→
istigh
caomhamhaint (9)
+
Níl caomhamhaint a' bith ionnad = níl fascadh a' bith ionnad; níl tú indon rún a' bith a choinneál; innsigheann tú a gcloiseann tú; a bheith béalráideach
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan gna(ithe) aghad tada a mbeidh aon-chás aghad ann, a innseacht dó sin, arae níl caomhamhaint a' bith ann. D'innseochadh sé an rud ba mheasa leat beo, do'n té nach bhfaca sé ariamh.
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
Bíodh caomhamhaint ionnad anois, a's na labhair le aonduine beo faoi sin, go bhfeiceamuid linn.
Níor scéal é, le aon-chainnt a dheanamh di, mar 'mbeadh duine ann a choinneochadh caomhamhaint air go díreach. Ach inDomhnach, is duine sa gcéad é sin, ar a' saoghal seo, ar aon-nós.
Chonnaic mise an saoghal a's mara mbeadh caomhamhaint ionnad faoi'n rud a d'fheicfeá nó a d'innse(ochth)aidhe dhuit, nar dhóigh cleas a deanfaidhe leat, ná thú a cheangailt suas cois a' bhóthair, a's liúradh Chonáin a thabhairt dhuit. Badh shin é an saoghal nach ndéanfaí aon-scéala le na póilíos faoi tada a bheadh a' corruighe.
Ní chainnteochainn ar thada i láthair Sh. Tá sé ro-bhéalráideach. M'anam má's leat do rún a leigean le duine, nach mór dhó caomhamhaint eicínt a bheith ann, agus sin rud muise nach bhfuil i Seán.
Is lughar liom ná'n sioc í sin a' cloisteáil tada. Níl caomhamhaint a' bith innte, a's dheamhan maith fainic a chuir uirre.
Ní caomhamhaint ar bith atá innte sin ach gur sháruigh sí an saoghal tá sí cho dúnárusach sin. Bhí mé soir annseo chuig an D. in éindigh léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid se'aghainn féin. Dubhairt mé léithe é. Níor dhubhairt sí a dhath faoi na gasúir se'aice féin. Ba bheag an luadh a bhí aice a rádh go raibh siad orra. Ní abróchadh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht de'n tsórt sin a bhí ag rith len a dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine