dúracht (10)
                    →
                    fír 
                  
                  
                    Níor cuireadh fír na maitheasa ann in am.  Is furasta aithinte air fhéin nachar cuireadh.  Ní mian leis aon-bhuille a dhéanamh = níor taithíodh é leis an obair in a óige; níor cuireadh bruid nó dúracht nó smior na hoibre ann; níor cuireadh an obair san gcnáimh aige in am (ní minic adeirtear "fír" ar a aghaidh féin.  "Fír na maitheasa", "fír na hoibre" etc. adeirtear go hiondúil)
                    
                    →
                    fuar 2
                  
                  
                    Is fuar fánach ón gceann céanna tada a dhéanamh.  Ar nós chuma liom i gcomhnaí.  Níl dúracht ar bith ann
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                  
                    
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            Níl aon-dúracht oibre ann = níl aon-spleodar nó díocas oibre ann
                    
                        TUILLEADH (7) ▼
                      
                    
                  
                    Dhá mbeadh dúracht ann, bheadh na cupla súileoig sin curtha aige le seachtain agus gan a bheith ag fáil bháis as a gcíonn mar tá sé
                    Siúd é adubhairt é le dúracht.  Má tá tú ag iarraidh paidrín a rádh le dúracht cuir é siúd dhá rádh = go breagh spleodrach cuíbheamhail
                    Nach hé a d'innsigheadh an scéal le dúracht go ndéanaidh Dia grásta air.  Sheasfá ins an sneachta ag éisteacht leis dhá chur amach dhá chroidhe.  Tá na Fiannóirí imighthe uilig anois
                    Teirigh in a éadan aríst.  B'fhéidir go gcuirfeá isteach é an "turn" seo.  Ar chuala tú ariamh é go meallfaí bean dhá gcaithtí dúracht léithe = má chaitheann duine le rud ar bith dhá dhoilighe, déanfaidh sé é 'sa deireadh
                    Is rud í an fhoghluim ar nós 'chuile shórt eile nach mór dúracht a chaitheamh léithe.  Is beag an dúracht atá an ceann seo againne a chaitheamh leis an scoil muis.  Ní iarrfadh sé breathnú ar aon-leabhar go deo
                    Cho uain agus a bhí sé ar na portaigh is mó an dúracht a chaith sé le mná ná len a chuid móna.  Agus tá a shliocht air.  Níl díol ráithe de mhóin thirm anois aige
                    Tá sé ag lánú le dúracht annsin thuas.  Is mó na clocha ná an lán atá sé a chur ar na fataí sílim (Is minic a bhíos an chiall seo leis: an iomarca spleodair nó díocais, i riocht agus gur mó a mhillfeadh ná a leasóchadh an té a bhíos amhlaidh)