→
                  
                    
                      anam 
                    
                  
                
              
            ceathramhadh (10)
                    →
                    anam 
                  
                  
                    Níl ceathramhadh anama a' bith le fághail uaidh = spás, cáirde, maithteannas (féach "ceathramhadh")
                    
                    →
                    athraigh 
                  
                  
                    Mara n-athruighe tú béasa aige siúd, ní thiubharfa sé mórán ceathramhadh anama dhuit = ní thiubharfa sé móran áirleacain nó ionbhadh duit (ag obair dó etc).
                    Chaith sé ceathramhadh uaire ag braithteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd.  D'oscail sé a bhéal annsin agus d'fheicfeá ag leigean siar a sheile é.  "Dheamhan a fhios agam fhéin", adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó.  Is mór dhá fhonn a tháinic orm failm de chic a thabhairt do'n phíopa
                    A muise a mhuirnín, má theigheann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brughadh ar an doicheall.  Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathramhadh cloch fhataí a bhí aige th'éis soláthar trí lá, agus in a cheann sin goideadh an "sádar" (solder) uaidh.  Nach gann a chuaidh an saoghal orra, go mb'éigin dóib a dhul ag fiachadh ar an tincéara.  Ach cé'n neart a bhí aca air.  'Ar ndú níl nidh dhá'r dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
                    
                    →
                    droim 
                  
                  
                    Bhí sé thar am an obair sin (roint a bheith ar fheamainn dearg agus ar fheamainn reatha) a chur de dhruim seoil.  Ba deas í mo cheird muis: a dhul síos 'un a' chladaigh agus an ceathramhadh cuid de'n méid a gheobhfadh T. Th. a fháil, faoi rádh agus go raibh dhá ghabhaltas aige-san agus gan agam-sa ach leath-ghabhaltas.  Is cosamhail go gcuireadh Dia gaoth andeas ann le go mbeadh a cheithre oiread tairbhe aige-san uirre agus a bheadh agamsa.
                    
                    →
                    díle 1
                  
                  
                    H-óladh an díle pórtair annseo thoir lá an aonaigh.  Níor mhair leath-bhairille tigh Sh. ach ceathramhadh uaire.  Abair go mbadh shin sciobadh air!
                    Cé'n díogarnach lae!  Bhí mé ins an mbaile ó ló mhór féin.  'Sé'n áit a ndeacha an ghrian faoi orm ag Árd D. L.  Ní mórán le ceathramhadh uaire a thóig sé orm srianadh anoir.  Ba bheag leis an naoi a chlog a bhí sé an uair a tháinig mé abhaile.
                    
                    →
                    díol 2
                  
                  
                    Shíl tú nach raibh mo dhíol siubhail fúm.  Bhí agus fuighleach.  Ceathramhadh do'n trí a bhí mé ann
                    
                    →
                    téigh i 
                  
                  
                    Níl baol ar bith air a chuid príosúntacht' a bheith réidh fós aige.  Chuaidh seacht mbliana air.  Gheobhaidh sé lascainí as sin — an ceathramhadh cuid sílim.  Caithfidh sé cúig bhliana agus ráithe a dhéanamh.  Agus níl sé ach ag dul ins an gceathramhadh bliain anois