Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fill
/f′īʟ′/, /f′iʟ′tə/, /f′iʟ′ə/, /f′iʟ′ūɴ′t′/, /f′iʟtīn′/ srl.
briathar
filleadh: ainm briathartha, ainmfhocal fireann; uimhir iolra: fillíochaí, filltíochaí
1.
iompaigh, crom, cas, cruinnigh, deasaigh.
a.
+
'Fill abhaile anois,' adeir sé liom, 'agus ná teara ar ais anseo le do ló aríst' — cas abhaile
Tá sé chomh mhaith dúinn filliúint abhaile (filleadh: tá an dá ainm briathartha ann)
TUILLEADH (5) ▼
Nuair a cuireadh an méid sin aighnis orm, is beag nár fhill mé abhaile aríst
Más feall filleann; filleann feall — an té a dhéanfas éagóir nó drochghníomh, tiocfaidh sé ar ais ar a mhéis féin aige aríst
Deir tú go mbeidh tú ag filliúint chun an bhaile mhóir amárach faoina bheith slán duit, agus dúinn thrína chéile
Ag filliúint ar ais dom níor airigh mé an t-aistir chor ar bith
Casadh liom é ag filliúint ar ais dom ón siopa
·
Cén fáth ar fhill sé ón gcladach — casadh ar ais; casadh ar ais shula mbeadh sé chomh fada leis an gcladach
Cáid go bhfille sé ó (as) Gaillimh? — go dteaga
+
D'fhill sé ar a choisméig aríst he retraced his steps; walked back
Ní raibh sé ach amuigh ag an ngeata nuair a d'fhill sé isteach aríst
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé bog te ag dul abhaile, ach d'fhill mé ar a chois isteach aríst é — thug mé air a theacht isteach aríst
D'fhill sé orm aríst, agus chuir sé agalla eile as — d'iontaigh sé ar ais
Níor fhill sé uirthi ó d'imigh sé — níor tháinig sé ar ais chuici
Cáid go bhfille tú orainn aríst?
B'éigean dó filleadh ar cheann gan cíoradh (fc. ceann; cíor)
+
D'fhill sé air aríst — iontú donachta a theacht ar dhuine; duine a mbeadh galra aiféalach air, agus nuair a shílfeadh sé a bheith as, go mbuailfí síos aríst é
Galra aiféalach é an fliú sin. Nuair a shílfeas tú é a bheith dhíot agat, fillfidh sé ort aríst
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfuil an chasacht aibéiseach sin fillte ort aríst. Shíl mé go raibh sí as do chrioslaigh agat
Má fhilleann an slaghdán sin ort, beidh sé ina leannán agat i mbliana. Mar sin tabhair aire dhuit féin
b.
·
Céard a bhain filleadh asat — céard a thug ar ais thú ón áit a raibh tú ag triall
Shíl mise go raibh sé dhá chur inniu, agus bhí mé siar chomh fada le bóithrín Sh. H. ag dul chuig an tsochraide nuair a bhain an dream sin siar filleadh aniar aríst asam
+
Fill anoir na beithígh sin
Bí ag airdeall agus má théann aon cheann de na cearca soir i ngarraí na bhfataí, fill anoir aríst iad
TUILLEADH (4) ▼
Go gcuire Dia ar do leas thú, a stóicín, agus fill aníos an t-asal sin chugam. Níl aon tapa ionam fhéin lena leanacht
Is maith a chrúthós tú anois agus breith air shula bhfille sé isteach abhaile aige féin
Níl sé go díreach anois ach fillte soir ceann an bhóithrín. Béarfaidh tú fós air
Bhí J. ag filleadh amach (ag dul, ag casadh) sa doras ó thuaidh, agus mise ag teacht isteach sa doras ó dheas
·
Fill isteach do chois — crap, nó iontaigh isteach í
·
Fill amach an doras sin — dún é
Fill anuas clár an chomhra — dún é
·
Isteach sa mbóithrín taobh thoir de bhóithrín Bhaile na M. a d'fhill siad (a chur, a d'iompaigh)
c.
roic nó cineál fáithime a chur i rud.
+
Ná fill ar a chéile mar sin é. Tá an páipéar sin tanaí. Fill ceart é
Fill an bhraillín isteach
TUILLEADH (1) ▼
Coinnigh fillte síos é (isteach, amach, chugat, uait srl.)
+
Buail filleadh ar an hata sin agus is amhlaidh is deise a ghabhfas sé duit — cuir speic nó billéad air; iontaigh suas binn dhe
Tá filleadh ar a hata aige, le teann leitheid. Go deimhin níl sé gan talamh a bheith faoi
TUILLEADH (7) ▼
An bhfaca tú an hata atá ar an inín sin thiar ag P. Tá sé cocáilte ar chúl a cinn agus filleadh suas ann. Sin í an onóir chreidim
Ní mór filleadh a chur sa bpluid sin má tá tú lena chur os do chinn
Céard a bhain an filleadh as an eádach seo — é fillte mar is ceart nó gur bhain duine eicínt eile as a fhilleadh é agus gur fhill sé contráilte é
Tá na liúrachaí an-fhada (fc. liúrachaí). Chaithfeá seacht bhfilleadh a thabhairt orthu nuair a bheifeá dhá líonadh ina scuabán
Níl do dhóthain fillíochaí (filltíochaí) agat ar an gcoirleach sin. Bord leadhbach a bheas agat
Ní mór don bhraillín sin dhá fhilleadh
Más leat an litir sin a chur sa bpóca seo, ní mór di trí fhilleadh. Tá na pócaí (envelopes) sin an-bheag
+
Fág an phluid ina filleadh mar sin — sa bhfilleadh atá uirthi; fillte mar atá sí
D'fhill sé siúd an t-éadach ceart duit. Fág ina fhilleadh é (fág sa bhfilleadh céanna é)
TUILLEADH (4) ▼
Ní bheadh a fhios agat cén sórt cartadh ná sníomh a bhíos air sa leaba, ach baineann sé na pluideannaí as a bhfilleadh chuile oíche — an filleadh agus an socrú a tugtar orthu nuair a chóirítear an leaba
Níl aon chall na pluideannaí a bhaint as a bhfilleadh nuair a bheas tú ag cóiriú na leabthan sin thuas. Ní dhéanaim féin leo ach a leagan anuas aríst
Bhí an phluid as a filleadh aige ar maidin
Tá leathfhad sa mbraillín seo. Tá sí as a filleadh ar fad — gan í a bheith fillte ceart; taobh di níos faide ná an taobh eile
d.
+
Ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhroim — díriú ná cromadh; corraí chor ar bith
Níl filleadh ná feacadh ionam (agam) ó bhuail an phian seo sa gceathrú mé — níl aon chor ionam
TUILLEADH (11) ▼
A, tá mé gan filleadh ná feacadh le seachtain ag rúitín atá agam. Breathnaigh uirthi sin (cois)! Nach bhfeiceann tú ina spól í
Tá faitíos orm go mbeidh mé scaitheamh eile muise gan filleadh gan feacadh. Tá lot dainséarach orm
Tá sé gan filleadh gan feacadh anois le ráithe mór fada, ach léar (de réir) mar a iontós sa leaba é
Ní raibh sé in ann filleadh ná feacadh a bhaint as an gcloich — a corraí chor ar bith
Chaith mé uair leis an nglas sin aréir agus go deimhin má chaith féin, níor bhain mé filleadh ná feacadh as. Is suarach an t-ionadh: cheal a choinneáil aclaithe
Rug an bheirt isteach ar a chéile ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deo dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as — cor ná car
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul anonn go dtí é agus a bhualadh ar an smaois — ní dhearna sé braiteoireacht ar bith; rinne sé maolabhrach é; rinne sé é gan stánadh ar bith
Ní dhearna J. Mór filleadh ná feacadh ach a theacht aníos ón tine agus an píosa dhá scilling a leag sé ar bhord an tsagairt a thógáil dhó aríst. "Bíodh agat, a shagairt," adeir sé. "Mura nglaca tú dhá scilling, glacfaidh mé féin iad. Ach ní bhfaighidh tú aon leathchoróin ar chuma ar bith"
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh nó gur tharraing sé summonsachaí
Feicfidh tú féin air anois nach ndéanfaidh sé filleadh ná feacadh go dté sé chomh fada leis an deartháir agus go gceadaí sé é. Sin é a níos sé i gcónaí
Bhain sé as gan filleadh gan feacadh go ndeachaigh sé go beairic agus go dtug sé anoir na póilíos. Murach sin ar ndóigh, d'fhuaródh an scéal ar an toirt. Ach ní raibh an ceann céanna ariamh gan a dhá dhíol luadair a bheith faoi
·
Níor chodail mé néal aige sin dhá fhilleadh agus dhá fheacadh féin i gcaitheamh na hoíche sa leaba — ag iontú agus ag crapadh
Ara ní dhéanfá aon chodladh in éineacht leis. Bíonn sé ag filleadh agus ag feacadh i gcónaí
2.
+
Chuaigh an leoraí síos go filleadh dúda sa bportach — síos ar fad; báitheadh ann é (deirtear file scaití freisin sa leagan seo: feile? = fellowe?)
Tháinig olc air agus bháigh sé an láí go filleadh dúda sa mbruach. Bhí mise ag téamh. Ní raibh a fhios agam cén pointe a n-áiteodh sé mé
TUILLEADH (2) ▼
Chuirfinn an scian go filleadh dúda in do bholg dhá bhfaighinn mórán eile sceaimhínteacht uait — go feirc
Níl aon mhaith sna ceascannaí sin a rinne sibh ann. Beannacht Dé dhuit. Cairt ar bith a mbeadh ualach uirthi, ghabhfadh sí go filleadh dúda ansin

Féach freisin

fill in iontrálacha eile (50+)

+
fara
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
TUILLEADH (1) ▼
Ó díbríodh as an gcoill iad, níl fara ar bith ag na héanachaí anseo anois. D'fheicfeá cluichí acu ag filleadh ón gcoill chuile thráthnóna. Tá siad líonraithe ag na hurchair. Mharaíodh cleitheadóirí an saol brách acu ansin fadó
 
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
 
focal
Thug sé láimh agus focal di go bhfillfeadh sé lena pósadh — gheall sé di go dílis
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
 
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad — íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe ina dhrochghníomh
 
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
 
Sin é suas an bealach agat, agus nár fhille tú go luath, gan dochar gan díobháil dúinne!
 
Gairmeach mhór bhuí bhealaithe í agus dhá mheall de dhá cholpa uirthi nach bhfillfeadh (nach dtoillfeadh) síos sa gcléibhín sin amuigh.
 
beann
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agat ina éadan.
 
Ó ar chuala tú ariamh é, más feall filleann. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tiarnaí sa deireadh, cuid mhaith acub a chniogadh agus iad a dhó agus a loscadh as teach is áras.
 
beo 1
"Slán leat a stóirín! Slán beo leat go bhfille mé aríst" (líne as An Abhainn Mhór)
 
Chuaigh mé go dtí giall an dorais, ach nuair a chonaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
 
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a bráid agus bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ón lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhaigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a hathair agus a máthair.
+
Más léithe bualadh faoin saol chor ar bith, tá sé ag síneadh suas le n-am aici anois. Ní fhilleann an óige faoi dhó
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach breith air agus é a bhualadh anuas faoin talamh
 
buail
Bhuail tuirse mé ardtráthnóna agus dheamhan filleadh ná feacadh a bhí gair agam a dhéanamh aige.
 
burla
Shílfeá nach bhfillfeadh (dtoillfeadh) an oiread giniúchaí chor ar bith ina leithide sin de bhúirlín.
 
Bhí sé ina bhúilleach ag an gcloich ag iarraidh í a chur isteach sa gclaí agus dá mbeadh sé léithe ó shin, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh aisti go dtáinig cúnamh.
 
amach
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a íoc amach as láimh — ní dheachaigh sé anonn ná anall leis ach é a íoc ar an toirt boise
 
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glanoscartha amach as an gcurraigh ar an gcarraig, agus fanacht ansin go dteagadh cabhair.
 
Ní raibh gair agam filleadh ná feacadh a dhéanamh ag na fir mhóra oscartha a bhí fúm is tharam.
 
feac 2
Ní féidir filleadh ná feacadh a bhaint as; ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhroim srl. (fc. fill)
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhostú agus ligean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
 
Níl filleadh ná feacadh ionam ó shníomh mé mo dhroim ag iompar málaí — níl mé in ann mé fhéin a lúbadh srl.
+
feall 1
Más feall filleann; filleann feall — an té a dhéanfas feall is maith a ghabhfas sé as nó déanfar feall air fhéin aríst, nó bainfear díoltas dhe
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scrupall a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beo dhe. 'Sé cóir Dé é anois gur éirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feall filleann
An té a dhéanfas an drochrud, ní trua ar bith má theagann sé ar a mhéis fhéin aige aríst. Filleann feall adeir siad. Chonaic mise an scabhaitéara sin thuas ag siúl ar an mbaile ach is furasta cur chuige anois
 
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon bharrshásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
 
Tá an feilméara mór seo thuas ag filleadh ar an seanghnás. Ag casadh feirbhín a fheicim é na laethantaí seo. Caithfidh an fear céanna armáil a bheith aige thar aon duine
 
Níor thug muid an bord linn amach ach chomh fada le na fuarleacrachaí. D'fhill muid ar ár n-ais aríst. Ba choipthe linn a bhí an fharraige
 
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaíl slabarnaíl. Cé adéarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
 
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
Deireadh an spíodóra i gcónaí é a chur i leataobh. Más feall fillfear, adeir siad
 
deis
Níl aon deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá, is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na tuirní féin i ndiaidh a chéile — na creatlaigh — ach tá na rothaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó tharla nach bhfuil a mhalrait acu
 
diaidh
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Dheamhan a bualadh sin de bhean a gheobhadh sé dhá ndéanadh Dia Diarmaid dó. Feicfidh tú go bhfillfidh sé ar cheann gan chíoradh fós
 
Bhí sé ag brath ar bhualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í chomh giogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leathuair ag breathnú uirthi. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. tráthnóna; 'céard adéarfá leis an mbaintrigh,' adeirimse. 'M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh,' adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
 
Rinne sé dobeart ormsa, ach deir siad más feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé i dtalamh choíchin go mbainfidh mise díoltas dhe
 
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan brách óil inniu. Bhí an-mhathslua ann
 
drámh
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, ainneoin ar chaith sé dhá dhúthracht ag déanamh díobhála ar dhaoine eile. Más feall fillfear, adeir siad
+
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siúl anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach éirí agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
 
díbir
Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim théis an corp a fhágáil dó …
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois ó théas an bus thart. 'Sé an áit ar scoith sé muid an oíche faoi dheireadh ag ceann abhus na D. M., agus bhí sé ina oíche dhubh orainn sa mbaile, théis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo bhliain. Faoi cheann míosa eile — sea agus cuid is lú ná sin — beidh sé ina oíche ar an mbus ag an S.
 
Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith díoltasach. Agróidh Dia é féin air, má bhíonn sé go dona. Ar chuala tú ariamh é: más feall filltear
 
2
Ní fhilleann an óige faoi dhó choíchin