Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gáireach (22)

 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dheidh sin nachar thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinic falrach gáirí air
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
déan 1
Rinne sé cáir ó chluais go cluais. Nach hé a bhí sásta. Déarfá go ndéanfadh sé sin gáirí leis an olc
 
Sin é deireadh a chuid gáirí muis: beidh ceol thar phíobaireacht aige feasta in a h-aice siúd
 
dod
Is beag an dod a bheadh uirre dá bhfeicead sí fear an tseaicéid ghuirm ag teacht aniar an t-árd. Deirimse leat gur maith geal-gháireach a bheadh sí annsin
+
Leig de do chuid drad-gháirí fúmsa anois, nó leathnóchaidh mé dorna ar an smaois agad gan mórán achair. An síleann tú nach ndéanfainn é?
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an gáirí leis an olc muis, an drad-gháirí a dhéanfas sé sin. Ti hí! Nach hé an sionnach i gcraiceann na caorach é!
Thosuigh sé ag drad-gháirí faoi J. agus 'ar ndú' mo léan spréach sé sin, agus bhí sé ar thob a dhul dhá mheilt, nuair cé a shiubhailfeadh isteach ach an sagart. Sin é a tháinig ar uair na h-athchuinge ar chaoi ar bith!
Is gránna an bealach do chailín óg mar í straois a bheith uirre mar siúd i gcomhnaí ag drad-gháirí. Dhá mbadh é an duine ba mheasa leat ariamh a bheadh ann, sin é an chaoi a mbeadh sí. Ba deas a thiocfadh masc (mask) di
Bhí tú ag drad-gháirí ar baillín, agus anois tá tú ag smutaireacht chaoineacháin. Níl a fhios agam féin cé'n scéal é
+
Is diabhlaí drad-gháireach atá cuid de na daoine. Ní mórán drad-gháirí muise ab ait leo a dhéanamh fútha féin. 'Sé an té is lugha acmhuinn é féin, an té is mó a mbíonn fonn air suidhe imbun duine eile!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sí cho drad-gháireach le madadh istigh 'san gclúid. A Rí na bhFeart nach hí an chúdaois (códaois?) ghránna í, ní ag fáil locht ar ghnatha Dé é! 'Sí agus an chúdaois olc!
Cé hí an bhean mhór dhrad-gháireach a bhí i lár báire. Ba gheall le bean Gh. fadó í: G. an "jumper", má ba í a bhean fhéin chor ar bith a bhíodh ag imeacht ar stropa soir agus anoir annsin aige
Ní geal-gháireach atá sí ach drad-gháireach. Sin é an gáire gangaideach a dhéanfas sí sin. Bheadh gáirí maith aice faoi do bhris
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croidheamhail ariamh ach drad-gháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcomhnaí. Níl goir ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé in a choileachín
 
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag drantaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh 'sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirre. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean len a gháirí choidhchin ar chaoi ar bith
+
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbitheamhnach agus é ag drántán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon-nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croidhe ná iad
TUILLEADH (1) ▼
Ná bí ag déanamh madaidh dhíot féin ag drántán gháire mar sin. Má tá gáirí le déanamh agad, déan ceart é, sin nó leig dhó
 
dreach
Ná bac le fear Achréidh a mhic ó. Breathnuigh cho bláthmhar agus a bhíos siad. Diabhal mé go bhfeicfeá "na fataí gáirí" agus an ghabáiste ag briseadh amach in a ndreach. Ach m'anam nach bhfeicfidh tú ag briseadh amach indreach Mh. Bh. ach gearbaí agus neascóideachaí agus salachar rásúir agus easbaidhe agus 'chuile rud is measa ná a chéile
 
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis, agus aithneóidh tú pus air in a dheidh sin go ceann seachtaine. Nachar bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá agus a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcut. Ach duine soilíosach in a dheidh sin é, má tá rud aige ort
 
dubh 1
Bhí a chroí in a ghual dubh istigh ina lár ón lá sin. Bhí deireadh a chuid gáirí déanta
 
dúil
Bhí mé thuas ann lá ar cuairt agus bhí ciseog fhataí ann agus iasc. Fataí gáireacha. 'Siad an scoth atá aige. Bhí an teach fúinn féin ag an mbeirt againn agus shuidheamar síos i miainis (i bhfiadhnas) na ciseoige, nó gur ith muid gliúrach dhíob (gleorach). Shín muid muid féin ar an teallach annsin gur chodail muid spuaic. Níor leag mé béal ar aon-fhata aríst go ceann míosa. Ghránuigh mé orra. Bhain siad an dúil asam in éindigh