Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

filleadh (18)

 
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaighil slabarnaighil. Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
 
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
+
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siubhal anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach eirghe agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
 
deis
Níl aon-deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na túirní féin indiaidh a chéile — na creatalaigh — ach tá na róthaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó thárla nach bhfuil a mhalrait aca
 
diaidh
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim th'éis an corp a fhágáil dó …
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
 
dóigh 1
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrighthe aca leis an "mótar", ach cor ná car ní raibh siad indon a bhaint as nó go dtáinic mac D. Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar "wirín" beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa narbh é an t-achar ab fhuide go raibh sí ag giúnaighil (geonaighil). Námhaid í an cheird gan a foghluim in a dheidh sin
 
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
 
Bhí an phluid sin dúbluithe agam, agus bhain tú as a filleadh aríst í
+
dúid
Chuaidh an lorry síos go filleadh dúda is an muc shneachta = síos an-fhada. Is an gcás áirid atá igceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é (Tá feile = "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile file de réir urlabhraidheacht Chonamara)
TUILLEADH (5) ▼
"Sin rud nach raibh aice muis, clann mhaith", adeir sé, agus bháith sé an píce go filleadh dúda san bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fiadh níor sheaduigh mé an scéal níos fuide = go congar an iarainn agus na coise 'san gcás seo
Tá an bruach siúd in a bhog-eibhinn anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann indiu, ach mo léan deacrach chuaidh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpuinte boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraint len a dhruim. Ba é ba shamhaoinighe dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná teirigh amach san scrath-ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda innte. Ní mheasaim go bhfuil sí sin ineolta
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ámhuilleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásóchadh tada an té a casadh annseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda 'san talamh. Tá an scéal go maith marar bhris sé uiliog é, arae tá an talamh sin an-chruadh, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige in a éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!
 
D'imthigh sí as dúthruach eicínt a bhuail í, agus dheamhan comhnuighe a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannuigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ó'n bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpe. B'fhearr leis ball ar bith in a shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó laogh air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh ins an tsráid ag M. B. í timpeall agus an ceathair a chlog an lá sin. Hébrí (pé'r bith) cé'n dúthruach a bhí uirre ag dul siar chuir sé siúd a dhá oiread dúthruach uirre aniar