→
dealaigh
dealú (13)
Cé'n chaoi bhféadfadh a bheith in a lacht (lacht bó) ach a' teirgéis, a's an peata de laogh sin a' diúl uirre 'chuile ré soluis, i leaba biorach a chuir air, nó é 'dhealú uaithe.
→
bolstaic
Caithfidhear an bollstaic sin, a dhealú amach óna beithidhigh eile, mar tá sé 'déanamh cír-thuaithbhill díob.
→
aoibhinn
Is aoibhinn Dia do dhuine 'bith a fhéadfas dealú leis, as an áit bhrocach, bhróthach seo.
Tá an bulán an-dodach leis an ngamhainín sin a ceannaíodh. Tá gacha le foighdéan aige faoi ó mhaidin: dhá bhualadh len a chloigeann. Caithfear a ndealú ó chéile. Ní dhéanfaidh siad aon-chúis mar siúd
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealuithe leis chuile phuinnte a bhfuighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuar-sceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh san smut ort chuile lá san mbliain. Muise narbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad-lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart aca air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce aca
+
→
dealaigh
Ab shin é a chonnaic mé ag dealú leis suas an t-árd. Bailigheadh leis anois. Ní fearr timcheall na mbólaí seo é sin. Ceo ar bith marambeadh sé te nó trom, bheadh sé árduighthe leis aige. Tá sé sin buille luath lámhach a mhic ó mo chroidhe
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé le dealú leis ambáireach agus má tá féin dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn in a dhiaidh. Is beag nar chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon-chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air, an uair a bhíodh an dream eile reicthe aige
Is deacair le na h-araingeachaí sin dealú amach le creatlachaí duine. Is minic a bhain siad mí asamsa. Daighean mé go mbaineadh. Agus níl aon-leigheas ó fhlaithis go talamh orra, ach cead aca a seal a thabhairt
Caithfidh tú na h-uibheachaí glugair a dhealú ó'n gcuid eile, má's leat a leagan síos (faoi chirc). Nó an brath ar a gcur síos thrín a chéile atá tú.
Is deacair an bheirt anois a dhealú ó chéile
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó indiu go dtí ambáireach go dteigheadh sé ann. Ag strócántacht 'chuile lá ag iarraidh imeacht an uair a chonnaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leath-bhliain imighthe — an duine bocht — an uair a marbhuigheadh é … i gCoventry an t-am a raibh na "haeroplanes" ag caitheamh anuas. Níor fritheadh a dhuth ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an "shelter". Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nar criogadh. Níor fritheadh a gcnámha féin.