheith go maith, má bhíonn [na] h-íochtair ag leigean isteach (bróga)
Bhí na h-íochtair is measa a chonnaic mé ariamh ar na bróga sin.
3.
pis mná.
+
Tabhair faoi'n íochtar di é.
Tá sí te bruithte as an íochtar.
TUILLEADH (5) ▼
Tá íochtar te bruithte aice.
Leagfa sé ar an íochtar aice
Íochtar éalannach a bheidheas aice dhá bhárr
Beir as a h-íochtar uirre.
Oibrigh an t-íochtar aice
4.
"Íochtar Tíre" = Cúige Uladh.
+
Muinntir Íochtar Tíre = muinntir Chúige Uladh.
Bhí fear aníos amach as Íochtar Tíre annseo fadó, agus ba Protasdún é = aníos as Cúige Uladh, atá i bhfad ó láthair.
TUILLEADH (4) ▼
Sé'n fáth go bhfuil an ghaoth adtuaidh chomh nimheannta, mar 's as Íochtar Tíre a thagas sí.
Mara dteaga muinntear Íochtar Tíre le cómhar gheobha siad rud ar a shon mara bhfuil siad sásta géilleadh do'n chuid eile do mhuinntir na h-Éireann agus comhar a shnadhmadh leo, cuirfidhear faoi ndeara dóibh sin a dhéanamh.
Chloisfí in Íochtar Tíre é, leis an scréachghail a bhí air.
Chuir sé fuisce go h-Íochtar Tíre = d'ól sé é.
·
Is danardha an dream iad muinntir Íochtar Tíre = is mío-adhásach, mío-chomhairleach an dream iad.
Is mairg a bheadh ag iarraidh maitheasa ar mhuinntir Iochtar Tíre = níor ceart a bheith ag tnuthán, go dtiocfaidís le comhar, ná go ndéanfaidís an rud ceart.
·
Fear as Íochtar Tíre = go h-iondamhail sin é an chaoi a dtráchtar ar dhuine cuideáin nó ar strainséara i scéalta.
Badh fear as Íochtar Tíre é.
5.
·
D'ólfadh sé an chloch-íochtar de Ghaillimh = d'ólfadh sé a dtuilfeadh sé.
D'ól sé an chloch-íochtar = d'ól sé a dtáinic sé suas leis; d'ól sé roimhe. (Níor chualas ariamh an leagan seo ach leis an bhfocal ól, agus mar atá sé annseo. Cialluigheann sé is dóigh go n-ólfadh sé an baile mór ar fad go bonn.)

Féach freisin

Íochtar in iontrálacha eile (50+)

 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
+
féar
Tá na locháin siúd ar an íochtar faoi fhéar gliomach fré chéile = ní féar é dháiríre ach cineál feamainne a bhíos i locháin an chladaigh in áiteachaí; ribíní fada é ar dhéanamh féir, agus é mór go maith; dath bán a bhíos air; ní bhíonn aon-tsainnt ro-mhór ag lucht leasuithe ná ag ceilpeadóirí ann, ach cuirtear amach ar an talamh é, thríd fheamainn eile
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
 
fíóg
Tá na híochtair annsiúd faoi fhíógaí móra millteacha. An té atá ag iarraidh broibh is ann atá aige a dhul
 
Tá an-chruadhas sa sliabh atá a' síneadh le L. F. ach maidir leis an íochtar anuas annseo, caoch-phuill a's cíocraí a's caethachaí fré chéile é.
 
Nach diabhaltaidhe an ruagán toirnighe a chaith sé an bhliadhain cheana, a's go ndearna sí dhá leith druimscoiltí síos go talamh íochtair de'n charracán sin. Tá sé le feiceál annsiúd ag feara fáil.
 
Is mór an easonóir a bheith 'baint cinncighe íochtar portaigh, arae sceiththeann sí ar fad. Dhá mbeadh sí tirm fhéin agad, deanann sí sprus chaorán, a's dheamhan mórán a bhuachanns (bhuadha(nn)s) aonduine uirre.
 
Bhí sí cruadh coinneálach, tíoghbhusach, a's níor mhór di sin ar shon an fhir a bhí aice. D'ólfadh sé an chloch íochtair.
 
D'ólfainn a' chloch íochtair anois: tá'n tart céadtach orm.
+
M'anam dá bhfágthá na h-íochtair fliucha sin, achar a' bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigin. An t-uisce a chomhnuighea(nn)s idtalamh íochtair a dhéana(nn)s é sin.
TUILLEADH (2) ▼
Níor mór na mion-chlascannaí a shioscadh a's a thógáil go maith 'chuile bhliadhain, nó déanfa na h-íochtair siúd cíb ar éigin.
Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh. Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan. Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
 
baile
Baile an-scaipthe é. Is buan a' píosa é, ó íochtar a' bhaile go h-uachtar a' bhaile.
 
'Sé raibh ann conuas de'n fheamuinn bealthuighthe sin, ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chuir air fhéin.
 
crígh
Thárluigh an Púca leis é, a's chaith sé isteach i gcrích mhóir annsin thiar in íochtar Sh. Ú. é. Badh shin í an 'mharcuigheacht go Gaillimh a's cead siubhal abhaile' ar chuma ar bith. Deir siad go raibh sé míllte gearrtha ar a theacht abhaile dhó.
+
Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
TUILLEADH (1) ▼
Níl fhios agadsa anois, le na h-iomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin annsin, a's ní mó ná mé fhéin atá indon a dhéanta.
 
Mara bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránda siúd, atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
 
binse
Nuair a bhí mé ar bhinnse an darna bairr, bhí an barr íochtair folcuighthe. Ach shil a' t-uisce ó shoin.
 
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill, ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhla le na portaigh atá aghamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar foghnamh ar a bhfuaid, ach bodhránach a's spaidealach.
 
Chuaidh an bhó idtreascairt 'sna breaclachaí atá faoi íochtar a' bhaile.
+
bruach
Féadfa mé dhá bharr a chuir ar bruach, a's an barr-íochtar sa lag-pholl.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfainn aon-bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach, a's má theighim a' leagan bruachannaí ann, cothócha an t-uisce in íochtar.
 
Buaileadh soitheach faoi íochtar an bhaile, aimsir stoirme, a's is beag nar chaill oigiséad fíona a bhí innte, a raibh 'san áit. Bhí déanta le bás J. N. ach tháinic sé as 'na dheidh sin. Ó'n lá sin, go bhfuair sé bás níor bhlas sé d'aon-deoir óil, ach cérbh iongnadh sin: 'an té bhuailtear sa gceann bíonn faitchíos air'.
 
buille
Níor airigh mé ariamh gur thug sé buille na feill dhom, in íochtar mo bhrúnn (tuiseal gein. ar "bhrú" nó "bró")
 
buinne 1
Tá'n buinne íochtair imthighthe de'n bhairille sin amuigh. Ní mór lata nó rud eicínt a chuir air, le na choinneál daingnighthe.
 
bunán
Tá mé thart ag bunán atá faoi íochtar m'ordóige = tá mé in an-chaoi aige.
 
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, a' rith ar a' bhfód tirm, a's seo anuas an gníomh in a bhuidheagrachaí in a mhullach.
 
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar a drisiúir, gan aireachtáil
 
aire
Is fhearr dhuit aire mhaith a thabhairt duit fhéin, ar mhuínntir íochtar a' bhaile ná bheith in aithmhéala arís.
 
Tá'n talamh atá le íochtar aireamhail go maith, ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá imbarr a' bhaile.
 
amuigh
Is fada ó'n mbaile íochtair an teach amuigh
 
Baineann sí curraintín amach ar a cuairt in íochtar a' bhaile chuile lá.
 
Antlacháin chuile dhuine aca(b) go h-íochtar = déarfaidhe seo faoi dhream daoine a mbeadh sé de cháil orra go raibh an tsainnt agus an ampla ionnta(b).
 
anuas
Is beag a' samhaoine 'bhfuil d'fhéar anuas le íochtar.
+
aníos
Duine eicínt aníos as íochtar a' bhaile a bhí ann.
TUILLEADH (3) ▼
Thug sí an crann aníos ó thalamh íochtair.
Fear aníos as Íochtar Tíre é = as Cúige Uladh (aníos adeirtear le Íochtar Tíre i comhnuidhe).
Tháinic sé aníos as Íochtar Tíre in áit a bhfuair sé talamh annseo, tá fadó an lá (ann).
+
D'árduigh sí suas íochtar a gúna = d'fhill sí suas é.
TUILLEADH (1) ▼
Má theigheann tú ag árdú an chlaidhe sin, ní f'leárr (fuláir?) dhuit, a dhul dhó mar is ceart, agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mara ndéana tú sin, beidh sé le n-árdú aríst agad.
 
átha
'Átha 'san abhainn, sin linn uisce thanaidhe a mbíonn an t-uisce marbh ann, gan a bheith a' rith mar bhíos sruth le fána, a's gan bun móna, nó creafóige, in a íochtar, ach scaineamh. Is ionann scaineamh agus fíor-ghaineamh, gaineamh mín. Scuabann an sruth an gaineamh léithe go dtagann sé go dtí an átha. 'Sé an áit a gcomhnóchadh an gaineamh ar an átha. Bíonn uisce éadtrom ar an átha' ("Peadar Chois-Fhairrge" — l. 69)
 
feacht
Fainic an feacht. Fan as. Tá feachta láidir amach faoi íochtar an Ch. sin.
 
Chonnaic mé iomán a marbhaíodh amuigh ag Abhainn na Samhlachán annsin amuigh an bhliain cheana, agus an flith-ghob a bhí air, bhí sé ag breith scair ar a bhéal íochtair, bhí sé cho cúbha sin. Bhí sé san an-mhéid críochnaithe. Ní fhéadfadh sé gan aois chothrom a bheith aige!
 
Tá fásach ar na híochtair ach níl ach bun-fhéar ar na cnocáin. Ní fiú cuid dhe a spealadh beag ná mór
 
fás 1
Tá cupla malach feamainn dubh thíos ar an íochtar fás dhá bhliain
 
Tá leath na bhfataí atá muid a bhaint fabhtach. Dheamhan ceann slán ar bith ar na híochtair. Sna mullaigh fhéin is fhearr iad
 
D'íosfadh an ceann céanna an chloch fhaobhair agus d'ólfadh sé an chloch íochtair de Ghaillimh
 
Níl aon-fharcán dhá bhfuil ar na slata mara atá ag gob an Bh. nach bhfuil leithead íochtar an drisiúir sin ionta.
 
fiata
Níl an fheamainn bheag sin i mbarr cladaigh, baol air cho teangmháilte leis an bhfeamainn atá síos ar an íochtar. Feamainn fhiata í