Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

filleadh (18)

 
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaíl slabarnaíl. Cé adéarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
+
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siúl anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach éirí agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
 
deis
Níl aon deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá, is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na tuirní féin i ndiaidh a chéile — na creatlaigh — ach tá na rothaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó tharla nach bhfuil a mhalrait acu
 
diaidh
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim théis an corp a fhágáil dó …
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois ó théas an bus thart. 'Sé an áit ar scoith sé muid an oíche faoi dheireadh ag ceann abhus na D. M., agus bhí sé ina oíche dhubh orainn sa mbaile, théis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo bhliain. Faoi cheann míosa eile — sea agus cuid is lú ná sin — beidh sé ina oíche ar an mbus ag an S.
 
dóigh 1
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrithe acu leis an mótar, ach cor ná car ní raibh siad in ann a bhaint as nó go dtáinig mac D. Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar wireín beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa nárbh é an t-achar ab fhaide go raibh sí ag geonaíl. Namhaid í an cheird gan a foghlaim ina dhiaidh sin
 
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan brách óil inniu. Bhí an-mhathslua ann
 
Bhí an phluid sin dúblaithe agam agus bhain tú as a filleadh aríst í
+
dúid
Chuaigh an lorry síos go filleadh dúda sa muc shneachta — síos an-fhada. Sa gcás áirid atá i gceist, bhí na rothaí folctha. Má tá áit áirid ann nó ball áirid a dtugtar filleadh dúda air, ní feasach mise é. Tá feile — "a small piece of flannel at the end of the roll" i bhFoclóir an Duinnínigh. Thiocfadh dhó freisin gurb é an focal sin é, arae dhéanfadh feile, file de réir urlabhraíocht Chonamara
TUILLEADH (5) ▼
'Sin rud nach raibh aici muis, clann mhaith,' adeir sé, agus bháigh sé an píce go filleadh dúda sa bportach. Bhuail scáth mé féin, agus dar fia, níor sheadaigh mé an scéal níos faide — go cóngar an iarainn agus na coise sa gcás seo
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
Ná téirigh amach sa scraith ghlugair sin nó is gearr go mbeidh tú thíos go filleadh dúda inti. Ní mheasaim go bhfuil sí sin insheolta
Chuir sé an adhairc thríd go filleadh dúda
Nach ábhailleach anois a bhíos cuid de na daoine. Ní shásódh tada an té a casadh anseo nó gur chuir sé feac na sluaiste go filleadh dúda sa talamh. Tá an scéal go maith murar bhris sé uileag é, arae tá an talamh sin an-chrua, agus chaithfeadh sé go raibh cloch aige ina éadan. Diomdha Dé agus Mhuire dhó ar chaoi ar bith!
 
D'imigh sí as dúrúch eicínt a bhuail í, agus dheamhan cónaí a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannaigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ón bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpi. B'fhearr leis ball ar bith ina shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó lao air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh sa tsráid ag M. B. í timpeall is an ceathair a chlog an lá sin. Hé brí (pé ar bith) cén dúrúch a bhí uirthi ag dul siar, chuir sé siúd a dhá oiread dúrúch uirthi aniar