Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

geall (100+)

 
abair
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
 
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann-finne, ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bun-righeachaí a bhí air
+
Is geall le smutáin an dá ghéig láimhe atá air, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
TUILLEADH (1) ▼
Tá an ceann (rothar) sin agad sciobtha go maith, ach tá sé seo a dhá éascaíocht. Cuirfidh mé geall leat
 
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá chalpa (colpa) coise atá fúithe! Is geall le dhá storrán crainn iad
 
dairt
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
 
dall 3
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agad. Muise má tá dalladh gan aon-léas ort agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, mara deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
 
Is damantach an chaoi atá air. Níl snáth de na seacht n-éadaigh air, ach ag imeacht mar sin ins na briollachaí. Is geall le ceannuidhe mála é
 
"Ach feacha gur damnuigheadh leanbh na chúig mblian, 'athair a's a mháthair a's é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith 'loscadh na mionnaí mór a's a' maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
 
Thug an máistir dual na druinne dhóib go minic mar gheall ar a ndánacht ach ba bheag an mhaith sin in a dheidh sin. Dhá marbhuightheá iad, bheidís ar an gcéird chéadna lár na bháireach
 
daoire
'Ar ndú' bheadh sin ceart go leor: ceannacht ar a shaoirse agus díol ar a dhaoirse. Is gearr go mbeitheá in do cheithearnach an uair sin ar chaoi ar bith. Ach fagh thusa an té atá indon é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé geall leat go gcinnfidh sé ort
 
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
Má bhíonn an Naomh Pádraig in a bhreith(eamh) orainn, tiúrfaidh sé deábhreith orainn le cúnamh Dé. Gheall sé nach bhfágfadh sé Cloinne Gael ar deireadh
+
Rón! Dá marbhuighinnse rón, bhaininn a chuid ola as agus d'fhágfainn ag an deachma annsin é. By dad féin muis, bheadh coimpléasc láidir ag an té a ghabhfadh ag ithe róin. An iasc atá chor a bith air. Sílimse nach h-eadh, ach feoil. Nach geall le laogh mór agad é
TUILLEADH (2) ▼
"Ní de thír ná de thalamh thú" adeir an bhainrioghan "nach mbeadh a fhios agad gur gheall sí ceann do'n deachma, agus bhí sé de ghnaoidheamhlacht innte an dá cheann déag a thabhairt amach". (As sean-scéal — Gé an Oileáin — ó m'athair)
Is breagh an scéal atá agad: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn annsin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrútuighthe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile ins an mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go mí-thráthamhail an uair is mó an chruadhóg. Diabhal mé go sílfeá gur h-aisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: imbrollach an Fhoghmhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Narba hé amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana in geall air
+
Bíonn an deá ghealladh i gcomhnaí aige, ach sin é a dheireadh. = geallann sé (go ndéanfaidh sé) rud, ach ní dhéanfaidh
TUILLEADH (4) ▼
Go gcuire mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach shin é a cheird sin i gcomhnaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach sén deághealladh agus an droch-choimhlíonadh é. M'anam gurb é!
Déarfá nach bhfuil aon-deá ghealladh faoin aimsir pé aca sin é. Diabhal an dtaithníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na h-uaire móire a bheidís
Níl aon deá-ghealladh faoi. Dhá mbadh leis biseach a fháil, shílfeá go bhfuil sé in am aige feasta. Tá faitíos orm nach bhfuil indán bisigh dhó — an duine bocht. Tá sé in ainsil air anois
Níl deá ghealladh ar bith faoin gcur i mbliana. Ba deacair dhó a bheith. Fuair sé an iomarca spalpadh san am a raibh aige báisteach a fháil. Tá a shliocht air: na dasachaí atá amuigh féin, níl ionnta ach spreangaidí. Níl téagar ar bith ionnta
+
dealg
Níl rud ar bith is géire deilgne ná an ghráinneoig agus an dris agus an cluan mara. An bhfaca tú cluan mara ariamh. Is geall le gráinneoig na deilgne atá air. D'fheicfeá go minic thíos ins an gcladach sin thíos é
TUILLEADH (1) ▼
Chloisinn S. M. Sh. ag rádh fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean-seisean. Is geall le rásúr é
 
Well níl spré ar bith agad, má theigheann tú amach anocht, ag tabhairt deallra dhuit féin a leithide d'oíche. Is geall í an oíche anocht leis an oíche ar ith Ceile na bradáin
+
déan 1
Gabh síos ann agus déan do ghealladh fíor = coimhlíon do ghealladh
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-ghealladh faoi, agus ní dheárna sé aon-mhéid in a dheidh sin
 
Ní fhéadfá déanamh ar an sagart sin. Tá sé ro-ghalánta, ro-leitheadach. Mo ghrádh na sagairt nach raibh aon-ghoithtí aca thar dhuine féin. Ba gheall le fear de'n bhaile an t-Athair P.
 
Déan maith de do ghealladh; déan maith de do chuid cainte = an rud a gheall tú déan é
 
deara
Má thugann sí faoi ndeara dhi féin tosuighe ag "beaiceáil" chor ar bith, do cheann-finne ní chuirfidh faoi ndeara di tarraint choidhchin. An bhfuil a fhios agad "an-phleain" ag capall a bhíos ag "beaiceáil". Cuir ionga tobac in do bhéal agus cangail go maith é, agus scaoil isteach smugairle an tobac in a cluais. Cuirfidh mise mo rogha geall leat gur beag an "bheaiceáil" a bhéas uirre annsin. Féach léithe é, go bhfeicidh tú
 
dearg 2
Tá bean annsin thoir. Suaróigín bheag agus í cho sean leis an gceo, agus is geall le deargadh tiaraí atá ar a béal. Diabhal a bhfaca tú a shamhail ariamh ach é = brat trom lipstick
 
Bhí beirt cheannaidhe ag dul an bóthar fadó. Thosuigh siad ag sáraidheacht. Dubhairt ceann aca go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháruigh an ceann eile air nacharbh fhearr. Fágfamuid ar bhreitheamhnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é, adeir duine aca. Tá go maith adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siubhal ionnsaidhe. Ba ghearr go dtáinic siad ar dhearga daol ar an mbóthar. Chrom an ceannaidhe bréagach síos. "Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag" adeir sé leis an dearga daol. "An bhréag, go' deile", adeir an dearga daol. Sín amach mo gheall agam, adeir an Ceannaidhe bréagach. Shín. Scar siad len a chéile. Ba ghearr a chuaidh an ceannaidhe bréagach, nuair a thosuigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinic sé suas leis an dearga daol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamuigh an dearga daol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat dearga daoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneal. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinic an sagart. Nuair a chonnaic sé an deis a bhí air, chuaidh sé amach as an seomra agus thosuigh sé ag léigheamh a leabhair. "Gabh isteach" adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill "agus feacha cé'n chaoi a bhfuil sé." Chuaidh an cailín isteach. "Tá sé faoi dhearga daoil ar fad" adeir sí. "Níl sciolltar fágtha air, nach bhfuil ithte dhó." Léigh sé leis eádradh eile. "Gabh isteach anois" adeir sé "agus feacha cé'n chaoi atá air." "Tá fiche brat dearga daoil anois air," adeir sí. "Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh." "Tá an cholainn ag an diabhal," adeir an sagart, ach beidh an t-anam aghamsa dhá bhuidheachas." Tháinic an oiread eile díocais air ag léigheamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na dearga daoil)
 
dearmad 1
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
 
dearna
Leag sé na h-ocht bpunt isteach i gcroidhe mo dhearnann. "Tá tú as a Mh." adeirim féin. "Chuirfinn geall gurb é an ceannaidhe cluaise — Bh. — a cheannuigh é" adeir sé. "Bíodh sé agad" adeir Bh.
 
Beidh do chuinneog gan deasú muis, má's leat a bheith ag forcabhás air siúd. Tá gealladh maith ag an leiciméara sin, ach droch-choimhlíonadh
 
An té a mbeidh déidín tuithte aige ná bac thusa leis. Má bhíonn sé tuithte ceart aige, is fear réidh é. Dochtúirí na cruinne ní leigheasfadh é. Má ghníonn an giall crapadh tá sé craptha, agus ná bac thusa len a thabhairt ar ais, mar níl aon-ndán ar ais dó. Déarfaidh do rogha dochtúr leat é cuirfidh mise geall
 
deil 1
Ab é M. Sh.! Níl aon-cheó ón deil amach agus an deil féin nach ndéanfadh sé. Is mór an stuaim a gheall Dia dhó.
 
deilbh 1
Níl aon-cheo deilbhighthe nach bhfuil déanta annsin thíos aige. Sin é an buachaill! Is mór an stuaim a gheall Dia dhó thar dhuine ar bith ar an mbaile
 
Tá siad ag déanamh tighthe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a' comhnuidhe ionnta ach ag forcabhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scuir — poilitéaraí — ar fad atá ionnta. Diabhal mé gob (gurb) orra atá meas uiliog anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhfadh duine aca bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
+
'Sí bád Ch. a bhí ar deireadh 'sna geallta, th'éis a raibh de ghaisce aiste
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad sin in ainm agus a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pighinn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as in a dheidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orra é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
Is fada atá sé ag gealladh dhom, ach fuair mé í faoi dheireadh thiar thall
 
Níl aon-mhaith 'san ngealladh sin domsa! 'Sé'n chaoi a bhfuil sé sin, mar adeir an ceánn eile: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh. Ach déarfaidís freisin go bhfuil Dia go maith faoi thrócaire ach nach bhfaightear bróga gan airgead. Íocaidheacht atá mise a iarraidh
 
Ní fhéadfadh sí a bheith folláin agus an deirgeacht atá innte. Nach geall le pota fola í! Tá sí ro-otruithe freisin
+
deis
Cuireadh an-deis ar an gculaith siúd dó. Is geall le culaith nuadh as an bpíosa anois í. Ní aithneochthá uirre gur caitheadh ariamh í
TUILLEADH (1) ▼
Tá a theanga ar a dheis aige, ar chuma ar bith. Is geall le 'tornae (atornae) é, ag scoilteadh cainte.
 
Deiseal riu! Is ort atá an tsrófairt. Is geall le duine thú a chaithfeadh snaoisín. M'anam ag Dia go bhfuil sé do mo bhualadh féin anois agus gan duine ar bith le deiseal a rádh liom
 
deois
Bíonn geóis mar sin i gcomhnaí air. Is geall le cat é
 
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuidhfinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoruidhe an bhéil bheo níos goire dhom ná seo, agus ní bheadh aon-scáth orm. Ní bheadh — a dhuth ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos annsin cho maith agus atá sé annseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil.
 
Is diachta do mo leithide-sa a bheith láidir: ag iarraidh a bheith ag sclábhuigheacht ar an oiread tae agus a shluigfeadh priompallán. Bhíodh cáineadh ar an tae ach badh é an uair a raibh sé fairsing a bhí cáineadh air. Cuirfidh mise geall leat gur beag a chloisfeas tú dhá cháineadh anois … Tá do scéal breagh go leor a mhic ó! Ach ní raibh aon-chleachta againne a theacht d'fhuireasbhaidh tae agus go mbíodh sé againn 'chuile phuinte ins an ló. Ní bhíonn sé againn ceann de ló féin anois.
 
diaidh
Tabhair faoi deara é má fheiceann tú ag "bacsáil" aríst é. Cuirfidh mé geall leat, nach dteigheann sé an ionga féin ar a chúl ná ar a aghaidh, th'éis go mbíonn sé ag corruighe. Ag dul indiaidh a leathtaoibhe i gcomhnaí a thugas sé an iarraidh do'n fhear eile, agus tá iarraidh mharbhthach aige freisin, an uair a thogróchas sé é
+
Cuirfidh sé seo soir anois "pórtar" ar an smaois ag Jóín ó chuaidh sé ar chumaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfoiridh Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse cumaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil aca go bhfeicidh tú a' dtiubharfaidh agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siubhailfidh sé féin isteach idteach an ósta agus go dtiubharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mara dteighidh sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agad anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chúnntair, gan fiafruighe dó (de) a raibh béal air. Sin é an cineál tuatacháin é féin. Ní bhfuigheadh diaúmhlach an deoir uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chlann thíos ins an talamh aige le obair, agus th'éis a bhfuil siad a shaothrú dó in a dheidh sin, dheamhan pighinn airgead póca a thiubharfadh sé dóibh; ach iad ag súmaireacht tímcheall doirse chéilidhe 'chuile oíche Dhomhnaigh d'uireasbaidh an oiread agus a d'íocfadh isteach iad. Tá airgead in a chocaí beaga aige súid, ach cianóg ní thiubharfadh sé do dhiaúmhlach. Cuirfidh mise mo rogha geall má fhaghann an chlann choidhchin aon-leigean ar an saidhbhreas siúd go dtiubharfaidh siad fuadach dó
 
Tugann sé sin díbliú brocach ar 'chuile dhuine nach dtaithnigheann leis, nó nach bhfuil aon-bhrabach aige air. Ach cuirfidh mé geall gur beag a chloisfeas tú a rádh faoi A. Sh. é. Is maith an rud grádh nó faitíos. Dhá bhfaghadh sé sin tada amach in a dhiaidh, speirfeadh sé ar bhall na h-áite é, speirfeadh sin
 
Rinne an bhudóg sin dí-chúis dom. Bhí an-ghealladh fúithe, ach níor tháinic biseach ar bith fúithe mar sin fhéin. Th'éis gur choinnigh mé í le leath-bhliain ag ceapadh igcomhnaí go raibh údar maith innte, agus go sceinnfead sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirre ó shoin. Ní bréag ar bith dhom a rádh go ndearna sí dí-chúis dhom
+
díle 1
Is fadó ó a chuaidh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoghail é. Lá Fheil San Swith a thosuigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shoin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá in a dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
TUILLEADH (3) ▼
Sean-fheairín beag cromta coiligneach a bhí ann. Ba gheall le Fionntán Fáidh é nar báitheadh ins an Díle, bhí féasóig cho fada cho liath sin air. Níor chuir mé chuige ná uaidh, ach chonnaic mé ag scaimhléaracht ar ghasúir annsiúd é, agus déarfainn go mba francuighthe an peata é deich mbliana agus trí fichid ó shoin
Cé'n chaint sin ort faoi'n Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nar gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistighe ins an spéir. Cheal nar chuala tú ariamh é sin. Is mór nar chuala tú muis.
Go deo dearg na Díle aríst mar adeir S. T. ní ólfaidh mise aon-deoir phórtair ins an áit ar ól mé aréir é. Ba gheall le blas gallaoireach a bhí air. Cé'n bhrigh ach an phóit ó mhaidin! Tá snaoidhm ar mo phutógaí, agus mo phíobán in a fhuirnís. Dearg-nimh atá aige
 
díle 2
Is geall le lá é a thosóchadh ag díle sneachta. Nar chomhnuighidh sé go dtosuighidh sé agus mé ag ceapadh go mbeadh na cupla mullach sin thoir bainte agam. Fata ar bith nach bhfuil bainte anois, tá sé cho maith é a fhágáil i dtalamh. Béarfaidh an sioc air, agus ní bhuachfar aon-cheo go deo ar fhataí seaca. Duine ná beithidheach ní leagfaidh smut orra. Is beag an baoghal go leagfaidh.
+
ding
Brughadh agus ding orra, nach bhfanann ins an mbaile, agus gan na daoine a bheith sáruighthe aca, 'chuile oíche ins an aer. Nímé dhá dteigheadh aos óg an tighe seo suas le béal in áirde a dhéanamh dhá dteach-siadsan, cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leo. Cuirfidh mé geall gur beag an acmhuinn a bheadh aca
TUILLEADH (1) ▼
Neartuigh sé é féin thar cíonn ó a chuaidh sé isteach an chéad-uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann-finne ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige ins 'chuile áit — siar agus soir. Is gínn leis 'chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon-bhaile dhá gcuimhneochaidh tú air d'uireasbhaidh duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
Níl aon-lá le mo chuímne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála annsin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dheidh sin ann, th'éis go bhfuil mo theanga caithte agam dhá iarraidh orra. An deá-ghealladh, agus an droch-choimhlíonadh, d'eile
 
dioc
Ghróig sí í féin istigh ins an gclúid, agus chuir sí gioc uirre féin go mbadh gheall leis an gceann-cait sin í a d'fheicfeá ins na sean-bhallaí. Ach mo léan géar ba bheag an ghioc a bhí ar a teanga.
+
Tá an mhaidin ann fós, agus é idtús a dhíocais, ach foighid ort go maoluighidh an ghrian siar. Cuirfidh mé geall leat gur furasta cur aige trathnóna
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat má dhéanann tusa do sheacht míle dicheall agus má chuireann tú 'chuile chnámh ag gabhail leat faoi dhíocas, go gcinnfidh ort-sa a ghníomh-seisean a dhéanamh. Tá sé breagh go leor agad a bheith ag rádh nach hé an oiread sin móna a bhain sé, ach feiceamuist bain thusa ná aon-fhear in do thír an oiread. Thiubharfadh an méid sin cnámh le creinneadh do J. Gh. an lá ab fhearr a bhí sé, agus b'ait an sleaghdóir é
+
díol 2
Dubhairt an dream seo an uair a chuaidh siad isteach go mbainfidís de'n té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an deagh-ghealladh agus an droch-choimhlíonadh
TUILLEADH (2) ▼
An uair a bhí sé sin ag eirigh suas ní raibh aon-díol magaidh ins an tír a sháróchadh é. Cineál leath-phleota a bhí ann, agus áit ar bith dhá mbeadh sé d'fheicfeá plód cruinnighthe air. An áit a mbíonn an óinseach a deir siad, bíonn a cóisir ann. Sin é an chaoi a bhí air muis nó gur phós sé. Ach feacha an gna (gno) a rinne sé ó shoin. Cuirfidh mé geall leat gur beag a fheicfeas tú bailighthe air anois …
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tiubharfaidh mé 'chuile dhíol air faoi nar thug sé agam an pisín cuit a gheall sé dom. Tá an teach beo beithidheach le luchain. Ní fhágfaidh siad nídh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe. Mara dteightear romhab (fuaim — rúb = rompa) go gairid
 
Níl F. ag tabhairt trust ar bith uaidh anois i ngeall ar dhroch-dhíolaidheacht adeir sé. B'éigin dó eirghe as, nó bhánóchadh sé é féin
 
Ní raibh aon-diomdha ariamh uirre faoi'n a phósadh th'éis go raibh a muíntir uiliog ag casaoid uirre an uair sin mar gheall air. Níl beirt indiu ins an bparáiste cho teolaidhe léithe
 
Tá an-lághaidheacht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé deangmháilte in a dheidh sin féin. Breathnuigh air Satharn ar bith inG. Níor léar dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige fea'int (feachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon-bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
 
diúg
Fág an buicéad annsin aige agus óladh sé é má's breagh leis. Cuirfidh mé geall nach mbeidh sileadh ann nach mbeidh diúgtha aige in am suipéir. Peataidheacht atá ar an laogh sin. Diabhal ceo eile
 
diúl
Is geall le laogh diúil thú, an chaoi a bhfuil tú ag brughadh isteach liom
 
Cé'n sórt leibideacht sin ort? Má bhí sé dlighmhear aige féin a dhul ins an gcasán nach bhfuil a fhios agad go raibh sé dlighmhear aige a rogha duine a thabhairt ann. Dlighe dhuit féin atá agadsa … Cuirfidh mise mo rogha geall leatsa anois má thugann sé 'un dlighe iad faoi'n a bhacadh go gcaithfidh sé iad. Caithfidh agus caoch a dhuine sin
 
Ná bac le dlighteanais. Níor íoc an cneamhaire sin aon-cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcomhnuí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeitheá cho meathta ins an deire aige agus go maithfeá dhó é. Chonnaic mé S. Mh. ag dul 'un dlighe leis faoi luach cairr. M'anam-sa ó'n diabhal gur chaith sé S. pér'bí cé'n bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. th'éis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-toidheacht i láthair ann agus níl aonduine beo nach mionnóchadh gurb í an fhírinne a bheadh aige an uair a thosóchadh sé ag ceartú dhuit.
 
dlús
Má theigheann sé isteach, gheall sé dhom go gcuirfeadh sé dlúthas leis an mbóithrín sin suas. "Ná bíodh faitíos ort" adeir sé. "Cuirfidh mise crudh in a thosach anois"
 
dochar
Ba ghearr le dhul a chuid sochair ar ghualainn a chuid dochair. Chuir sé amach a raibh ins an leath thoir de'n dúithche ar fad, agus mar gheall gur shásuigh sé é féin, d'fhága sé cupla tunónta a bhí salach, i seilbh annseo. Nachar mhór an sochar é sin — nachar mhór!
 
Tabhair thusa docamhlacht ar sin! Bhí gacha le leagan dhá bhaint asam ag teacht aniar na clochair. Ní túisce a bheinn i mo shuidhe, ná a bhainfí treascairt eile asam. Gheall mise do Dhia, dhá dtugadh Sé abhaile slán mé nach dtiubharfainn an tabhairt sin orm féin de shiubhal oíche le mo ló aríst. Níor mhiste liom dhá mbeadh trí mhíle d'aithgiorra ann, ghabhfainn an tímpeall níos mó
+
Is beag de'n doicheall sin a bheadh romhainn aice sin dhá mbeadh dalladh airgid againn agus muid a bheith indon a h-íoc ar an tairnge. Cuirfidh mise geall leatsa gurb í a bheidheas meangach leis an té nach dteigheann chuice ach go h-annamh. Beidh mo léan, mar bíonn sí ag tnuthán len a mealladh ó na siopaí eile chuice féin
TUILLEADH (1) ▼
An té nach dtarraingeochaidh braonachaí fuisce agus bronntanais aice siúd, ní bheidh roimhe aice ach fáilte an doichill. 'Bhfeiceann tú an ghairm atá roimh Ph. J. ann. Is maith an fáth muis. Tá sé sin suas anuas B. 'chuile ré soluis ag tarraint fuisce chuice. Cuirfidh mise geall leat nach mórán subháilce a bhéas aice linne an uair a bhuaileas muid isteach aice. Tá baoghal uirre
 
dóigh 2
Cuirfidh mé geall leat gur fhan sé ó'n scoil. Ní dóighide cleas dó i ndomhnach
 
dol 1
Bhí suas le deich gcinn aca ann in a smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
 
Ní bhfuigheadh sé saoradh ná séanadh ar a chuid airgid uaidh, ach ag gealladh dhó dóláimh i gcomhnaí
 
Cuirfidh mise geall leatsa nach dóighide an Cháisc ar an Domhnach nó go leigfear amach saor slán é sin. Ara níl áird ar bith ar choir de'n tsórt sin annseo. Ach mise imbannaí, gur maith gasta a chuirfí cupla bliain ar fhear bhocht, agus gan míllteanas ar bith déanta aige
 
'Bhfeiceann tú P. Mac C. nach nglacfadh é ach an oiread. Is geall le chéile an cúpla. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall
 
Donn-réidh uilig a cuireadh d'adhmad ar an teach seo. Níl aon-taobhán giumhasaighe ag gabhail leis. Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil. Tá a shliocht air: cho luath agus a tháinic aon-deoir de'n bháisteach anuas ann, thug na rataí uatha. 'Bhfeiceann tú an dhá chúpla sin annsin. Dheamhan a fhios agam cé'n puínte a dtiocfaidh siad anuas faoi'n mullach orainn
 
Tá an sagart sin sáthach doscudhach le 'chuile dhuine ach leis an té atá ag tabhairt síneadh láimhe dhó go h-acht agus go h-áirid. Mo léan géar tá saint ins an airgead aige mar atá aca ar fad. Iad sin siar a bhíos ag caitheamh aige 'chuile lá ins an tseachtain cuirfidh mé mo rogha geall leat go bhféadfaidh siad damhsaí a bheith aca chuile uair a thogróchas siad é, agus nach mbacfar iad. Má bactar ní póilidhe ná sagart a dhéanfas é
 
Níl drabhlás airgid ar bith 'ar ndú is mó ná drabhlás cártaí. Is minic a chaill daoine a raibh istigh agus amuigh aca leo. Is minic a chuala tú ariamh faoi dhuine uasal a bháith a dhúithche an uair a bheadh an imirt ag dul in a aghaidh. Agus nar chuala tú freisin faoi'n bhfear a gheall a anam do'n Diabhal as ucht buadh imeartha a thabhairt dó
 
Cé hí an bhean mhór dhrad-gháireach a bhí i lár báire. Ba gheall le bean Gh. fadó í: G. an "jumper", má ba í a bhean fhéin chor ar bith a bhíodh ag imeacht ar stropa soir agus anoir annsin aige
 
Níl aon-fhear dhá bhfuil a dhranndal siúd aige nach fiú(mh) ór dó é. Strachlóchadh sé mart ó chéile. Is geall le "fú fá féasóg" fadó é
 
Níl rud ar bith dhá dtiocfaidh in a ghoire nach ndraoibeálfaidh sé. Is geall le sean-ghiorrán Achréidh é ag cur phuitighe in aer
+
dreach
Bhíodh dreach breagh snuadhamhail air sin roimhe seo, ach is geall le taisí anois é 'sábhálaidh Dia sinn! Is fear réidh é, ná fear ar bith eile a bhfuil a dhreach air.
TUILLEADH (1) ▼
Tá dreach uirre (ar an bhfairrge) ceart go leor indiu, ach is dreach sáthach colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois ins [an] áit a bhfuil na P., i leabaidh a dhul ar an meath mhóir, 'séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (currach) cho beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá droch-ghothadh ar an lá agus an fhairrge ro-ghúgach (guagach) ag currachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deire an lae in a ghairbhshion, agus ní éadáil mhór do churrach gairbhshion a theacht uirre leath-cuain. Fuair mise mo dhóthain de'n cheird sin cheana an lá ar shéid sé in a ghaoith adtuaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlóchadh muid len u (ar) marthainn. Thug muid an eang linn míle buidheachas le Dia, ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir
 
dream
Mara chéile 'chuile dhream go tóin aca. Geallfaidh siad an ghrian agus an ghealach duit nó go dteighidh siad isteach
 
dréim
Níl aon-tír, is cuma 'san diabhal cé'n tír í indon a dhul ag dréim leis an nGearmáin. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go sáróchaidh sí uiliog fós iad
 
Is geall leis an dreolán teasbaigh thú = duine roighin siléigeach
 
dris
Is geall le dris fhireann é tá sé cho coilgneach sin. Is deacair é siúd a bhearradh aon-uair. Sceannadóir ceart é. Rud ar bith nach bhfeilfidh dhá bhealach féin, níl aon-ghoir agad a shamhlú leis. Má shamhluigheann beidh rud ar a shon agad
 
Tá drillíní fola is 'chuile áit ort. Is geall le stealla t'éadan. Breagh nach ndearna tú réidhteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca forú!
 
Cé'n chaoi a mbeadh a fhios agadsa go mbeadh bradáin in a luighe ar an átha? Bhuel innseochaidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad in a luighe ar an láib … ag comhnuighe thíos ar an láib. An uair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoi'n domhain … b'fhéidir dhóib. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanuidheachan. Dá mbeidís in a sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
 
droch-
Níl faoi ach droch-ghealladh = níl aon-deághealladh faoi; is droch-údar é (fc. deá-ghealladh)