Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

déanamh (50+)

 
Nach maith uait aisfhreagra a thabhairt do dhuine! Bhí rud le déanamh leat!
 
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aonduine a dhéanamh ort?
+
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr dhom a dhéanamh as láimh faitíos na timpiste. An rud a theigheas i bhfad, teigheann sé chun roighineadais = le faitíos nach ndéanfainn aríst é
 
faoisc
Séard atá agad a dhéanamh an t-iasc sin a chaitheamh síos i gcúr na bhfataí agus bainfidh sin an goirteamas uiliog as. Níl ag an iasc sin ach faoscadh beag. Ólfaidh sib an abhainn má bhruitheann sib ar aghaidh féin é
+
fara
Níl maith ar bith dhuit teach cearc a dhéanamh mara gcuire tú faraí ann. Ní chodlóidh éanlaith gan fara
TUILLEADH (3) ▼
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad agus a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dteigheadh bean mhaith in a n-éadan ba bheag an stró uirre péire nua a dhéanamh dhíob aríst
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh
+
Shíl mé gur ag cur fearasbar ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
TUILLEADH (1) ▼
Agus le fearasbár siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad in a dhiaidh sin! = to make assurance doubly sure
 
Fadó bhíodh farúch annseo againn fútha (cruacha arúir), ach diabhal ceo a dhéanas an chuid is mó de na daoine anois, ach a ndéanamh ar bhonn cloch
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
+
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air in a dheidh sin. Rud fada caol é
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag tarraint chloch le seachtain, fearacht's dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh annsiúd
Níor chuibhe (chuí) dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
 
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine in a dheidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh indiaidh maith a dhéanamh ar stráinséara. Níl a fhios agad cén uair a thiocfá in a líon aríst
 
feart
A Dhia na bhfeart céard atá tú a dhéanamh? = a Dhia mhóir na nGrásta
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo b'fhearr do dhuine fanacht chois na teine, agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon-cheó ariamh de bharr breac aimsir mar seo
+
Ní feasach mé go bhfuil faoi aon-teach nuadh a dhéanamh.
TUILLEADH (2) ▼
Síleann tusa gur féidir a dhéanamh. Ní feasach mise gur féidir. Ach ar a fhéachaint a bheidh a fhios é
Thiocfadh dhó an ceart a bheith aige ach ní feasach mé air. Is iomdha rud a d'fhéadfaí a dhéanamh ingan fhios domsa
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
+
fiar
Th'anam ón diabhal, thug tú fiar ro-mhór don chlaidhe sin. Breá nach bhfuair tú dorú talúna agus a chur leis. Ní caoi ar bith é sin le claidhe a dhéanamh. Tá go leór talúna diomalluithe agad annsin
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
 
Nach fiosach an mhaise de do leithide de phiodarlann é. Céard a bhaineann sé dhuit céard a bhí mé a dhéanamh ann
 
Ba bheag a bhí le déanamh agad ól a thabhairt dó sin agus a fhiosacht duit nach dtiúrfadh sé fhéin deoir do dhiaúlach
+
fios
B'fhearr dhuit ná fios do shaoil a bheith ag breathnú air, agus na goiceannaí a bhí sé a chur air fhéin. Dhá mbeadh gan a bheith agad ach an t-aon-gháire, chaithfeá a dhéanamh faoi. Buachaill báire é
TUILLEADH (7) ▼
Mara bhfuil fios an bhealaigh agad, gabhfaidh mise ag déanamh treóir duit
Dhá mbeadh fios a bealaigh aice, ní scath leith ar asal a ghabhfadh sí. Ní den chuibhiúlacht rud mar sin a dhéanamh
Sén chaoi é: ná bíodh a fhios ag do láimh chlí céard atá do láimh dheas a dhéanamh, nó má bhíonn a fhios, is gearr go mbeidh a fhios ag an saol é
Dheamhan a fhios sin agam féin céard a bhíos sé a dhéanamh mar seo
Tabhair fios dom faoin rud atá le déanamh agam = innis dom
Níl a fhios san diabhal (san tubaiste, san gcatmara etc.) céard a bhíos sé a dhéanamh san mbaile mór gach lá
Bhíodh poitín dhá dhéanamh inganfhios agus i gcoimhfhios an tráth sin = faoi rún agus as coinne chuile dhuine
+
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór dhuit agad d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta marach go ndearna sé tártháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
+
focal
Níor fhan focal cainte aige. Shíl muid go raibh a chnaipe déanta
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go mbrisfeadh sé a fhocal. Ba tuatach an rud dó sin a dhéanamh
Séard atá agad a dhéanamh: cuir focal ar thubán anois agus coinneóidh sé dhuit é nuair a gheobhfas sé iad.
 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
 
Marach cho follasach agus a rinne sé é, bhí an báire leis. Más le duine caimiléaracht a dhéanamh, ní mór dó a bheith cuibhiúil!
 
Ní fuláir dhó deifir a dhéanamh más leis a bheith in am
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
+
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tuitim feóir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-íonadh, agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís
 
'Ar ndú ní ag brath ar a dhul amach san bhfothramán farraige sin a bheitheá? Níl aon-churrach déanta atá indon a mharaíocht. Cén chruadhóg amach atá ort, nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
 
Ní iarrfadh sí aon-bhuille maitheasa a dhéanamh go héag ach cead framsáil a fháil ar bhóithrí
 
Níl maith ar bith i bhfrasaíl. Féadfaidh duine a bheith gnaoidhiúil, gan failic a dhéanamh ar fad
 
Ní leigfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh, faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneódh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin