Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

déaga (38)

+
"An raibh tú ins an nGréig nó an bhfuil aon-scéal agad ó'n Spáinn; Nó ab iad na céad-déaga a chuir "écliops" (éaglam?) isteach in do cheann" (As amhrán a rinneadh ins an Lochán Beag, An Cnoc, tuilleadh agus céad bliain ó shoin)
TUILLEADH (11) ▼
Ní bhfuighidh sé sin aon-bhás choidhchin. Beidh sé ag dul ins na céid-déaga mar sin, agus ualaigh ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail de'n tsean-dúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó a rugadh mé agus dheamhan bás ná bascadh fós air
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul ins na céad-déaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé'n chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath agus a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orra, chuirfí na h-ordógaí orra ar an bpuínte. Badh é a scil ann é, badh é sin
Chuaidh do shean-athair — 'ndéanaidh Dia trócaire air! — ins na céad-déaga. Bhí siad ar thob a leagan amach an uair a tháinig mothú ann in ath-uair, agus ghlaoidh sé ar do shean-mháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. "Gheobhaidh mé bás su(a)ímneach anois," adeir sé. Thuit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
'Ar ndú má's fíor do na sean-daoine ghnídís udhachtaí fadó ins na céad-déaga. Is beag na céad-déaga atá ann anois, ach thú fuaduighthe ag an séipéal cho luath agus a aireochthar an anáil imighthe asad. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orra an uair sin. Nach gcoinnighidís seachtain dhá dtórradh iad
Chuaidh 'chuile dhuine de'n chine sin ins na céad-déaga le aois. An bhfeiceann tú an deirbhshiúr eile atá aice. Tá sí deich mbliana fichead ag tarraingt an phinsean agus is maith an mhaise dhi fós é.
Tá sé ins na céad-déaga le slaghdán = tá an slaghdán go dona air
Chuaidh sé sin, an uair a bhí sé in a pháiste bheag ins na céad-déaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach rabh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buidheachas Leis Féin. Shrian sé as th'éis liostachais fhada. Sílim dheamhan áird ar na turais aige in a dheidh sin, aindeoin go mbíonn muid ag strócadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
Is minic fadó a bhíodh páistí ins na céad-déaga le na "convaidhlsiuns"
Chuaidh sí sin ins na céad-déaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag 'chuile dhuine. Ach is cosamhail nach raibh an t-imeacht uirre in a dheidh sin. 'Sí atá luath láidir indiu th'éis a clann a bheith tóigthe aice
Tá an scanrachán seo thoir ag dul ins na céad-déaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar fholann mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith indon fear a shníomh, ach ag briseadh cloch.
Tá sé ins na céad-déaga ag an damhsa. Dheamhan damhsa ó a tháinic oíche nach raibh sé amuigh air. Oibrigheadh leis!
+
déag
Tá sé ins na déaga = aois ar bith idir aon-bhliain déag agus scór
TUILLEADH (23) ▼
Tá sé ins na déaga agus fiche (31-40), ins na déaga agus dá fhichead, ins na déaga agus trí fichid, ins na déaga agus cheithre fhichid
Cráin-fhear ins na déaga agus dá fhichead a bhí ann an uair sin
Tá bun-aois mhaith aige. Is ceart dó a bheith ins na déaga agus dá fhichead
Gheobhaidh sé siúd aois na h-Úire agus na Caillighe Béara. An bhfeiceann tú cheana ins na déaga agus cheithre fichid é go h-árd, agus gan stró ar bith air faoin a dhul ag an Aifreann fós
Tá na déaga agus trí fichid sáruighthe aige. Fainic nach bhfuil na cheithre scóir féin fágtha in a dhiaidh aige.
Go dtugaidh Dia ciall duit! Is deas iad mo h-ocht mbliana fichead! Amach go maith féin atá sé ins na déaga agus fiche (amach go maith ins na déaga agus fiche = "in his late thirties")
Tá sé ins na déaga agus dá fichead ar éigin; tá sé ag breith amach ar na déaga agus dá fichead; tá sé isteach ins na déaga agus dá fhichead; níl sé mórán ins na déaga agus dá fhichead fós = "middle forties"
Bíodh unsa céille agad. Ní fheicfidh sé na déaga agus fiche aríst go bráth. Níl a fhios agam nach bhfuil an dá scór féin bailighthe go h-árd aige. Tá sé in a chraibeadán mar sin ó rugadh é
Níl sé ins n[a] déaga agus fiche fós
Tá sé as na déaga ar chuma ar bith. Tá agus go ma[ith] tá an scór scoithte aige.
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
Th'éis an aoirde atá ann, dheamhan a bhfuil na déaga caithte fós aige
Céad slán do'n tsaoghal sin féin an uair a bhí muid in ar mbrithin (bithin — r. sciorrthach) óg. Bhí muid ins na déaga an uair sin. Shíl muid nach mbeadh muid in oirifeart go bráth, ag caitheamh píopa, ag ól, ag dul ag damhsaí. Is beag an tóir atá ar dhamhsaí indiu againn. Is amhlaidh é: 'nuair a chríonas an tslat, is deacair a sníomh in a gad …
Tá sé bailighthe an scór muis. Is gearr a d'aireochthá na déaga ag sciorradh uait
Ó a bhéas siad ins na déaga chor ar bith (gasúir), ní airigheann na daoine ag sceinneadh amach in a bhfir iad. Ach ní mara chéile uiliog iad sin féin. Cuid aca a mbíonn an-bhiseach fútha, agus cuid eile nach ndéanann aon-bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
Tá greim an fhir bháidhte aige ar na déaga fós, ach is gearr go mbaintear é anois = é ionann agus scór; é ins an mí dheireadh de na naoi mbliana déag
Tá na déaga caithte aige! Tá a mh'anam agus faoi dhó, nó is dó is goire é. In a dhubhradáinín dona mar sin atá sé ariamh
Sin iad na déaga eile! Ní taobh le na déaga atá sé feasta choidhchin. M'anam gur beag an baoghal. Bhí a athair pósta cho luath liomsa
Má bhíonn fear thar na déaga chor ar bith bíonn sé in ínnmhe. Ní raibh mé cho maith ariamh agus a bhí mé in aois m'fhiche bliain.
Dhíol sé sna déaga de lorries mhóna = níos mó ná deich gcinn
Chaill sé sna déaga de scilleachaí leis
Thug sé sna déaga de phunta air ar chaoi ar bith
Cheannaigh sí na déaga de bhuláin ar an aonach inniu.
 
déan 1
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuighleach le déanamh agus aon-fhear a fháil choidhchin ó 'chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, aindeoin an fhad agus a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aice. Ba cheart di a bheith go h-árd ins na déaga agus fiche
 
Tá sé ag dul ins na céad déaga (céad-éagadh?)