Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comhla (5)

 
damba
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
deis
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr den talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé chomh maith dhúinn a bheith ina (ár) gcónaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinig seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
 
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile
 
docht 1
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
 
Tá Tóchar na Duirlinge tachta aríst, agus an garraí báite. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go dté comhla taobh amuigh sa duirling