Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comhla (6)

 
damba
Ní comhla ar bith a theastuigheas thíos annsin ach damba a dhéanamh treasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nar mhór é mar atá an lagpholl atá annsiúd thuas agamsa: stanadh a chur ann ar an gcaoi céadna. Ionntuigheann sé an brúisc uisce ar fad soir ins an lag-pholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos annsin, níl ann ach dícéille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
deis
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr de'n talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé cho maith dhuinn a bheith in a(r) gcomhnaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinic seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
 
Níl aon-lá le mo chuímne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála annsin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dheidh sin ann, th'éis go bhfuil mo theanga caithte agam dhá iarraidh orra. An deá-ghealladh, agus an droch-choimhlíonadh, d'eile
 
docht 1
Tá docht uisce 'sa tóchar siúd. An súighteán a tháinic aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnighthe i bhfus, in áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa dúrlinn. Tá an tóchar ar fad calcuighthe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
 
doras
Tá sé in am doras nuadh a dhul air, agus a liachtaighe lá ó a rinneadh an tsean-chomhla sin
 
Tá Tóchar na Dúrlinne tachttha aríst, agus an garrdha báithte. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon-mhaith go dteighidh comhla taobh amuigh ins an dúrlinn