Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

airighim (50+)

+
ceal 1
Ní airighim pian ná tinneas. 'Sé 'bhfuil orm, cheal gan aon-mhisneach a bheith agam, corruighe isteach ná amach.
TUILLEADH (1) ▼
Má airighim aon-cheal orm fhéin, cuirfe mé scéal chugad, a's déanfa tú tárrtháil.
 
cliar
Airighim mar bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcomhnuidhe, a's dheamhan a' bhfuil a' chliar a' scaradh liom chor a' bith.
 
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
 
Airighim an-screadach ag acastóir a' chairr. Is géar a theastóchadh bealadh uaidh.
 
Airighim bealthuidheacht bheag fheola ann indiu.
 
Airighim mo mhuineál chomh ceangluighthe le na bhfaca tú ariamh, a's cinneann orm thar corr-chrochaille a chuir aníos 'na dheidh sin.
+
beo 1
Tá'n tuighe seo beo le cnuimhe. Airighim a' snámh orm péin iad.
TUILLEADH (2) ▼
Airighim iasc beo a' giolcáil in mo cheathramha.
Airighim drithlíní eicínt i mo chorróig, maran iasc beo a bheadh ann, ach feicthear dhom nach h-eadh.
+
beo 2
Airighim a' corruighe istigh imbeo na h-iongan é. Diabhal bréag muise, nach hé atá tinn.
TUILLEADH (1) ▼
Airighim driogannaí istigh imbeo m'iongan ó shoin.
 
bior
Níor fhan bior-eanga orm le goirid, a's ní airighim tada a' gabhail dom. = níor fhan sciolltar orm le goirid, a's aindeoin sin; ní feasach dom, céard atá orm.
 
Airighim breoidhte indiu, pé'r bith céard atá orm
 
bruach
Airighim bruach mo bhéil tinn.
 
buinne 1
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
+
airigh
Airighim fuar é = mothuighim fuar é; tá fuacht orm.
TUILLEADH (23) ▼
Maran orm fhéin atá sé airighim fuar é
Caithfe sé go bhfuil sé 'cur sheaca as ucht, mar airighim an-fhuar é.
Níl fhios agam beirthe, tuige a n-airighim chomh fuar é, maran fraighfhliuchas atá san éadach leapthan.
Airighim a' fuacht céadtach. De dhruim sneachta atá an ghaoth adtuaidh sin ag eirghe in áit eicínt.
Airighim fuaraidheacht eicínt air, (ar an aimsir), indiu, maran tuairt shneachta a chaithfeas sé.
Airighim an farradh sin do mo tholladh = airighim gaimh na gaoithe sin ag dul thríom.
Airighim maidí seaca le mo dhruím. Tá sé 'sioc thar cíonn.
Airighim meirbh é.
Ní airighim go bhfuil an aimsir bhreagh chor a' bith ann, le na bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar bhol 'uisce, an t-Earrach seo (chuaidh) bhart (thart).
Pé'r bith cé'n mhaith a airighim orm fhéin, ní airighim donacht a' bith, míle buidheachas le Dia.
Airighim ualach imbéal mo chléibh.
Airighim iasc beo a' léimneach in mo chois (féach "iasc")
Airighim an bhróig seo do mo phianadh
Airighim tairnge a' dul in mo chois.
Airighim rae-roilleacán in mo chloigeann.
Airighim maith mhór orm fhéin le cupla lá, marab é buidéal a' dochtúra a rinne dhom é.
Ní mó ná go n-airighim go maith fós = is ar éigin atá biseach (ch)ugham fós.
Airighim mé fhéin a' tabhairt uaim go mór; airighim mé féin do mo ghoid as = mothuighim mé fhéin ag imtheacht as
Airighim mé fhéin chomh séidthe sin a's go bhfuil mé igcruth pléasctha (séidthe = athta le donacht; freisin, gan puth de t'anáil a bheith agad)
Airighim lagar do mo bhualadh, 'chuile uair dhá ndéanaim geábh a' bith siubhail
Airighim an talamh a' creathadh fúm.
Airighim Nóirín, ó chuaidh sí go Sasana = ba mhór a' leas dom a congnamh, nuair a bhí sí agam.
Goilleann sé orm i gcomhnuidhe, ach ní airighim anois baoghal air, chomh mór leis a' gcéad-am.
 
amach
Airighim an mhí seo an-fhada (a)g (dh)ul amach
 
Airighim pian in áirdín mo chúil, ach tháinig mé as (i.e as an tromfhásc nó'n troid, nó'n timpiste) saor go leor.
 
Airighim rud eicínt ag corruighe idir feoil a's leathar ionnam (iasc beo go h-iondamhail) = dri[...] ar bith idir an fuar-chraiceann (for-chraiceann) agus an fheoil induine.
 
Ins an gcaoldruim a airighim é. Ní bheadh goir agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith, nach mbéarfadh an phian orm isteach faoi'n gcroidhe. Deir siad sin gur arrainn é, ach measaim nach h-eadh
 
daigh
Airighim doigh annsin: isteach díreach im'imleacán
 
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon-ghiorranála air, mar chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar "turn" an deoch a sheasamh. "Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól" adeireadh an cneagaire. "Airighim giorranála ag teacht orm fhéin"
 
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
 
Ní airighim na dranndail ar fóghnamh chor ar bith ar an saoghal seo
 
dream
Airighim dream eicínt ag teacht.