Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Súiste oscair (3)

 
Tá sé cho daingnighthe istigh anois ins an dream sin, agus nach gcuirfeadh súiste Oscair amach asta é
 
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Dheamhan siopa inG. nach mbíodh sé sin ag díoluidheacht leis scathamh. Bhí siad uiliog ins an mullach air faoi dheireadh, agus iad ag strócadh ag iarraidh an áit a chandáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orra aon-cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon-phighinn as a chreatlaigh siúd!