Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Ar deil (47)

 
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). 'Deile?
 
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
 
'Deile céard a dhéanfadh sé ach an D. a mholadh? Nach as aon-áit amháin iad. Fiainise ghiolla bhréige ar a bhean
 
Má bhíonn braon ar bith caite aige, is duine an-neamúch é. Níl neart agad smid a rádh nach bhfastóidh sé é … Ag ollúchan achrainn 'deile?
 
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an criotán sin air i gcomhnaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mí-fhollántas
 
feire
Deir tú le céard a bhí sé a iarraidh? Deil. Theastuigh uaidh feire a thógáil ar thubán. Is fada ón stuaim an stucaireacht, adeirim féin: a theacht ag iarraidh deil annseo. 'Ar ndú' ní deil a thóigfeas duit é ar aon-chor
 
fuarú
Nach bhfuil a fhios agad go maith gur le teann donacht a theagas an fuarú allais sin orm! Deile? Marab ea, ní le maith é. Tá sé do mo chothú ar fad anois. Dheamhan agam ach siúl soir cho fada leis an doras nuair a bhéas an sruth liom
 
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
dearmad 1
Tá an cut ar an mbord aríst. Dearmad bhean an tighe, 'deile = d'fhága sí bainne, im, arán agus rl. ann
+
deil 1
Bhí deil thuas ag an gC. ach cá'il an té a gheobhas uaidh sin í. Níl aon-bhall oirnise ag aon-siúinéara ná ag aon-saor adhmaid istigh i nGaillimh nach bhfuil aige thuas annsiúd, ach do dhúshlán drann leo. Is gortach é an ceann céanna faoi rud ar bith dhá bhfuil aige
TUILLEADH (17) ▼
Níl ball dhá dtáinig ariamh ón deil nach raibh annseo scathamh. É féin an fhad agus a mhair sé — go ndéana Dia grásta air! — bhí chuile shórt aige. An rud nach raibh sé fhéin indon a dhéanamh bhí sé ceannuithe aige. Ach chuaigh scaipeadh ar a raibh ann ó shoin. Is mór aca a thárlaigh sé seo thíos leis, ní dhá mhaochtáil air é!
Ara dheamhan blas ón deil amach nach bhfuil duine eicínt dhá bhfuil annsin indon a dhéanta. Breathnuigh ar na cuinneógaí agus ar na drisiúir atá aca
Is cuma san míádh céard atá sé indon a dhéanamh. Dhá ndéanadh sé chuile shórt ón deil amach níl a cheird aige. Breathnuigh air sin! 'Ar ndú' níl déanta dhó (dhe). Dhéanfainn féin cho maith é, ach leisce bualadh faoi
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon-láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agad ann faoi seo. Sílim go bhfuil drugal ort an láighe a chur isteach le faitíos roimh an Earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
Tá sé ar deil anois = ar fheabhas; rud a bheith déanta gan aon-locht; rud a bheith réidh uilig, nó déanta nó snuite amach cothrom; réidh le cur ag obair; faoi réir le socrú isteach in áit mar a bheadh píosa adhmaid a bheitheá a chur isteach i ndrisiúr, i gcómhra, i gcárr nó i rud ar bith; plánáilte; deis déanta agad le socrú isteach in áit; gach rud a bheith ar sheól na braiche; balchríoch nó slacht a bheith ar rud; gan aon-dol ná marach a beith ar rud
Tá sé ar deil anois. 'Sé a dhíol ceart é
Bhí cláirín annsin an lá cheana agus ba é a bheadh ar deil len a aghaidh dhá mbeadh a fhios cá ndeachaidh sé. Ach sin é an buille. Ní fhágfaí fad méire san teach seo
Tá an carr siúd ar deil anois aige, ach a dhul dhá iarraidh. Níl aon-saor-cairr ann ach é in a dheidh sin
Tá an bord sin ar deil anois ach scaird "phaint" a bhualadh air. Ní fhéadaimse níos mó a dhéanamh leis ar aon-nós. Chugad nóiméad go mbailí mé an oirnis seo!
Chaith mé an lá leis an "mbicycle" dhá dheisiú. Tá sé ar deil anois dhá mbeadh tyre deireadh agam. Ach sin é an aimiléis. Ní féidir a bhfáil.
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deóir innte ach a dtaga an chéad-chioth bháistí
Tá sé ar deil anois. Ná bí do do mheath fhéin níos fuide leis. An iomarca dhá anró atá fáite agad dhá mbeadh neart air
Diabhal bréag muise nar fhága sé ar deil í, go leige Dia Mór a shaol agus a shlainte dhó. Is deacair a rá in a dheidh sin nach togha fear ceirde é
Bheadh an teach seo ar deil meireach an simléar, ach ní measa beirthe é, arsa tusa
Ná bac liomsa anois chor ar bith. Dar príosta tá mise ar deil. Níor dheon (dhearna) mé ach eirghe ó mo chuid tae shul a dtainig mé
Tá mise ar deil anois. Teigheadh muid abhaile. Tá mo sháith pórtair ólta agamsa ar chaoi ar bith
Tá sí ar deil anois le pósadh má fuair sí an oiread sin úachta
+
deil 2
Dhá ndeiltheá an staic de mhaide sin thoir agad, sé a dhéanfadh ceart críochnuithe ann. Deirimse leat go mbeadh sé ar deil annsin
TUILLEADH (4) ▼
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é
Siúd é atá indon a ndeil. Dhá bhfeictheá é ag cur straince air fhéin thiúrfá an leabhar gurb é P. Ph. déanta é. Buachaill báire é. Ní tada eile é, inDomhnach
Níl neart agad focal cainnte a rá as a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. Sé atá deas air freisin. B'aige siúd a bheadh an ghnatha sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos ionnta. Dar fiagaí dhá mbeadh cainnt ar leithide Mh. Mh. in aon-dráma bheadh sé indon a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Cuilm sin frén a chéile. Ba bia agus ba beatha leó a bheith ar an gceird sin
Níl aon-fhear indon an sáirsint a dheil ach M. 'Bhfuil a fhios agad an cor sin a thugas sé don mhaide agus é ag tarraint ort ar an mbóthar. B'fhiú dhuit M. a fheiceál ag aithrist air sin
+
deis
Gabharmint (Government) ar bith nach bhfuil in don deis tóigthe a chur ar na daoine, is gearr é a shaoghal. Nach len a aghaidh sin atá siad ann. 'Deile?
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bréag nach fiú dhó a bheith ag imeacht agus a "chollar" agus a "tie" air. Ní raibh aon-lá ariamh nach raibh stróic de'n leithead ag imeacht le na Seáiníní céadna, pé'r bith ins an diabhal cé'n fáth. Onóir gan deis 'ar ndú. 'Deile
 
Dhá mbeadh 'chuile dhuine cho deiseamhail le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saoghal ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain
 
Beidh sé leis an tuighe sin anois dhá díogáil agus dhá bearradh agus dhá cíoradh nó go mbeidh sí ar deil aige
 
An té nach n-íocfaidh a chuid dlighteanais is cneamhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart 'chuile Dhomhnach é. Agus nar chuala tú in do chuid Teagasc Críostuidhe é: "Ar bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do 'chaoinneach". Má choinnigheann Debhalera na "h-Annuities" is le bheith in a chneamhaire dhó é. Fuair muintir na h-Éireann an talamh ar chúntar go n-íocfaidís na h-Annuities agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread ach le cuid de mhuintir na h-Éireann a thug iasacht uatha go gceann(óchth)aí an talamh. Ag scrios an mhuintir se'againn féin atá muid le na "h-annuities a choinneál. Do dhubhshlán-sa an méid sin a bhréagnú anois th'éis a bhfuil d'fhoghluim ort má's fíor dhuit féin
 
B'fhurasta a gcur amach aindeoin a raibh d'fhaitíos ag na daoine rómpa. Níl áird aca siúd ar thada ach a ngna féin a dhéanamh. Shuidh an sagart óg thíos ar an teinteán th'éis an Aifrinn mar a dhéanfadh fear de'n bhaile. Ní raibh call duinn a leath-oiread téisclim ná anró a chuir orainn féin, ach bíonn duine ag iarraidh 'chaon tsórt a bheith ar deil in a dheidh sin. Is minic doicheall mór 'ar ndú' ar bheagán fearthainn. Mo chreach mhaidne ghéar muis, dhá mbadh ag M. Ph. a bheadh an sagart, 'sí nach gcuirfeadh an easonóir uirre féin. "Tá sé cho maith aige-san agus atá sé againn féin" adeir sí "an trip" deireadh. Sin í an cailín agad!
+
dris
Ara dris de chantalóir a bhí ann 'chuile lá ó rugadh é! Deile. 'Ar ndú an uair a bhí muid in a (ar) mbrighthín (bithin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh th'éis an dinnéir, mo chroidhe ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scrath air.
TUILLEADH (1) ▼
'Sí Sasana an dris-chosáin. 'Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon-lá suaímnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon-lá ariamh nach ag ollmhuchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na h-amadáin annsin ar fud an domhain len a tárrtháil an uair a bhéas sí i dteannta. Níl agad ach breathnú uirre. Cé na fir fabhairne atá aice indiu …
 
díth
Dícéille atá air — 'deile
 
dóigh 3
Ní éadáil mhaith é sin a ól. Tá sé dóighte ar fad. 'Deile cé'n chaoi a mbeadh sé agus a theacht ó Ph. Níor mhinic leis an braon ar foghnamh a bheith aige — níor mhinic sin
 
Tá sé indán agus indúchas do mhuintir an h-áite seo a bheith oilte ar an bhfairrge. Nach ar an bhfairrge atá a ngreim? Deile riu
 
Dubhshlán feara Éireann locht a fháil ar an teach sin anois. Tá sé ar deil. Níl a dhuth ná a dhath thuas ar a chorp nach mé féin a dhion (déan)
 
Faoi rádh's a raibh de chíosannaí caithte air, a tháinic an seoraim (sirriam) chuige. 'Deile!