Fill
—/f′īʟ′/; /f′iʟ′tə/; /f′iʟ′ə/; /f′iʟ′ūɴ′t′/; /f′iʟtīn′/ etc.
—Briathar.
1.
iompuigh, crom, cas, cruinnigh, deasuigh.
a.
+–
"Fill abhaile anois" adeir sé liom, "agus ná teara ar ais annseo le do ló aríst" = cas abhaile
Tá sé cho mhaith duinn filliúint abhaile (filleadh: tá an dá ainmbhriathar ann)
TUILLEADH (5) ▼
Nuair a cuireadh an méid sin aighnis orm, is beag nar fhill mé abhaile aríst
Más feall filleann; filleann feall = an té a dhéanfas éagóir nó droch-ghníomh, tiocfaidh sé ar ais ar a mhéis féin aige aríst
[Deir tú go mbeidh tú ag filliúint 'un an bhaile mhóir amáireach faoi na bheith slán duit, agus duinn thrína chéile
Ag filliúint ar ais dom níor airigh mé an t-aistir chor ar bith
Casadh liom é ag filliúint ar ais dom ón siopa
·
Cén fáth ar fhill sé ón gcladach = casadh ar ais; casadh ar ais shul a mbeadh sé cho fada leis an gcladach
Cáid go bhfille sé ó (as) Gaillimh? = go dteaga.
+–
D'fhill sé ar a choisméig aríst = he retraced his steps; walked back
Ní raibh sé ach amuigh ag an ngeata nuair a d'fhill sé isteach aríst
TUILLEADH (5) ▼
Bhí sé bog te ag dul abhaile, ach d'fhill mé ar a chois isteach aríst é = thug mé air a theacht isteach aríst
D'fhill sé orm aríst, agus chuir sé agalla eile as = d'ionntuigh sé ar ais
Níor fhill sé uirre ó a d'imigh sé = níor tháinig sé ar ais chuice
Cáid go bhfille tú orainn aríst?
+–
D'fhill sé air aríst = ionntú donachta a thiacht ar dhuine; duine a mbeadh galra aiféalach air, agus nuair a shílfeadh sé a bheith as, go mbuailfí síos aríst [é]
Galra aiféalach é an fliú sin. Nuair a shílfeas tú é a bheith dhíot agad, fillfidh sé ort aríst
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfuil an chasacht aibéiseach sin fillte ort aríst. Shíl mé go raibh sí as do chrioslaigh agad
Má fhilleann an slaghdán sin ort, beidh sé in a lionnán agad i mbliana. Mar sin tabhair aire dhuit féin
b.
·
Céard a bhain filleadh asad = céard a thug ar ais thú ón áit a raibh tú ag triall
Shíl mise go raibh sé dhá chur inniu, agus bhí mé siar cho fada le bóithrín Sh. H. ag dul chuig an tsochraide nuair a bhain an dream sin siar filleadh aniar aríst asam
+–
Fill anoir na beithigh sin
Bí ag áirdeall agus má theigheann aon-cheann de na cearca soir i ngarraí na bhfataí, fill anoir aríst iad
TUILLEADH (4) ▼
Go gcuiridh Dia ar do leas thú, a stóicín, agus fill aníos an t-asal sin chugam. Níl aon-tapa ionam fhéin len a leanacht
Is maith a chrúthós tú anois agus breith air shul a bhfille sé isteach abhaile aige féin
Níl sé go díreach anois ach fillte soir ceann an bhóithrín. Béarfaidh tú fós air
Bhí J. ag filleadh amach (ag dul, ag casadh) san doras ó thuaidh, agus mise ag teacht isteach san doras ó dheas
·
Fill isteach do chois = crap, nó ionntuigh isteach í
·
Fill amach an doras sin = dúin é
Fill anuas clár an chomhra = dún é
·
Isteach san mbóithrín taobh thoir de bhóithrín Bhaile na M. a d'fhill siad (a chur, a d'iompuigh)
c.
roic nó cineál fáithime a chur i rud.
+–
Ná fill ar a chéile mar sin é. Tá an páipéar sin tanaí. Fill ceart é
Fill an bhráithlín isteach
TUILLEADH (1) ▼
Coinnigh fillte síos é (isteach, amach, chugad, uait etc.)
+–
Buail filleadh ar an hata sin, agus is amhlaidh is deise a ghabhfas sé duit = cuir speic nó billéad air; ionntuigh suas binn dhe
Tá filleadh ar a hata aige, le teann leitheid. Go deimhin níl sé gan talamh a bheith faoi
TUILLEADH (7) ▼
An bhfaca tú an hata atá ar an inín sin thiar ag P. Tá sé cocáilte ar chúl a cinn agus filleadh suas ann. Sin í an onóir chreidim
Ní mór filleadh a chur san bpluid sin má [tá] tú len a chur as do chinn
Céard a bhain an filleadh as an eádach seo = é fillte mar is ceart nó gur bhain duine eicínt eile as a fhilleadh é, agus gur fhill sé contráilte é
Tá na liúrachaí an-fhada (feic liúrachaí). Chaithfeá seacht bhfilleadh a thabhairt orra nuair a bheitheá dhá líonadh in a scuabán
Níl do dhóthain fillíochaí (filltíochaí) agad ar an gcoirrleach sin. Bord leadhbach a bhéas agad
Ní mór don bhráithlín sin dhá fhilleadh
Más leat an leitir sin a chur san bpóca seo, ní mór di trí fhilleadh. Tá na pócaí (envelopes) sin an-bheag
+–
Fág an phluid in a filleadh mar sin = ins an bhfilleadh atá uirre; fillte mar atá sí
D'fhill sé siúd an t-éadach ceart duit. Fág in a fhilleadh é (fág san bhfilleadh céanna é)
TUILLEADH (4) ▼
Ní bheadh a fhios agad cén sórt cartadh ná sníomh a bhíos air san leabaidh, ach baineann sé na pluideannaí as a bhfilleadh chuile oíche = an filleadh agus an socrú a tugtar orra nuair a chóirítear an leabaidh
Níl aon-chall na pluideannaí a bhaint as a bhfilleadh nuair a bhéas tú ag cóiriú na leabthan sin thuas. Ní dhéanaim féin leó ach a leagan anuas aríst
Bhí an phluid as a filleadh aige ar maidin
Tá leathfhad san mbráithlín seo. Tá sí as a filleadh ar fad = gan í a bheith fillte ceart; taobh di níos fuide ná an taobh eile
d.
+–
Ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruim = díriú ná cromadh; corraí chor ar bith
Níl filleadh ná feacadh ionam (agam) ó bhuail an phian seo san gceathrú mé = níl aon-chor ionam
TUILLEADH (11) ▼
A, tá mé gan filleadh ná feacadh le seachtain ag rúitín atá agam. Breathnuigh uirre sin (cois)! Nach bhfeiceann tú in a spól í
Tá faitíos orm go mbeidh mé scathamh eile muise gan filleadh gan feacadh. Tá lot dainnséarach orm
Tá sé gan filleadh gan feacadh anois le ráithe mór fada, ach léar (de réir) mar a iontóchas san leabaidh é
Ní raibh sé indon filleadh ná feacadh a bhaint as an gcloich = a corraí chor ar bith
Chaith mé uair leis an nglas sin aréir agus go deimhin má chaith féin níor bhain mé filleadh ná feacadh as. Is suarach an t-íonadh: cheal a choinneál acluithe
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul anonn go dtí é agus a bhualadh ar an smaois = ní dhearna sé braiteóireacht ar bith; rinne sé maolabhrach é; rinne sé é gan stánadh ar bith
Ní dheárna J. Mór filleadh ná feacadh ach a theacht aníos ón teine agus an píosa dhá scilling a leag sé ar bhord an tsagairt a thógáil dhó aríst. "Bíodh agad, a shagairt" adeir sé. Mara nglaca tú dhá scilling, glacfaidh mé féin iad. Ach ní bhfuighidh tú aon-leathchoróin ar chuma ar bith
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
Feicfidh tú féin air anois nach ndéanfaidh sé filleadh ná feacadh go dteighe sé cho fada leis an deartháir agus go gceaduighe sé é. Sin é a níos sé i gcomhnaí
Bhain sé as gan filleadh gan feacadh go ndeachaidh sé go bearaic, agus go dtug sé anoir na póilíos. Marach sin 'ar ndú' d'fhuaródh an scéal ar an toirt. Ach ní raibh an ceann céanna ariamh gan a dhá dhíol luadair a bheith faoi
·
Níor chodail mé néal aige sin dhá fhilleadh agus dhá fheacadh féin i gcaitheamh na hoíche san leabaidh = ag iontú agus ag crapadh
Ara ní dhéanfá aon-chodladh in éineacht leis. Bíonn sé ag filleadh agus ag feacadh i gcomhnaí
2.
+–
Chuaigh an leoraí síos go filleadh dúda san bportach = síos ar fad; báitheadh ann é (deirtear "file" scaití freisin san leagan seo: feile? = fellowe?)
Tháinig olc air, agus bháith sé an láidhe go file dúda san mbruach. Bhí mise ag téigheamh. Ní rabh a fhios agam cén puínte a n-áiteódh sé mé
TUILLEADH (2) ▼
Chuirfinn an scian go filleadh dúda in do bholg, dhá bhfaghainn mórán eile sceaimhínteacht uait = go feirc
Níl aon-mhaith sna ceascannaí sin a rinne sib ann. Beannacht Dé dhuit. Cairt ar bith a mbeadh ualach uirre, ghabhfadh sí go filleadh dúda annsin
Féach freisin
→
feac 2
Fill in iontrálacha eile (50+)
+
→
fara
"Och, och," arsa an chearc, agus í ag dul ar an bhfara, "Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chloinne Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag" (As "Cearc agus Coileach")
TUILLEADH (1) ▼
Ó díbríodh as an gcoill iad, níl fara ar bith ag na héanachaí annseo anois. D'fheicfeá cluichí aca ag filleadh ón gcoill chuile thrathnóna. Tá siad líonruithe ag na hurchair. Mharuíodh cleitheadóirí an saol brách aca annsin fadó
→
fearacht
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
→
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
→
féarach
Íocfaidh sé an féarach fós. Más feall fillfear, adeir siad = íocfaidh sé ann; bainfear díoltas dhe in a dhroch-ghníomh
→
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
→
bealaigh
Gairmeach mhór bhuidhe bheathluighthe í, a's dhá mheall de dhá cholpa uirre, nach bhfillfeadh (nach dtillfeadh) síos sa gcléibhín sin amuigh.
→
beann
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agad in' éadan.
Ó ar chuala tú ariamh é, 'má's feall filleann'. 'Sé raibh de bharr na créatúlachta ag na tighearnaí sa deire, cuid mhaith aca(b) a chriogadh, a's iad a dhóghadh a's a loisceadh as teach a's árus.
→
brogús
Chuaidh mé go dtí giall a' doruis, ach nuair a chonnaic mé an brogús sin thiar istigh, d'fhill mé ar mo sháil aríst.
→
buail ar
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a brághaid, a's bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ó'n lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhuigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a h-athair a's a máthair.
+
Má's léithe bualadh faoi'n saoghal chor a' bith, tá sé 'síneadh suas len am aici anois. 'Ní fhilleann an óige faoi dhó'.
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé, filleadh ná feacadh ach breith air, a's é 'bhualadh anuas faoi'n talamh.
→
buail
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
Bhí sé in a bhúilleach ag a' gcloich, ag iarraidh í 'chur isteach sa gclaidhe, a's dá mbeadh sé léithe ó shoin, ní bhainfead sé filleadh ná feacadh aisti, go dtáinic congnamh.
→
amach
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach a íoc amach as láimh = ní dheacha sé anonn ná anall leis, ach é íoc ar a' toirt boise
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glan-ascartha amach as a' gcurra(igh) ar a' gcarraig, agus fanacht annsin, go dteagadh cabhair.
→
oscartha
Ní raibh goir agam filleadh ná feacadh a dhéanamh ag na fir mhóra ascartha a bhí fúm a's tarm.
→
feac 2
Ní féidir filleadh ná feacadh a bhaint as; ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruím etc. (fc. fill)
→
fostaigh
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhastú, agus leigean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
→
iompair
Níl filleadh ná feacadh ionnam, ó shníomh mé mo dhruim ag iomchur málaí = níl mé indon mé fhéin a lúbadh etc.
+
→
feall 1
Más feall filleann; filleann feáll = an té a dhéanfas feáll is maith a ghabhfas sé as, nó déanfar feall air fhéin aríst, nó bainfear díoltas dhe
TUILLEADH (2) ▼
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scruball a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beó dhe. Sé cóir Dé é anois gur eirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feáll filleann
An té a dhéanfas an droch-rud ní truaighe ar bith má theagann sé ar a mhéis fhéin aige aríst. Filleann feáll adeir siad. Chonnaic mise an scaibhtéara sin thuas ag siúl ar an mbaile, ach is furasta cur chuige anois
→
fuasaoid
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
→
feirbhín
Tá an feilméara mór seo thuas ag filleadh ar an sean-ghnás. Ag casadh feirbhín a fheicim é na laethantaí seo. Caithfidh an fear céanna armáil a bheith aige thar aonduine
→
forleac
Níor thug muid an bord linn amach ach cho fada lena fuar-leachrachaí. D'fhill muid ar ar n-ais aríst. Ba choiphe linn a bhí an fharraige
→
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaighil slabarnaighil. Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
→
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
→
deacrach
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gábhail ar an bhfarra; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chloinne; A dhul is an áit nach bhfillfidh go h-éag." (as amhrán greanmhar "Coileach agus Cearc")
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
→
deis
Níl aon-deis shníomhacháin in do thír anois. Má tá is fada ó chéile é. B'fhéidir go mbeadh cuid de na túirní féin indiaidh a chéile — na creatalaigh — ach tá na róthaí agus na rudaí eile briste le fada. Caithfidh siad filleadh ar cheann gan cíoradh anois, ó thárla nach bhfuil a mhalrait aca
→
diaidh
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
→
Diarmaid
Dheamhan a bualadh sin de bhean a gheobhadh sé dhá ndéanadh Dia Diarmuid dó. Feicfidh tú go bhfillfidh sé ar cheann gan chíoradh fós
→
diogáil
Bhí sé ag brath air bualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í cho gíogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonnaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leath-uair ag breathnú uirre. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. trathnóna "Céard déarfá leis an mbaintri(gh)" adeirimse. "M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh" adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
→
dobeart
Rinne sé doibeart ormsa, ach deir siad má's feall fillfear. Ní ghabhfaidh sé idtalamh choidhchin go mbainfidh mise díoltas dhe
→
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
+
→
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siubhal anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach eirghe agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)
→
díbir
Chaith siad sin a saoghal ag cur díbirt' agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha ins na simléir aca féin anois. Má's feall fillfear
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach breith ar an gclaimhe agus an Fathach Mór a dhícheannadh. Thug an ceann trí léim th'éis an corp a fhágáil dó …
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
→
dóigh 1
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrighthe aca leis an "mótar", ach cor ná car ní raibh siad indon a bhaint as nó go dtáinic mac D. Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar "wirín" beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa narbh é an t-achar ab fhuide go raibh sí ag giúnaighil (geonaighil). Námhaid í an cheird gan a foghluim in a dheidh sin