Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fhleascaigh (30)

 
Ná leig ón méir anois é. Ionntuigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche = d'ionntuigh sé an chúig
 
fána
Fan amach uatha a fhleascaigh! Leigfeamuid le fánaidh ón ngaoith í, nó tiúrfaidh an Chorainn timpeall í
 
fóir
Fóir orm a fhleascaigh!
 
fonn
Croch suas strionncán fuínn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Cho maith agus nach bhfuil aon-amhrán agad! Tá lán mála agad agus sriogán (sreangán) cuachóige air!
 
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í (móin) go beo deifreach. Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scarha dhá mbeadh bean rómhat amuigh ann!
+
Ara a fhleascaigh cár fríodh thú chor ar bith! Cuimnigh ar t'athair! Ab shin é a bhfuil de mhaith ionad?
TUILLEADH (9) ▼
Anois a fhleascaigh deasuigh isteach faoi agus tabhair cor coise dhó!
Bain as a fhleascaigh agus bí ag an mbóthar roimhe!
Ná leig uait é a fhleascaigh, nó go mbeire mise air!
Fáisc ar marcaíocht (maircíocht, adeirtear) air a fhleascaigh!
Rith a fhleascaigh, agus tabhair scéala dó seo thuas!
Buachaill a fhleascaigh! Ciceáil chuig S. í. (liathróid pheile)
Buachaill a fhleascaigh! Coinnigh leis iad ag bun an bhalla = mo chuach thú! Coinnigh an liathróid "ailí" buailte ar íochtar an bhalla
Buachaill a fhleascaigh! Sin é an chaoi le boc a thabhairt di (liathróid bháire)
Tá sé in am agad rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag leigean uisce isteach. Cáil do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort annsin!
+
fuil 1
Ná leig do chuid fola leis a fhleascaigh = ó thárla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta aithinte nach bhfuil aon-fhuil ionad. Dhá mba liomsa adéarfadh sé é, speirfinn é. Ara beir ar chloich a fhleascaigh, agus cuir báite in a bhaithis í
 
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé cho bog le gruth agad.
 
fuis
Th'anam ón diabhal tú a fhleascaigh ná caill go deó é! Bíodh teacht i láthair fir ionnad, agus seas amach roimpe seo anoir, agus cuir fuis uirre. Má thugann sí aon-taithneamh dhuit, tá an báire leat
 
fód
Anois a fhleascaigh, atá agad fód a sheasamh má sheas tú ariamh é. Aire dhuit!
 
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagruighidh mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
 
Tabhair an dara thairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionnad. Má tá an sramacháinín sin ag cínnt ort, is mairg a bheadh de do bheathú!
 
dearna
Má imigheann tú ar do dhearnachaí siar ins na raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corruigh leat a fhleascaigh!
 
deas 1
Nár lagaidh Dia thú! Is tú atá deas air! Faoi do chois é a fhleascaigh! Faoi do chois é!
 
Deiseal a fhleascaigh! Deiseal! Ní dhéanfaidh tú go h-éag mar sin é
 
dol 2
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcala. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá san mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
 
drámh
Cuir in mo mhámh mé a fhleascaigh nó i ndrámh maith
 
déan 1
Déanfaidh tú fós é ach ná leig dó cor coise a chur ionnad, a fhleascaigh! (leagfaidh tú fós é)
 
dóigh 3
Dóigh é a fhleascaigh, dóigh é. Cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith. Shíl mé go raibh rath eicínt ort thairis sin. Beidh sé "ins an mbaile" shul a bhéas an liathróid caithte agad. Tá cor tuaithbheall in do láimh. Chlis tú go dona air!
 
Cheal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, th'éis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agad air puca dhíot, déanfaidh sin