Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlí

Ag Dlí (40)

 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
 
Bíonn an-fhoighid aige le daoine, ach má theigheann daoine eile thar an lá cáirde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orra = ní bhíonn aon-deifir mhór air ag éiliú íocaíochta, ná ag fuagairt dlí de bharr neamh-íocaíochta ar chuid de na daoine
 
folach 2
Cheannuigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá falach na talúna aige anois, ach is furasta dhó sin: falach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar a mbaile
 
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige
 
Bhí na h-eiricigh (Protasdúin) go dona an uair sin a dhearbhráthair mo chroidhe. Ag imeacht le Bíoblaí agus le "soup", agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí th'éis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rú(mh)ánach (Rómhánach: Caitliocach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adubhairt an ceann eile féin ins an amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad aca ó a mharbhuigheadar Rí Seumas". Nímé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do "Chac i Mála" a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní h-eadh. Ag ionntú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a luadh siar in áiteacha ann fós. Chriogfaidís thú faoi.
 
dian
Chuaidh an dlí sin sáthach déan air. Marach a raibh de charaideacha aige, bhí a chosa nighte = fhobair go gcaithfí nó go gcionntóchaí é
 
An uair a thiocfas an scéal faoi'n mbreitheamh annsiúd, is beag an mhaith dhuit tosuighe ag dilleoireacht agus ag rádh: "d'fhága sé agam é", mara bhfuil páipéir agus dinndiúirí agad air, de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "teigheann an dlí do na daoine bochta mar a theigheas uisce an earraigh do na cearca"
+
dlí
Ní fhaca mé aon-duine fós ariamh ag buadhachtáil tada ar an dlí dhá mhéad tóir dá mbeadh aige air
TUILLEADH (19) ▼
'Dtigh diabhail é mar dhlí. Céard a bhí dhá bharr ag aonduine ariamh?
Níl dlí ar bith aige th'éis a chuid gaisce
Nar chomhnuighidh siad go gcuiridh siad dlí ar an aer i gcruth agus nach mbeidh aon-bhaint ach ag cuid de na daoine dhó = níl aon dlí ar an aer mar atá sé: is le 'chuile dhuine é. Nar stopaidh cuid de na daoine nó go ndéanaidh siad dlí le go mbeidh baint aca féin amháin dhe, agus daoine eile as ar fad
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh 'chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaidheacht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo, an chaoi a saothruigheann an talmhaidhe bocht a ghreim agus a dheoch
Breagh nach dtugann siad amach de dhlí é, má tá siad dhá iarraidh. Nach bhfuil a fhios aca go maith nach áird a bhéas ag daoine ar a dhul ag athchuinge orra mar sin
Tá sé ag teacht amach in a dhlí anois nach mbeidh cead deoir ar bith a ól ach dhá lá ins an tseachtain
'Sé an dlí atá ag sochraideacha ins an áit seo gan a dtógáil amach go h-árd-trathnóna
Sin é an dlí atá ag an sagart sin. Mo léan géar, caithfidh sé dlí dhó féin a bheith aige
'Sé an dlí atá ag na céilidheachaí annseo anois, bean ar bith dhá bhfuil ann dhá mbadh í inghean Rí Sheoirse í, a iarraidh amach ag damhsa
Bíonn an ceann céadna igcomhnaí ag déanamh dlí ach is dlí dhó féin é = bíonn sé ag innseacht céard é an dlí má's fíor dó fhéin
Ní bheadh sé beo gan a bheith ag déanamh dlí
Tá sé ag dul le dlí = ag foghluim le bheith in a dhligheadóir
Tá sé ag cur an mhac is sine le dlí
Dhá mb'fhiú liom a thabhairt faoi dhlí, d'fheicfeá féin air go scarfadh sé leis go beo sciobtha, ach ní maith liom a dhul ag fiachadh ar an rud salach
Tá siad ag dlí le chéile le dhá bhliain anois, agus níl tús ná deireadh fós air = tá dlí ar siubhal eatorra
Tuilleadh diabhail aca mara bhfuil siad sáthach fada ag dlí le chéile anois. Is beag is fiú an talamh, ach a mbeidh a chuid féin ag an dlí as
Ní ceird ar bith a bheith ag dlí. Ní ghnothuigheann air sin ach dligheadóirí agus breitheannaí (breitheamhain)
Nach bog atá an craiceann orm go dtiocfainn ag dlí leis go deimhin. Is beag an baoghal atá orm, a mhaisce
Tá sí féin agus T. ag dlí le chéile faoi'n udhaichtín siúd. Ba bheag an éadáil í mar udhachta, agus beidh sí spurtha go leor ach a mbeidh turnaechaí íoctha aisti
 
Má's dligheachtáil nó gan dligheachtáil anois é níl sé sásta é a íoc agus tá fear an tsiopa ag caint ar dhlí. Ach mo chreach-mhaidne é féin agus a chuid dlí. Dá gcaitheadh sé é siúd faoi chéad, badh aon-mhaith amháin dó é. Ní bhainfeadh Oscar agus a shúiste aon-chianóg as a chreatalaigh siúd, ná cuid de bhaint … Bail ó Dhia ort féin agus ar an sirriam. Tháinig an sirriam cheana air faoi dhó, agus ba bheag a bhí dhá bharr aige — ba bheag sin
 
Nach cumasach an dligheadóir é i gcomhnaí! Beidh sé ag plé leis an dlí nó go bhfágaidh an dlí a chosa nighte
 
dorn
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saoghal ar forbhás agus gan aon-dlí ann, thapuigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí indon aon-chaidéis a chuir air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna ba é ab fhearr corna de'n fheoil
+
droim
Ní raibh aon-leathchuma faoi'n saoghal nach ndearna sí sin ar a dearbhráthair. Go fiú agus an pluid leabthan níor fhága sí aige í, an t-am ar bhásuigh an mháthair. Agus feacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aice le dlí nach mbuachfaidh sí aon-phighinn go bráth air. Bhí sé cho maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos ins an bpoll is doimhne ins an bhfairrge leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg
TUILLEADH (3) ▼
Ní chomhnóchaidh siad len a gcuid dlí go gcuiridh siad de dhruim seoil an duine bocht. Cé'n t-údar atá aca dhó anois? Breagh nach leigfidís dó. Siúd é atá orra: ag iarraidh a dhíbirt as teach agus as talamh atá siad, go mbeadh a bhfuil ann aca féin
Má shaitheann sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhruim tighe agus talmhana é. 'Bhfaca tú cheana an uair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtuighthe ó shoin. Níor íoc a raibh istigh agus amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Ubhall na h-aithne í, diúltaigheamuid di
B'fhurasta duine a chur de dhruim tighe ins an am sin. Bhí an dlí uiliog dóib féin ag na tighearnaí, agus ní raibh aon-ghoir ag an duine bocht "druid" a rádh. Ach d'athruigh an saoghal ó shoin. Is maith an scéal gur athruigh.
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
 
Má roíntear an criathrach chor ar bith roínfear druimscoilte ar an mbaile é. Déanfaidh siad tórainneacha agus cead ag 'chuile dhuine annsin a chuid féin a fhálú má's breagh leis. Dheamhan an miste leo siúd dá mbeadh dlí faoi 'chuile lá ins an tseachtain. Nach hé a mbuac é: tuilleadh saothruighthe dóib fhéin
 
dún
'Sé'n rún a bhí aige, meireach gur fuagruigheadh dlí air, an chlaise srotha a dhúnadh, agus gan bealach amach ar bith a fhágáil ag uisce na talmhana se'againne. Sin é an buachaill báire
 
Chaith sé a shaoghal ag dul 'un dlí = igcúirteanna agus eile
 
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do réithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do réithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aonduine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt 'un dlí faoi fhoghail, ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas
 
Tá sé ag dul le dlí = ag foghluim dlí; le slí bheatha a dhéanamh de'n dligheadóireacht agus rl.