→
diogáil
feamainn dearg (28)
→
fothram
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
→
fálach
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
+
→
feamainn
Feamainn Dearg = dath dearg atá uirre. Teagann sí isteach san mbruth faoi thír ar feadh na bliana le cóir ghaoithe. Baineann oibriú na farraige de na leacrachaí agus de na bráideannaí domhainne í. Cupógaí móra dearga a bhíos innte agus slata mara agus cuailleachaí thríthe. Cuirtear amach in a sean-leasú ar an talamh í ó Mhí Dheireadh an Fhómhair, ach fóineann sí do leasú ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
Dóigheann an fheamainn dearg sin an talamh ar fad. Ní bhíonn uirre ach sbogáin d'fhataí
Níl dosán feamainn dearg ann, th'éis a raibh de ghaoith andeas ann le seachtain.
→
failligh
Ba mhór an t-íonadh muis gur fhailligh sé an fheamainn dearg inné. Dheamhan a raibh sé thíos ag an gcladach chor ar bith, th'éis nach raibh de leath-rann aige ach í le coicís
→
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab eadh? Nach bhfuil aoirde crann luinge d'fheamainn dearg sa gCaladh!
+
→
deis
Tá deis mhaith ar an bhfeamainn dearg annsiúd aige agus é buailte ar an gcladach. Má tá féin, dar príosta ní leis a eirigheas sí igcomhnaí
TUILLEADH (3) ▼
Má theagann sé ar mo dheis sean-leasóchaidh mé an garrdha sin imbliana. Ach ní móide go dtiocfadh. Is iomdha cruadhóig eile orainn, agus b'fhéidir nach dtiocfadh an fheamainn dearg an-chóireamhail
An té atá ar a dheis anois le dhul ag sean-leasú leis an bhfeamainn dearg seo, tá leis. Féadfaidh maicín S. a tapú. Bíonn sé as cionn a chuid oibre i gcomhnaí. Is ait an saothruidhe é
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
→
diogáil
Is dóibh is furasta a bheith díogáilte. Ní comártas (comórtas) ar bith dhuitse máistirí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an dearg-mhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon-tuiseal geineamhnach ar an gcuingir fhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar agus a bheith dhá dhíogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach agus dálach. Má fheileann, ní do'n talmhuidhe é
→
dlí
Níl dlí ar bith ar fheamainn dearg = féadfaidh 'chuile dhuine a tógáil; ní le duine ar bith go h-áirid í
→
dlúsúil
Ní bheadh a fhios ag duine cé's dlúthasamhla an fheamainn dearg ná an mhóin. Mara mbaintear an mhóin, beidh na daoine in a mbambairne ag iarraidh a bheith dhá triomú amach annseo agus an ghrian maoluighthe; agus mara dtapuigheamuid an fheamainn dearg, dheamhan agus móide sop a thiocfadh aríst imbliana. Tá duine idir ord agus inneoin i gcomhnaí
→
Domhnach
Go bhféachaidh Dia ort! Ní mná talmhuidhthe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scatháin agus boscaí púdair aca, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóchaidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orra a dhul ag tarraint fheamainn dearg len a ndruim
→
dosán
Dheamhan dosán sean-leasú amuigh agam imbliana thar agus ariamh. Fuair mé droch-ruaig an t-am a raibh an cladach ag cur thar maoil le feamainn dearg. Caithfidh mé feamainn a cheannacht an t-Earrach seo, arae níl in mo chuid feamainn dubh ach fás bliana
→
droim
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
+
→
duifean
Tá fuacht agus duifean orm ag strachailleacht san gcladach sin ó dheargadh na maidne. Dheamhan trí mhalach maith feamainne agam in a dheidh sin th'éis mo shaothair, ná cuid dhá bhfuil
TUILLEADH (1) ▼
Dar brí an leabhair muis, tá duifean teasbaigh annsin. An bhfeiceann tú é? Bail ó Dhia ort féin agus ar do smúit rabharta! Céard a bhéarfadh smúit rabharta cho fada seo isteach faoi shliabh? Dhá mbeitheá ar bhrollach an Achréidh, ba cladóir a bheadh ionnad i gcomhnaí! Tá an sean-rabharta sin agus an tsean-fhairrge sin agus an tsean-fheamainn dearg sin ag dul idir thú agus codladh na h-oíche. Bheadh cumha ort is dóigh, mara mbeadh clagarnaíl na fairrge le cloisteáil agad!
→
dán
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarrdha dubhrabháin sin thíos le cladach agad, ní raibh sé ar dhánta na talmhana ariamh aon-"swedes" mar bheadh ann. Ach is beag an mhaith an "dearg" (feamainn dearg.) B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thráigh de'n "dearg"